Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Máirt 18 Meitheamh 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí

Comóradh Éirí amach na Cásca sa bhliain 2016

Dá bhroidiúlaí an Rialtas ag tús na bliana nua ní fada go gcaithfidh siad aghaidh a thabhairt ar chomóradh céid Éirí Amach na Cásca in 2016. Is cinnte go mbeidh moltaí ag teacht chun cinn maidir leis na bealaigh ar cheart an ócáid a chomóradh agus a cheiliúradh. Bheadh moladh amháin agam féin, an spíce fada sin i lár Shráid Uí Chonaill a chaitheamh anuas agus píosa ealaíne a chur ina áit. Uair ar bith a dtéim thairis fiafraím dhíom  féin cén fáth agus cén chaoi ar cuireadh suas a leithéid de spliota, scléipeach, seafóideach.

 

Ar an gcéad dul síos níl sé ag réiteach dubh ná bán i mo thuairim leis na foirgnimh eile i Sráid Uí Chonaill, le Ard-Oifig an Phoist, ná le dreach ginearálta na bhfoirgneamh eile ar an tsráid bhreá seo. Níl sé ag réiteach ach an oiread leis na dealbha atá ar an tsráid le fada. I bhfocail eile níl sé ag réiteach le stair, le dreach cathrach ná le hatmaisféar Phríomhchathair na hÉireann.

 

Ar ndóigh cuireadh suas é in aimsir an Tíogair Cheiltigh nuair a bhí airgead fairsing agus é á chaitheamh go fánach. €4 mhilliún a chosain an spíce le cur le chéile agus le cur suas agus bíonn costais bhreise gach bliain á choinneáil glan agus á choinneáil lasta. De réir cosúlachta,imíonn na bolgáin atá thuas uachtarach air sách minic agus ansin ní mór craein nó crann tógála speisialta a thabhairt isteach i Sráid Uí Chonaill leis na bolgáin sin a athrú.

 

Airgead á chaitheamh go fánach arís agus gan é le spáráil anois faraor. Ar ndóigh ní shásódh spíce beag muid ag an am. Chaithfí ceann a chur suas a bheadh ní b’airde ná aon spíce eile ar domhan.

 

Ba chuma ach feictear dhom má bhí fíbín ar dhaoine spíce a chur suas, go mbreathnódh spíce beag thart ar chéad troigh ar airde i bhfad ní b’fhearr agus ní bheadh na costais chothbhála leath chomh

trom.

 

Ba chomhlacht Sasanach, Ian Ritchie Architects, a rinne an dearadh ar an spíce agus tá sé 398 troigh ar airde. Thosaigh ancomhlacht tógála SIAC á chur suas i Mí na Nollag 2002 agus bhí sé thuas ar an 21Eanáir, 2003.Ba é Joe Doyle a bhí ina Ard-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath nuair a roghnaíodh an spíce as na céadta iontrálacha agus ba é Bertie Ahern a bhí ina Thaoiseach. Anois agus an tír bánaithe is truamhéalach an éadáil an spíce seo a bheith ag seasamh i lár Shráid Uí Chonaill mar chomhartha dóchais i lár an éadóchais.

 

Molaim é a bhaint anuas agus píosa ealaíne a chur suas ina áit a bheadh ionadaíoch ar an tír ar fad, ar na tríocha dó contae agus a léireodh mian na bhfear agus na mban a throid i 1916 agus ag an am céanna a léireodh mian na ndaoine a shínigh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998, go mairfeadh gach aicme polaitiúil agus creidimh ar an oileán seo le chéile faoi bhrat sona na síochána.
Tuilleadh...

Colún: An Ghaeilge agus Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Céad Míle Fáilte go hÉireann

Níl sé éasca Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Caithfimid a bheith neamhchlaonta agus tuiscint a léiriú dár gcuid comhpháirtithe san Eoraip. Caithfimid a chinntiú go bhfuil na spriocanna don téarma seo bainte amach againn. Ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar an gComhairle ina hiomláine.  Mura ndéanfaimid é seo caillfimid an t-iontaobhas atá ag ár gcomharsana ionainn agus ní maith an rud é sin don tír. Mar sin féin, is Éireannaigh muid chomh maith le hEorpaigh. Tá rathúlacht na huachtaránachta ag brath ar Éirinn ag déanamh an rud is fearr a dhéanann sí, sin an tÉireannachas a léiriú. Tugann ócáid chomh mór seo an deis dúinn gach a bhfuil go maith agus uathúil sa tír a chur os comhair an tsaoil mhóir. Tá cáil na fáilte agus na féile orainn ar fud an domhain mhóir agus Céad Míle Fáilte luaite linn le fada an lá ach an féidir níos mó béime a leagan ar ár dteanga agus muid inár n-óstaigh faoi láthair?

