Imeachtaí
Comórtas na mBrat
Tá deis ag clubanna óige na tíre páirt a ghlacadh i gcomórtas na nÓgchlubanna do Bhliain na Gaeilge agus duais iontach a bhuachan. Ní ga ach brat mór speisialta a chur le chéile i do Chlub le páirt a ghlacadh.
Céard atá le déanamh:
• Is gá lógó Bhliain na Gaeilge agus eolas ar thábhacht na Gaeilge do bhaill an Chlub a chur ar an mbratach mhór
• Is gá go mbeidh an brat ar a laghad 100cm ar leithead agus 100cm ar airde
• Is féidir grianghraf den bhrat a chur chugainn trínár suíomh gréasáin www.gaeilge2013.ie
nó é a chur chuig comortas@cnag.ie
Dáta tosaithe: 1 Feabhra 2013
Spriocdháta: 30
Tuilleadh...
Comórtas Seanfhocail
Táimid ag lorg scoileanna le seanfhocal traidisiúnta nó seanfhocal nua a léiriú i slí spraíúil, cliste, difriúil. Beidh daltaí in ann cur isteach ar an gcomórtas trí bhrí an tseanfhocail a léiriú le:
• físeán drámata nó
• amhrán nó
• mórshaothar ealaíne
Dáta tosaithe: 01 Eanáir 2013
Spriocdháta: 03 Bealtaine 2013
Beifear in ann gach iarratas a uaslódáil ar shuíomh Bhliain na Gaeilge ag www.gaeilge2013.ie ó 1 Eanáir 2013 ar aghaidh nó na hiarratais a chur sa phost chugainn
• Is féidir amhrán nó físeán a thaifead le físcheamara, fón
póca, iPad nó eile.
• Is féidir mórphíosa ealaíne a chur chugainn mar ghrianghraf Gach eolas ar fáil faoin gcomórtas seo ag www.gaeilge2013.ie
Tuilleadh...
Ceiliúradh Cainte
Dáta: Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2013
Am: Is féidir tosú aon am i rith an lae
Tréimhse: 12 uair a’ chloig
Aidhm:
Go spreagfar daoine, go háirithe daltaí scoile, tabhairt faoi dhúshlán
chun labhairt as Gaeilge amháin do lá iomlán sa bhaile, ar scoil, le siopaí
agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, sa chlub spóirt nó óige
agus eile!
Pacáiste Tacaíochta:
1. Cárta Urraíochta & eolas faoin gcarthanacht
2. T-Léine
3. Bileoga Fiche Frása
4. Treoracha do rudaí le déanamh roimh an lá, ar an lá & i ndiaidh an lae
Smaointe
• Déan bratfhógra mór & póstaeir don scoil
• Caith na t-léinte!
• Déan seoladh oifigiúil sa scoil
• Scríobh ar Facebook & Twitter
Tuilleadh...


Imeachtaí






