Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 27 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Díospóireacht na Seachtaine Níl mórán curtha i gcrích ag an rialtas nua le blian anuas

Níl mórán curtha i gcrích ag an rialtas nua le blian anuas

Ríomhphost Priontáil PDF
I bhfabhar:

Is beag a rinne an rialtas ó tháinig siad i gcumhacht i ndiaidh an olltoghcháin i mí Feabhra na bliana seo caite. Níl ‘Plean Cúig Phointe’ Fhine Gael le sonrú go fóill. Is éard a bhí sa phlean sin ná:

  1. Poist a chrúthú agus a chosaint;
  2. Cóimeádfar cánacha íseal agus laghdófar caiteachas poiblí;
  3. Cuirfear rialtas níos lú agus níos fearr ar fáil;
  4. Cruthófar córas sláinte nua atá níos cothroime agus níos éifeachtaí;
  5. Athchóireofar an córas polaitiúil agus rachfar i ngleic le cairdeas fabhair.

Ba bheag nó ba mhór a d’aontaigh Páirtí an Lucht Oibre leis an bplean seo lena bpolasaithe fostaíochta, athchóirithe agus cothromaíochta a d’fhoilsigh siadsan roimh an olltoghchán.

Theip ar an rialtas poist a chosaint áfach agus níl siad ag crúthú dóthain post nua. Tá níos mó ná 14% de dhaonra na tíre ar an dól. Ach, tá an figiúr don dífhostaíocht níos airde leis an méid duine atá imithe ar ais sa chóras oideachais nó ar imirce.

Laghdaigh an rialtas an caiteachas poiblí, ach ar chostas mór don phobal. Níor ardaigh siad cáin ioncaim ach leis an méadú ar CBL íoctar níos mó cánach go háirithe ag na daoine is boichte. Tá an córas sláinte neamhchothrom do dhaoine a chuireann a n-árachas sláinte ar ceal toisc go bhfuil sé róchostasach dóibh anois. Níor chur an rialtas deireadh le quangos seachas iad a chur le chéile nó a gcuid ainmneacha a athrú.

Is mór an trua nach ndearna an rialtas níos mó ná mar a rinne siad le bliain anuas ach tá súil agam go mbeidh an todhchaí níos dearfaí leis an bplean nua a d’fhógair siad an tseachtain seo caite.

Pádraig Stewart as Baile Átha Cliath
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge




Is mó an dochar atá déanta ag an rialtas le bliain anuas. Aithním téama leanúnach a shníonn trí spriocanna Fhine Gael agus is é sin gur tugadh neamhaird iomlán orthu. Seo thíos na cúig phointe atá leagtha amach i bhforógra Fhine Gael a foilsíodh ar an 11ú Feabhra 2011:

1.Cabhrófar le postanna a chosaint agus a chruthú.

A mhalairt atá fíor! Tá líon na himirce ag leibhéal níos airde ná mar a bhí sna 1980í. Fiú agus líon na himirce chomh hard sin, tá 14% den daonra fós ag brath ar an dól. Is amhlaidh go gcuirfear leis an chéatadán sin má leanann siad ar aghaidh le plean príobháidithe s'acu agus má imíonn 25,000 fostaí ón tseirbhís phoiblí sna trí bliana atá romhainn.

2. Coimeádfar cánacha íseal ach laghdófar an bhearna sa chaiteachas poiblí.

Dhearmad siad a rá linn go mbeadh an t-airgead bainte ó na daoine is boichte sa tír leis an sprioc seo a chinntiú. Dhearmad siad a rá linn go mbeadh scoileanna tuaithe á ndruidim, go gcuirfí cáin tithíochta agus táillí uisce i bhfeidhm agus nach mbeadh aon mheastachán ar ioncaim daoine ina leith.

3.Cuirfear rialtas níos fearr agus níos lú ar fáil.

barraíocht ionadaithe fós in Éirinn idir Théachtaí Dála agus chomhairleoirí áitiúla. Níl smacht ar bith ag na comhairlí áitiúla ar chaiteachas s’acu agus tá an Taoiseach ag leanúint nósanna Fhianna Fáil go fóill maidir le bónais mhóra a thabhairt do chomhairleoirí an rialtais.

4. Cruthófar córas sláinte iomlán nua atá níos cothroime agus níos éifeachtaí.

Tá an corás lochtach ann go fóill.  Is léir go bhfuil lucht na tuaithe ag fulaingt ní bá mhó de thairbhe dhruidim na n-ospidéal réigiúnacha timpeall na tíre.

5. Athchóireofar an córas polaitiúil chun deireadh a chur le caighdeáin ísle.

Is beag atá déanta ó thaobh athchoiriú an rialtais de agus níl amhras ar bith orm ach go bhfuil an caighdeán rialaithe an-íseal ar fad!