Tar éis dom a bheith ag an ‘Citizen Dialogue’ i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, agus ag ‘Ireland 40 years on’ in Óstán Caisleán Cnucha, mar Gaeilgeoir nílim róchinnte. Imeachtaí Eorpacha iad seo ar nós na gceann eile ar fad i rith thréimhse na huachtaránachta. Tá 23 teanga oifigiúla san Eoraip, agus mar óstaigh caithfimid a bheith inár n-ionadaí don Eoraip ar fad agus ní hamháin dúinn féin. An Aoine seo caite i gCaisleán Cnucha, bhí toscairí in ann Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis a labhairt agus ba é an Béarla príomhtheanga an lucht freastail. Bhí aistriúchán comhuaineach á dhéanamh i mBéarla, Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis. Bhí mé in ann doiciméid, comharthaí agus dáileáin Bhéarla a léamh. Bhí clár an lae le fáil i dteangacha eile chomh maith. Ní fhaca mé an Ghaeilge in aon áit. Cheap mé go raibh sé seo suimiúil mar dá mbeadh eachtrannach ag breathnú ar shuíomh oifigiúil na huachtaránachta, bheadh sé den tuiscint go bhfuil an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla in Éirinn.

Tá leagan iomlán de eu2013.ie le fáil i nGaeilge, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Ar an suíomh faoi ‘I dtaobh na hÉireann’ tá mír ann mar gheall ar an nGaeilge. Déanann sé tagairt do stair na teanga, don chaoi ar tháinig meath uirthi agus na hiarrachtaí a rinne an rialtas an teanga a chaomhnú agus a fhorbairt. Deirtear ar an suíomh go bhfuil leibhéal éigin Gaeilge ag 40% den tír agus déanann sé tagairt don Straitéis Fiche Bliain atá ag an rialtas. Rud maith faoin mír seo ná bhfuil foclóir air a bheadh áisiúil don chuairteoir, mar shampla slán, céad míle fáilte, and sláinte. Mínítear focail a d’fhéadfaí a chloisteáil in Éirinn: seanad, oireachtas, gardaí srl.  Is maith ann iad na hiarrachtaí seo ar an suíomh ach feictear dom nach bhfuil na hiarrachtaí céanna ar bun ar an talamh.

Go dtí seo i mo thaithí féin, tá níos mó Gaeilge cloiste agam ó chuairteoirí ná mar atá agam ó Éireannaigh. Thosaigh Uachtarán Choimisiún na hEorpa, José Manuel Borroso, agus Luca Jahier, Uachtarán Ghrúpa 3 den EESC, roinnt aithisc le Gaeilge. Is léir go n-aithníonn daoine eile ár saintréithe agus go bhfuil meas acu orthu. Is é seans dúinn é seo ár n-íomhá a neartú agus a chur chun cinn. Tá teanga na Gaeilge mar chuid den íomhá sin. Bíonn tíortha eile san Eoraip bródúil as a gcuid teangacha féin agus taispeánann siad a saintréithe. Ba chóir dúinn an rud céanna a dhéanamh.

