Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Díospóireacht na Seachtaine Ba cheart don rialtas ambasáid a choinneáil sa Vatacáin.

Ba cheart don rialtas ambasáid a choinneáil sa Vatacáin.

Ríomhphost Priontáil PDF

I bhfabhar:

 Tá tábhacht stairiúil ag baint le hambásáid na hÉireann sa Vatacáin. Is ann ar tógadh na chéad chéimeanna chun caidreamh taidhleoireachta an tSaorstáit úr a chur i bhfeidhm sna 1920í. Is deacair a shamhlú nach mbeidh guth na tíre seo le cloisteáil i measc dhíospóireachtaí taidhleoireachta na Vatacáine a thuilleadh ach má éiríonn le cinneadh an rialtais, sin mar a bheas.

Sílim féin go ndearnadh an cinneadh i dtaobh dhruidim na hambásáide faoi dheifir agus gan bhunús ceart. Dar le hEamon Gilmore, is ar mhaithe le sábháil airgid a rinneadh an cinneadh seo. Ní thuigim cén fáth ar spreagadh an rialtas chun sábháil bhliantúil de €650,000-€700,000 a dhéanamh le druidim na hambasáide nuair nach ionann an méid sin agus pacáiste scoir roinnt de na státseirbhísigh is fearr as sa tír. Tá mé lánchinnte de go dtiocfadh leis an rialtas sábháil i bhfad níos éifeachtaí a dhéanamh agus an tuarastal s'acu féin a ghearradh.

Is léir nach polasaí eacnamaíochta amháin atá i gceist leis an chinneadh seo. I ráiteas cáiliúil de chuid an Taoisigh, lochtaigh sé an Vatacáin go láidir as an dallamullóg agus as an chur i gcéill a rinneadh maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí mar a sonraíodh i dTuarascáil Chluana. Bhí pobal na hÉireann go mór i bhfách leis an mhéid a dúirt sé ach seans go ndeachaigh an Taoiseach thar fóir fáil le druidim na hambasáide. Is léir go ndearnadh dearmad ar chodán den phobal Caitliceach atá go mór ina choinne agus codán eile den phobal a cheistíonn bunús an chinnidh. Ba cheart do rialtas na hÉireann ambasáid a choinneáil sa Vatacáin go dtí go ndéantar athbhreithniú cuimsitheach ar na fírící i leith agus in éadan an chinnidh seo.

 Méabh Ní Thuathaláin
Béal Feirste
(MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge)

 

 

I gcoinne:

€845,000 an praghas ar ambasáid a reachtáil sa Vatacáin dar leis na fíricí is déanaí. Is é sin le rá gur chosain an ambasáid seo €70,135,000 ina iomláine. Tá na línte dóil ag fás agus tá ioncam na n-oibrithe á ísliú mar gheall ar an gcáin bhreise a cuireadh ar mhuintir na tíre seo le blianta beaga anuas. Is tír 0.44 km2 í an Vatacáin atá lonnaithe sa Róimh, áit a bhfuil ambasáid eile ar fáil d’aon saoránach Éireannach atá i bponc, rud a thugann le fios nach bhfuil an ambasáid sa Vatacáin ag teastáil. Tá seanchaidreamh idir Éirinn agus an Vatacáin agus tuigtear do gach éinne gur tír thar a bheith Caitliceach a bhíodh in Éirinn ar feadh na mblianta agus go raibh dílseacht de shórt i gceist maidir le hambasáid a bhunú sa Vatacáin ar an gcéad dul síos.

 Sa lá atá inniu ann is siombal den chaimiléireacht, den fhulaingt agus den seansaol í an Vatacáin agus ba chinneadh d’aon ghuth a rinneadh i measc na bpolaiteoirí chun an ambasáid seo a dhúnadh. Cé gur aontaíodh gur chóir an ambasáid a dhúnadh, chuir an Taoiseach an-bhéim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh atá ag Éire leis an Vatacáin. Tá cuireadh tugtha don Phápa Benedict teacht go hÉirinn don Chomhdháil Idirnáisiúnta Chorp Chríost a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh. Beidh fáilte roimhe go hoifigiúil ach gan aon aitheantas a thabhairt do na mílte íospartaigh a d’fhulaing  de thoradh a eaglaise agus gan fhreagracht a ghlacadh don uafás a cruthaíodh ní bheidh céad míle fáilte cháiliúil na n-Éireannach á fáil aige. Tá an dualgas spioradálta a mhothaigh na hÉireannaigh don Eaglais Chaitliceach marbh, mar aon le haon chúis phraiticúil a bhí ann chun ambasáid a reachtáil sa chríoch sin. Níor fhiú riamh an t-airgead é agus cinnte ní fiú anois é.