Méabh Ní Thuathaláin as Béal Feirste
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

 

 

Táim i bhfabhar an rúin seo. Nuair a tháinig an rialtas nua chun cinn bliain ó shin, níor toghadh Fine Gael agus an Lucht Oibre bunaithe ar na polasaithe nó na geallúintí a bhí acu.

Is éard a bhí i gceist ag muintir na hÉireann a dhéanamh ná an ruaig a chur ar Fhianna Fáil ón rialtas i ndiaidh an ceap magaidh a rinneadar leis na blianta anuas. D'úsáid Fine Gael meon na tíre chun tacaíocht a fháil agus thugadar le fios dúinn nach bhfaighfeadh na bancanna pingin rua eile uainn. Bhí Enda Kenny agus Eamon Gilmore le tabhairt faoi chainteanna nua leis an IMF agus a leithéid ach bliain níos déanaí táimid sa bhád céanna go fóill. Bhí ar Michael Noonan, an tAire Airgeadais, buiséad a chur chun cinn i mí na Nollag a bhí ar an gceann ba shearbha dá bhfeiceadh riamh. Tháinig ciorruithe isteach ar na liúntais scoile, leanaí, cíos, breosla, mhíchumais agus tuistí aonair.

D'fhéach mé ar chlár Séan O'Rourke, The Week in Politics, ar an Domhnach, agus bhí an tAire Stáit Brian Hayes mar chuairteoir ar an gclár. Chuile uair ar tugadh seans dó labhairt, thug Hayes an fógra go raibh an rialtas ag díriú ar phostanna a chur chun cinn i mbliana. Cé go bhfuil postanna á gcruthú anseo is ansiúd, bíonn scéalta gruama le cloisteáil gach seachtain mar gheall ar eile atá le dúnadh ina gcaillfear na mílte poist. Feicimid ar an nuacht gach lá cad atá ag titim amach sa Ghréig mar gheall ar na coinsí díbhoilscitheacha atá gearrtha ar mhuintir na tíre. An t-aon difríocht idir eadrainn ná nach bhfuilimid amuigh ar na sráideanna ag déanamh círéibeacha. Bliain ar aghaidh ón olltoghchán agus feictear an éifeacht atá ar na ciorruithe agus an déine atá á gearradh sa tír seo sa ghanntanas post agus sa ráta eisimirce. Is cinnte go bhfuil tréimhse chneasteachta an rialtais seo thart ar aon chuma.

Marc Ó Fearáin as Baile Átha Cliath
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

 

I gcoinne:

B’fhurasta a rá nach bhfuil faic déanta ag an rialtas le bliain anuas toisc nach bhfuil réiteach faighte acu ar chuile fhadhb sa tír go fóill. Tá sé éasca dearmad a dhéanamh, áfach, go raibh na fadhbanna céanna ann sular tháining an rialtas nua i gcumhacht ag tús mhí an Mhárta seo caite. Mar sin, ní féidir an locht ar fad a chur ar ár gceannairí reatha - ní haon ribín réidh é a bheith i gceannas ar thír, go háirithe i rith chúlú eacnamaíochta.

Is annamh nach ndéantar mionscrúdú ar chinntí an rialtais, go háirithe nuair a bhíonn anró ag baint le saol na ndaoine, ach tá leathlámh an rialtais ceangailte faoi láthair. Rinne an t-iar-rialtas cinneadh tromchúiseach chun tarrtháil airgid a fháil de bharr na géarchéime airgeadais agus ní mór don rialtas reatha cinntí deacra a dhéanamh dá bharr. Ní mór dóibh ciorruithe móra a chur i bhfeidhm chun fiacha na tíre a aisíoc ach gach uair a fhógraítear ciorruithe nua bíonn daoine ag gearán fúthu gan stad gan staonadh.

Cinnte, is Bleá Cliathach ó dhúchas mé féin agus níl taithí agamsa ar tháillí umair sheipteacha nó ar scoileanna iargúlta a dúnadh, ach dar liom féin gur tréimhse róghearr í bliain amháin chun mórán a chur i gcrích. Fós féin tá roinnt mhaith athruithe déanta ag an rialtas cheana féin, cuir i gcás, leas sóisialta fial flaithiúil na tíre seo a ghearradh siar faoi dheireadh. Chun an fhírinne a rá, ní bhíonn mórán muiníne agam féin as polaiteoirí de ghnáth, ach tuigim a gcás agus géarchéim gheilleagrach i réim ar fud an domhain.

 

Áine Keegan as Baile Átha Cliath
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An gcaithfidh tú vóta i reifreann an chonartha fhioscaigh ar an 31 Bealtaine?




Torthaí

Twitter

 
Foinse An tríú duine gafa maidir le corp fir a aimsíodh i bPort Láirge - http://t.co/STRjZgkp - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 8 hours ago
 
Foinse Ba chóir do SIPTU vóta i gcoinne an reifrinn a mholadh anois – Ó C - http://t.co/11YpMSbv - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 8 hours ago