Níl mé ag súil go mbeadh an uachtaránacht trí mheán na Gaeilge. Tá an uachtaránacht seo faoi phobal na hEorpa agus is é an Béarla an teanga iasachta is coitianta atá ar bhéal na ndaoine.  Creidim go bhfuilimid in ann gach duine a thógáil san áireamh agus ár teanga féin a chur chun cinn ag an am céanna. Mar shampla rinne Bord Bia urraíocht ar an mbia an Aoine seo caite i gCaisleán Cnucha agus ní raibh ar aon duine ag insint dár gcuairteoirí cé chomh maith is atá ár gcuid bia, bhí siad in ann é a bhlaiseadh. Is iomaí imeacht a bheidh ar siúl i rith na huachtaránachta. Ina measc beidh Stair na gCeilteach i nGaillimh a thabharfaidh ardán d’ealaíona na nGaeltachtaí agus Guthanna na nOileán i gCorcaigh a dhíreoidh ar amhránaíocht thraidisiúnta na nGaeltachtaí. Tá na himeachtaí seo taobh amuigh Baile Átha Cliath, an áit ina bhfuil formhór na gcruinnithe á reáchtáil ach b’fhiú dúinn níos mó dár gcultúr agus dár n-oidhreacht a léiriú. Ba chóir dúinn an deis a thabhairt dár gcomhghleacaithe ón Eoraip ár gcultúr agus stair a bhlaiseadh in ionad cloisteáil faoi.

Is deis iontach dúinn é seo nach mbeidh arís againn go ceann ceithre bliana déag eile.  Ba chóir dúinn é a úsáid i gceart chun go mbainfimid ar fad taitneamh agus tairbhe as. Is féidir linn.

Clodagh Garry, YMIP.

Féach http://www.europeanmovement.ie/ymip/

Tuilleadh...

Jab maith á dhéanamh agaibh

Dia dhaoibh,

Aisling Ní Dhonnabháin is ainm domsa agus is dalta cúigiú bliana mé.

Bhí mé ag iarradh a rá libh go mbainim sult mór as foinse a léamh gach seachtain. Is cabhair mhór é dom agus mé ag ullmhú don ardteistiméireacht an bhliain seo chugann ach bainim taitneamh as na hailt eile atá ann chomh maith, go háirithe an t-alt a scríobhann Dáithí Ó Sé.

Mar sin go raibh míle maith agaibh as an nuachtán iontach seo a chur ar fáil agus lean oraibh leis an obair den scoth atá idir láimhe agaibh.

Tuilleadh...

Lá an Chomhlathais i mBÁC

Lá an Chomhlathais

Rinneadh Lá an Chomhlathais a cheiliúradh san Acadamh Ríoga Éireannach, Sráid Dawson, Baile Átha Cliath ar an Luan, an 11 Márta, le teacht le chéile a bhí eagraithe ag an ngrúpa, Reform Group. Bhí Mary Kenny, údar, colúnaí agus tuairisceoir clúiteach mar aoi ag an ócáid. Thug sí caint eolasach chuimsitheach agus leag sí amach na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Chomhlathais. Léirigh sí ar dtús an caidreamh idir an Rí Seoirse a cúig agus an t-ambasadóir Éireannach John Dulanty ag am na scoilte i 1949, cúis aiféala ar gach taobh a bhí i gceist go mór mhór idir na hAontachtaithe ó thuaidh. As sin amach, cuireadh leis an teannas idir na dreamanna seicteacha éagsúla ar an oileán.

Dúirt sí freisin gur chóir dúinn dearcadh níos leithne a dhíriú ar fud an domhain, mar shampla, na misinéirí Éireannacha a rinne sárobair ar fud na himpireachta, chomh maith leis an tSín, a d’fhág oidhreacht iontach go bhfuil cuimhne air ansin go fóill.

Mhaigh sí chomh maith nach iarimpiriúlachas atá i gceist anois ach grúpa deonach tíortha le córas dlíthiúil daonlathach.

Luaigh sí freisin naisc eile leis an Bhreatain mar rásaíocht chapall ar nós Cheltenham.

Chuir Bruce Arnold, údar agus colúnaí, Mary Kenny i láthair agus labhair sé faoi na healaíontóirí Éireannacha a chuaigh thar lear chun saoirse agus slí bheatha a bhaint amach. Mar shampla, Shaw, Joyce agus Lavery; mhaígh sé freisin scéal na mílte a thaistealaíonn go dtí an Bhreatain mar gheall ar chúrsaí clainne, spóirt agus trádála gach bliain.

I measc na ndaoine eile uaisle a bhí i láthair, bhí Cosmos Kimuati, Ambasáid na Céinia; Felix Y Pwol, Ambasadóir na Nigéire; an Seanadóir Seán Barrett, Coláiste na Tríonóide agus Susie Brown, Ceannasaí Cumarsáide Thionól Thuaisceart Éireann.

