Thugamar éisteacht, rinneamar foghlaim agus anois táimid ar ais . . . Foinse, nuachtán as an nua agus barr feabhais air!
Beidh sé saor in aisce i bpáirtíocht leis an Irish Independent gach Céadaoin. In Foinse beidh fáil agat ar an nuacht is déanaí maidir le cúrsaí áitiúla, cúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, spórt, ceol, cúrsaí faisin agus taisteal.
Beidh forlíontaí nua oideachais do bhunscoileanna agus do scoileanna dara leibhéal ann agus i bhfad níos mó ná sin. Ná déan dearmad gur ar an gCéadaoin a bheidh Foinse istigh le do Irish Independent. Do thír féin, do nuachtán féin, do ‘Foinse’ féin.
Den teagmháil linn: nuacht@foinse.ie nó Foinse, Aerfort Réigiúnach Conamara, An Caislean, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, Éire.