Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Díospóireacht na Seachtaine Níor cheart don rialtas fáil réidh leis na sóchmhainní stáit

Níor cheart don rialtas fáil réidh leis na sóchmhainní stáit

Ríomhphost Priontáil PDF

I bhfabhar:

Níor cheart don rialtas sochar linbh a ghearradh ach rinneadh amhlaidh. Níor cheart don rialtas an pinsean stáit a laghdú ach tiocfaidh laghdú suntasach air gan mhoill. Níor cheart don rialtas na gealltanais réamhthogháin a bhriseadh ach bhris agus brisfidh arís eile. Is cur amú ama é a rá nár cheart don rialtas a dhath a dhéanamh nó is cinnte go ndéanfaidh siad cibé rud is gá le muintir Troika a shásamh. Cosúil le páiste dána, tá Enda Kenny ina sheasamh in oifig ardmháistir an CAI ag iarraidh fionraí ó scoil na hEorpa a sheachaint. Cinntítear ag achan uile cruinniú go ndéanfaidh rialtas na hÉireann a sheacht ndícheall coinníollacha na tarrthála a chomhlíonadh, beag beann ar leas mhuintir na hÉireann. D’fhógair an rialtas go raibh sé mar straitéis acu poist a chothú ach ag an am chéanna tá siad ag déanamh socraithe chun an BSL a phríobháidiú, rud dar ndóigh a chuirfidh go mór le líon na ndífhostaithe sa tír seo.

Chinntódh príobháidiú saibhreas do cheannasaithe an chomhlachta amháin. Chinntódh príobháidiú go mbeadh a thuilleadh brú ar scuainí an dóil. Chinntódh príobháidiú go mbeadh laghdú ar chumhacht an rialtais. Nach aisteach go bhfuil an tAire Cumhachta, Pat Rabbitte, ag tacú lena leithéid de phlean nó ní bheidh aon ghá lena phost féin nuair a dhéanfar comhlacht príobháideach den BSL? Tiocfaidh ardú ar rátaí, ní ar leas an phobail nó ar leas na seirbhíse, ach ar leas phócaí na bainistíochta amháin. Is léir go bhfuil an rialtas ag lorg airgid ó áit ar bith ar féidir leo teacht air. Déanfaidh príobháidiú brabús éigin don rialtas inniu ach déanfaidh sé dochar mór dóibh amárach! 

Méabh Ní Thuathaláin
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

 

Tá imní orm gur drochbhotún amach is amach a bheidh in aon sóchmhainn stáit a dhíol, mas rud é go bhfuil bealach éalaithe ón gcontúirt in aon chor againn, chun dul chun cinn sa saol. Ní dhéanfaidh sé an gnó! Níl ach a bprintíseacht á cur isteach ag an rialtas nua seo. Táid glas ar a n-obair agus nílím ná cuid de shásta leo.

Is léir nach bhfuil fonn mór foghlama orthu. Mas buan mo chuimhne féin, tá an fhianaise uile á cur le chéile le cruthú go ndáanann díolachán chomhlachtaí stáit fleá agus féasta do thomhaltóirí sóchmhainní. Ach bheadh muintir na hÉireann fágtha dorcha gan an ESB), fuar gan Bhord Gáis nó Coillte, agus iad lom gan duilliúr ar gach bealach arís!

An bhfuil cúinsí EIRCOM agus an deis a cailleadh leis an táirgeadh siúcra le déanaí imithe as a gcuimhne ar fad, nó an bhfuil siad ag cailleadh a gcéill agus a gcéadfaí? Caithfidh an rialtas ár bhfód a sheasamh, cúl a choinneáil ar lúbadh faoi bhrú an IMF agus an ECB ár gcomhlachtaí stáit luachmhara a dhíol nó iad a ligean ar léas fadtéarmach. Ba chóir go dtabharfaidh an rialtas faoi thaighde chun cur leis na sóchmhainní luachmhara seo nó na cinn atá caillte go hamaideach a leasú. Anois nó riamh an t-am!

Cristíona Ní Shé
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 


Gan dabht níor cheart don rialtas fáil réidh leis na sóchmhainní stáit. Tá a fhios agam go bhfuil fiacha móra le híoc againn, ach ní aontaím gur chóir dúinn na sóchmhainní stáit a dhíol chun an fhadhb sin a réiteach. Dá ndíolfadh an rialtas na sóchmhainní seo, chuirfeadh siad a bhfadhbanna ar an méar fhada i gcomhair tréimhse eile, ach thiocfadh siad ar ais gan mhoill, agus bheadh ar an rialtas déileáil leis na fiacha ansin. Tuilleann na sóchmhainní sin airgead. Tá comhlachtaí néamhspléacha ag iarraidh na sóchmhainní stáit a cheannach mar tuigeann siad go mbeadh siad in ann brabús a bhaint astu, ach dá mbeadh na sóchmhainní céanna ag an rialtas, bheadh siadsan ábalta brabús a bhaint astu go deo.  Tá fadhbanna airgeadais againn faoi láthair, ach ní bheidh siad againn go deo, agus beidh an t-airgead agus an brabús ó na sóchmhainní stáit uainn i gcónaí. Caithfimid gearradh siar ar roinnt seirbhísí, ach níor cheart don rialtas sóchmhainní stáit a dhíol agus an t-airgead sin a thabhairt go sealbhóirí bannaí ó bhainc gan pingin rua nó é a chaitheamh ar bhónais a thabhairt do státseirbhísigh. Ní bheidh an cúlú eacnamaíochta seo againn go deo, agus dá fhaid é an lá tiocfaidh an tráthnóna. Beidh an t-airgead ó na sóchmhainní stáit uainn gach tráthnóna amach anseo.

Daire Ó Braonáin
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

I gcoinne:

Tá an tír ina praiseach cheart faoi láthair: fiacha móra, dífhostaíocht fhorleathan agus daoine óga ag dul ar imirce. Tá gach duine, an rialtas agus gnáthmhuintir na tíre araon, ag iarraidh na fadhbanna seo a réiteach chomh luath agus is féidir, ach faraor níl gach éinne ar aon intinn conas is féidir é seo a dhéanamh. Rogha amháin chun cúid d’fhiacha na tíre seo a ghlanadh ná roinnt chomhlachtaí stáit agus leathstáit a dhíol le hinfeisteoirí idirnáisiúnta. Tá an scéal amuigh go bhfuil an rialtas faoi bhrú fáil réidh le comhlachtaí ar nós ESB, Aer Lingus agus Bord Gáis san am atá romhainn seachas iad a choinneáil faoi stiúir an Stáit.

Is í mo thuairim gur réiteach maith é seo toisc go bhfuil cuid de na comhlachtaí stáit ag cailleadh a lán airgid bliain i ndiaidh bliana agus níl na polaiteoirí ag dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá an rialtas ag cur airgid amú ar chomhlachtaí neamhbhrabúsacha nach mairfeadh gan síneadh láimhe ón Stát. Mar sin, ní mór scar le scaireanna na gcomhlachtaí seo chun airgead práinneach a bhailiú don Státchiste. Deirtear go bhfuil an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisúnta agus an tAontas Eorpach ag iarraidh go ndíolfaidh an rialtas a gcuid sóchmhainní stáit go luath agus i mo thuairimse ní smaoineamh maith é fearg a chur orthusan i láthair na huaire!

Áine Keegan
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 10 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 11 hours ago