 

Peadar Ó Caiside
Tuilleadh...

Fógraí le droch-Ghaeilge i mBÁC agus eile

A Dhuine Uaisle,

Chonaic mé fógra in ospidéal i nDroichead Átha (sa limistéar feithimh sa Roinn Timpistí agus Éigeandála) le gairid agus chuir sé fearg agus NÁIRE orm. Níl mo chuid Gaeilge rómhaith ach léigh é seo; in ainm Dé léigh é.

If you think you may be pregnant, please tell the Radiographer before you have your X-ray.

Agus anois an leagan Gaeilge;

I gćas go bhfuil to ag iompar leanabh abair leis an Radiographer ná an banaltra raibh an X-ghatach.

Anois, in ainm Dé, cén chanúint í seo?

Séimhiú ar chonsain?

'to' in áit 'tú'?

'Leanabh' in áit 'leanbh'?

'Radiographer' in áit 'Raideagrafaí'?

'ná' in áit nó?

Raibh in áit 'roimh'?

Agus chonaic mé fógra eile ag an linn snámha poiblí i gCabháin. ‘Changing rooms’ – ‘seomraí ag athrú’. B’fhéidir go bhfuil 'taibhse torainn' san áit sin???

Agus é seo ar teorainneacha na Mhí 'Fáilte chuig an Mhí' - an bhfuil chuig an focal ceart sa chás sin (chuig cluiche, chuig cheolchoirm ach chuig áit????????). Mar a dúirt mé, níl mise i mo shaineolaí ACH, ag an am céanna, labhraím beagán Gaeilge.

Eoghan Ó Casaide.

Tuilleadh...

Molaim An Cumann Lúthchleas Gael

A Eagarthóir, a chara,

Bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael in Óstán Uí Aodha, i nDurlas Éile,Contae Tiobraid Árann sa bhliain míle ocht gcéad ochtó ceathair. Gluaiseacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta is ea é mar seachas in Éirinn, tá tionchar aige i Sasana, in Albain, sna Stáit Aontaithe agus san Astráil. Thosaigh aistear éachtach agus iontach an lá dár gcionn. Eagraíocht speisialta, forásach agus deonach a sholáthraíonn ceannasaíocht do mhuintir na hÉireann. Tá tionchar suntasach aige ar dhearcadh an phobail ar fud na tire agus ar fud an domhain, freisin.

Breathnaímis  ar an obair a dhéanann oibrithe deonacha  agus oifigigh na gclubanna ó bhliain go bliain. Tá ról níos tábhachtaí ann mar thimire ar chluichí; peil ,iomáint, camógaíocht agus liathróid láimhe. Tugann sé deis mhór do na himreoirí a bheith páirteach sna comórtais éagsúla. Féach ar na tionscnaimh atá críochnaithe agus na háiseanna sármhaith a sholáthraítear ar fud na tíre. Is fíor go bhfuil fís mhór ag an gCumann Lúthchleas Gael. Ná déan dearmad ar an tosaíocht a thugann na coiste feidhmiúcháin don chultúr i bhfoirm chomórtas Scór, ach oiread. Tugann sé aitheantas dár gcultúr i gcluichí ceannais peile agus iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i mí Mheán Fómhair, gach bliain. Tá ár bhféiniúlacht níos tábhachtaí san eagraíocht speisialta agus tá meas mór air, mar tugann sé sástacht áirithe don phobal agus do mhuintir na hÉireann, freisin. Sháraigh se dúshláin éagsúla thar na blianta agus chomhdhlúthaigh sé a staid, gan dabht. Táim cinnte go bhfuil an todhchaí níos gile agus creidim, go bhfuil dearcadh dearfach ag an ngluaiseacht ceannródaíoch seo.

Tá an séasúr críochnaithe arís agus tá muinín agam go bhfuil an lucht leanúna ag fanacht go díograiseach ar an samhradh, ar na Cluichí Ceannais agus na coimhlintí diana atá ag teacht. Beidh sceitimíní áthais ann. Molaim iarrachtaí na ballraíochta agus na n-imreoirí ar fud na tíre agus deirim: ””Cumann Lúthchleas Gael go deor na ndeor.”

Liam O’Riain,

Beal Átha hAmhnais

Tuilleadh...