 Niamh Ní Chadhla
Baile Átha Cliath
(MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge)

 

Chasfadh Éamon de Valera agus an tArdeaspag John Charles McQuaid san uaigh, dá gcloisfidís gur dhúnamar ambasáid na hÉireann sa Vatacáin. Bhí an Eaglais Chaitliceach mar cheannaire mhorálta na tíre seo ar feadh na mblianta, agus thaispeánamar ár ndílseacht don eaglais leis an ambasáid sa tír sin. Níl an chumhacht chéanna ag an Vatacáin a thuilleadh áfach agus, níos tábhachtaí ná sin, ní haon bhuntáiste é dúinn ambasáid a choinneáil sa stát sin. An príomhról atá ag ambasáidí ná trádáil a chur chun cinn sna tíortha ina bhfuil siad lonnaithe, ach ní bhíonn aon trádáil againne leis an Vatacáin. Mar sin comharthacht don Eaglais Chaitliceach atá i gceist leis an ambasáid seo in ionad caidrimh phraiticiúil.

 Tá a fhios agam go bhfuil an Caitliceachas mar phríomhreiligiún na tíre fós, ach níl an rialtas ag scriosadh an chaidrimh leis an Vatacáin. Tá ambasáid againn sa Róimh agus déanfaidh an t-ambasadóir sin obair ar son na hÉireann sa Vatacáin as seo amach. Faoi láthair, is ambasadóir é don Iodáil, do Shan Mhairíne agus don Mhálta, agus is dóigh liom go mbeadh sé in ann déileáil leis an tír is lú ar domhan chomh maith. Tá fiacha ollmhóra againn agus caithfimid airgead a shábháil, go háirithe i gcás rudaí nach dtuilleann airgead don rialtas.

 

Daire Ó Braonáin
Baile Átha Cliath
(MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge)

Mí na Samhna seo caite d’fhógair an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, go raibh ambasáid na hÉireann sa Vatacáin le dúnadh mar gheall ar chúrsaí airgeadais. Ar ndóigh, bhí lucht na heaglaise i gcoinne an chinnidh seo toisc go raibh siad ag iarraidh caidreamh láidir a choinneáil idir an tír seo agus an Eaglais Chaitliceach. Thug an rialtas lánchead don Aire Gilmore an cinneadh seo a dhéanamh. Mar sin, cén fáth an bhfuil lucht Fhine Gael ag iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal anois? Is léir go bhfuil eagla ar pholaiteoirí na tíre seo fearg ar bith a chur ar an Eaglais Chaitliceach agus dá bharr sin tá siad ag geilleadh dóibh.

 Is í fírinne an scéil ná go raibh Ambasáid Éireannach sa Vatacáin ó 1929 go dtí an bhliain seo, ach ní mór do pholaiteoirí a thabhairt faoi deara nach bhfuil mórán suime ag formhór na ndaoine sa tír seo san eaglais a thuilleadh. Níl siad ag iarraidh airgid phoiblí a chaitheamh chun creideamh amháin a chur chun cinn thar aon cheann eile. Dúnadh an ambasáid ar mhaithe le beagnach milliún euro a shábháil in aghaidh na bliana, agus cinnte, b’fhéidir nach mórán airgid é sin i gcomparáid le fiacha móra na tíre seo faoi láthair, ach cuireann gach rud le caiteachas an Stáit. Is deacair a shéanadh go mbeadh an t-airgead seo níos úsáidí in ár n-ospidéil agus in ár scoileanna seachas thar lear. Ní mór don rialtas ciorruithe a dhéanamh i ngach earnáil i láthair na huaire -ambasáidí gan ghá san aireamh.

Áine Keegan
Baile Átha Cliath
(MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge)

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 10 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 11 hours ago