An Coir: Dán ó dhuine de léitheoirí 'Foinse'

Seo a leanas dán a seoladh isteach chugainn:

 

An Coir

Níl mórán arthú tagtha

Tríd na blianta,

An láidir ag luigh ar an lag

Díreach mar a bhí.

 

Tá an deoir deireadh le tabhairt

Ag lucht an faraor gear.

“Tá muid uilig ann in éineacht”

Dúirt an rialtóir, ansin dúirt

“Tá muid san áit ina bhfuil muid”.

 

Tá páistí sa tír anocht

Airdeallach ar céard atá,

Bhfuil cuir éigint déanta acú

Ag fágáil a muintir gann.

 

Na gambiní a rinne an coir

Ní iad atá ag ioc an luach,

Ach na teallaigh atá gan teas

‘S atá anocht sa bhfuacht.

 

Le Paddy Mhéime Connamara

Tuilleadh...

Plaic nochta in onóir do laoch mór rugbaí Thír Chonaill

Bhí ócáid stairiúil i Leitir Ceanainn le gairid nuair a nocht an |t-iar All Black cáiliúil Bryan Williams, plaic in onóir do Dave Gallaher an t-imreoir iomráiteach rugbaí a rugadh i Ráth Mealtain, Tír Chonail, sa mbliain 1873 agus a bhfuil ómós mór dó i dtír a dhídine, an Nua- Shéalainn, go dtí an lá atá inniu ann.
Ní raibh Gallaher ach thart ar chúig bliana d’aois nuair a shocraigh a mhuintir go bhfágfaidís Ráth Mealtain le saol níos fearr a dhéanamh dóibh féin thall sa Nua-Shéalainn. In Auckland a shocraigh siad síos agus b’ansin agus é ag éirí aníos a thosaigh Dave Gallaher ag imirt rugbaí. Ba i 1905 a baisteadh na All Blacks ar fhoireann náisiúnta na Nua-Shéalainne agus ba é Gallaher a gcéad chaptaen.
Díreach roimh an gComórtas Rugbaí Domhanda in 2011 nochtadh dealbh ina onóir taobh amuigh de Eden Park in Auckland agus insealbhaíodh san IRB ‘Hall of Fame’ é.
De réir cosúlachta, |b’ iontach an t-imreoir a bhí ann agus bhí sé ar dhuine de na daoine ba chionsiocair gurb é rugbaí spórt náisiúnta na Nua-Shéalainne. Tríocha trí uair ar fad a d’imir sé leis an Nua- Shéalainn, seacht |n-uaire fichead acu sin ina chaptaen. Ba é a scríobh an leabhar traenála The Complete Rugby Footballer, leabhar a mbaintear úsáid as go dtí an lá atá inniu ann. Níl baol ar bith nár fhág Dave Gallaher lorg a láimhe ar chúrsaí rugbaí na Nua-Shéalainne agus nach iontach go |mbeidh a thionchar le feiceáil anois thuas i dTír Chonaill ina cheantar dúchais.
moladh mór ag dul don Chlub Rugbaí agus do Chumann Lúthchleas Gael Leitir Ceanainn as ucht a theacht le chéile roinnt blianta ó shin leis an bhfiontar seo a chur chun cinn. Shocraigh siad páirceanna imeartha agus clubtheach a thógáil a bheadh in ann freastal orthu araon agus beidh clubanna eile as an gceantar in ann úsáid a bhaint as na háiseanna breátha freisin. Ní neart go cur le chéile.
Thug grúpa de na All Blacks agus a gcaptaen Tana Umaga cuairt ar an suíomh seo thart ar seacht mbliana ó shin agus thiomnaigh na páirceanna rugbaí do Dave Gallaher. Thugadar cuairt ar an áit ar rugadh é i Ráth Mealtain freisin agus ba scéal mór le rá a bhí ann ag an am ar fud an domhain. Anois, seacht mbliana ina dhiaidh sin tá áiseanna breátha curtha ar fáil do rugbaí agus do chluichí Lúth Chleas Gael san áit seo ar chostas €1.5 milliún.
Ceathracha ceathair bliain d’aois a bhí Dave Gallaher nuair a bhásaigh sé. Is amhlaidh gur liostáil sé san arm nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach agus maraíodh é in Passchendale sa mBeilg ag troid do na comhghuaillithe ar an |3 Deireadh Fómhair, 1917.

Tuilleadh...

Josie Sheáin Jeaic: Is cinnte nach ón ngaoth a thug sé é

Mar a deireadh an sean dream fadó, ‘ní ón ngaoth ná ón ngrian a thug sé é’.  Go deimhin bhí an saibhreas fonnadóireachta, ceoil, seanchais agus scéalaíochta mórthimpeall  air ar fud Iorras Aithnigh agus é ag éirí aníos.  Ní raibh i bhfad le dhul aige ach an oiread.  Ar leic an teallaigh bhí a athair Seán Jeaic Mac Donncha, fonnadóir breá a raibh stór mór amhrán aige agus ar tugadh craobh an Oireachtais dó  i 1943.

Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha  ón Aird Thiar, Carna atá faoi chaibidil agam, fear ar bronnadh Céim Mháistreachta Oinigh air le gairid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Ba mhaith an oidhe air é. Dé hAoine seo chugainn in Óstán Chuan Charna, ag a 9.00, beidh oíche mhór cheoil agus amhránaíochta á heagrú ag Coiste Eagrúcháin Fhéile Chomórtha Joe Éinniú in onóir do Josie, fear a ghnóthaigh príomhdhuais an Oireachtais i 1971 nuair a thug sé leis Corn Chomhlacht an Oideachais, agus arís i 1978 agus 1982 nuair a bronnadh Corn Uí Riada air.

Thosaigh Josie Sheáin Jeaic ag gabháil fhoinn go poiblí agus é ina dhéagóir ag Feis Charna agus bhí sé ag casadh ag an Oireachtas agus é sna fichidí. Chomh maith lena athair féin bhí scoth na bhfonnadóirí mórthimpeall ar leic an dorais aige le comhairle a chur air – leithéidí Seán ‘Ac Dhonncha, Dara Bán Mac Donncha,  Michael Mháire Ghabha Ó Ceannabháin agus ar ndóigh an máistir mór é féin Seosamh Ó hÉanaí.  Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chuir.

Shiúl Josie áiteacha go leor agus é i mbun a chuid fonnadóireachta.  Thaisteal sé le Comhaltas Ceoltóirí Éireann go Sasana agus go hAlbain mar chuid de Chuairt na bhFilí agus  chuaigh sé chomh fada ó bhaile le Libia ag gabháil fhoinn i 1976, arís le Comhaltas.  Bhí baint aige le bunú Cumann Amhránaíochta Iorras Aithneach – seisiún amhránaíochta agus ceoil a reáchtáiltear i gCarna ar an Satharn deireanach de gach mí.

Tá dhá mhór thaifead déanta aige:  Josie Sheáin Jeaic (Cinq Planets, 2000) agus Ó na Sceirdí Aniar (Gael Linn, 1987).  Bhí páirt aige sa scannán The Irishman – An Impression of Exile, a rinneadh sna seachtóidí agus sa tsraith Atlantean a rinne Bob Quinn sna hochtóidí agus bhí sé ina amhránaí cónaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 2003 – 2004.  Ar ndóigh is iascaire freisin é agus tá sár eolas aige ar oileáin agus ar charraigreacha an cheantair agus ar an seanchas agus na scéalta a bhaineann leo.

Marcus Ó hIarnáin agus a chlann ceolmhar as Roisín na Mainíoch, Carna a chuirfidh an tsiamsaíocht ar fáil don oíche agus beidh neart damhsa freisin ann ó bheirt de chlannmhac Mharcuis,  seaimpíní an Oireachtais, Breandán agus Proinsias.  Beidh saor chead isteach agus sólaistí ar fáil.  Tá cuireadh oscailte faighte ag amhránaithe ar fud na tíre a bhfuil suim acu sa sean-nós chun na hócáide seo, a thabharfaidh aitheantas don fhear seo atá ar dhuine de phríomhamhránaithe sean-nóis na tíre agus a bhfuil tuiscint dhomhain aige ar  ealaín an tsean-nóis  agus gach a mbaineann léi.

Tuilleadh...

Leathanach 1 as 24

Suirbhé

An mbíonn tú i mbun obair dheonach?





Torthaí

Twitter