Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 18 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Díospóireacht na Seachtaine Ní réiteoidh fógairt na gcalraí fadhb na hotrachta

Ní réiteoidh fógairt na gcalraí fadhb na hotrachta

Ríomhphost Priontáil PDF
I bhfabhar:

Is minic a chloisim gearán faoin stát róchaomhnach agus faoin ‘Deartháir Mór’ a bhíonn ag síoraí faire orainn. Is minic céanna áfach nach dtugaim aon aird ar an gcainteoir óir ní miste liomsa go mbíonn orthu siúd a chaitheann tobac seasamh amuigh sa bháisteach, agus ní chuireann faire TCI (CCTV) isteach ná amach orm má chuidíonn sé le sochaí shlán shábháilte a chosaint. Sea, d’fhéadfá a rá gur réitigh mé go maith leis an ‘Deartháir Mór’ céanna. Bhí meas agam air fiú, go dtí le déanaí. Má tá an stát sásta bheith ag cur isteach ar chruthaitheacht agus ar shaoirse ár gcócairí, táimse anois sásta troid in aghaidh an stáit.

Is millteach mór an pléisiúr domsa a bheith ag ithe amuigh i mbialanna, go deimhin is mór an pléisiúr bia a ullmhú sa bhaile chomh maith. Ba chóir dúinn taitneamh a bhaint as an mbia i mo thuairimse - dearcadh na bhFrancach a choimeád seachas dearcadh na Meiriceánach a ligint isteach. Ní gá dom figiúirí na hotrachta ar fud an domhain a lua le go dtuigfidh daoine an pointe sin. Má chaith éinne am sna S.A.M tá an oll-otracht feicthe agaibh agus na cúiseanna taobh thiar de ríshoiléir daoibh. Ar an iomlán, ní bhaineann muintir na tíre sin pléisiúr as an gcócaireacht, ná as a bheith ag ithe go mall i measc cairde i mbialanna nó sa bhaile. Tá béim ar na calraí seachas ar úire agus éagsúlacht na gcomhábhar. Má chruthaímid níos mó nósanna mínádúrtha cosúil le comhaireamh na gcalraí agus muid amuigh i mbialanna, is cinnte go gcuirfidh sé seo le fadhb na hotrachta.

Saffron Rosenstock
Baile Átha Cliath
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge



Ní réiteoidh fógairt na gcalraí fadhb na hotrachta mar is cuma le formhór na ndaoine faoi chúrsaí calraí, agus iad amuigh ag ithe i mbialann éigin nó ag siopadóireacht san ollmhargadh. Tá a fhios ag gach duine go ndéanann mearbhia dochar dá sláinte ach tá  bialanna a dhíolann an saghas sin bia ar fáil dúinn ar gach cúinne sa tír seo. Ní stopfadh siad á sholáthar dá mbeadh fógra leis an líon calraí atá i do mhála sceallóga ar an mbiachlár. Tá seans ann go smaoineofá faoi líon na gcalraí agus tú ag ithe d’ispíní agus sceallóga gairleoige, dá mbeadh sé fógartha, ach is beag seans go n-éireofá as bia mar sin a ithe nó go réiteodh an fhógairt sin na fadhbanna a bhaineann le hotracht in Éirinn.

Ar ndóigh, bheadh sé níos fearr dá mbeadh gach eolas faoi chalraí ag muintir na tíre seo, ach ní réiteodh fógraí ar bhiachláir an fhadhb. Caithfimid meon an phobail a athrú chun fadhb na hotrachta a réiteach. Caithfidh páistí a bheith ar an eolas faoi chúrsaí sláinte, agus caithfimid ar fad a bheith níos aclaí mar phobal. Taispeánann cláir cosúil le Operation Transformation gur féidir le gnáthdhaoine a saol a athrú agus meáchan a chailliúnt trí bhia nua a ithe, trí níos mó cleachtadh coirp a dhéanamh agus trí athrú meoin. Tá fadhb againn leis an otracht sa tír seo agus caithfimid dul i ngleic léi mar phobal, ach ní réiteoidh fógairt na gcalraí an fhadhb seo.

Daire Ó Braonáin
Baile Átha Cliath
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

 

I gcoinne:

Chun éifeacht na faidhbe seo a chur in iúl, caithfear fios a bheith ag an léitheoir go bhfuil an ráta otrachta in Éirinn ar an dara ráta is airde san Eoraip. Ina theannta sin, ní mór a rá go bhfuil beirt as gach triúr fear agus breis is leath de mhná na hÉireann róthrom nó murtallach. Tá gach seans ann go bhfuil an léitheoir féin ina measc.

feachtas ar bun ag an Aire James Reilly ag iarraidh go gcuirfidh na bialanna uilig sa tír seo méid na gcalraí ina gcuid bia ar taispeáint ar na biachláir chun breis eolais a thabhairt don phobal. Tá an córas seo i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar fud an domhain agus tá taighde ann a léiríonn go cruinn go n-oibríonn sé.

Níl a léithéid d’argóint ann atá cuimsitheach go leor chun seasamh in aghaidh an fheachtais seo. Níl an tAire nó na saineolaithe atá ag tacú leis an bhfeachtas  ag súil go réiteoidh fógairt na gcalraí fadhb na hotrachta ina iomlán ach cinnte is iarracht éifeachtach í troid ina coinne. Tá gach seans ann nach roghnóidh an tomhaltóir Quarter Pounder nuair a fheiceann sé/sí go bhfuil 1,005 calraí ann. Nuair a bheidh na calraí le feiceáil go soiléir os a chomhair amach, déanfaidh an gnáthdhuine iarracht cothromaíocht a aimsiú i rith an lae nó i rith na seachtaine maidir leis an mbia a roghnaíonn sé/sí agus is leor sin domsa. Is próiseas fada a bheidh i gceist chun an fhadhb seo a réiteach ach is tús maith é seo gan aon amhras.

Niamh Ní Chadhla
Baile Átha Cliath
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

An gcabhródh fógairt na gcalraí le fadhb na hotrachta sa tír seo? Faoi láthair tá thart ar leath de mhná na hÉireann murtallach, i dtaca le gach dara fear agus fiú páistí idir 5 agus 12 bliain d’aois! Nach bhfuil sé seo go hainnis?

Níl an pobal ar an eolas i dtaobh calraí de. Ní raibh sé mar ábhar scoile conas calraí a chomhaireamh nuair a bhí mé féin ar scoil. Rinneadh tagairt do chalraí in eacnamaíocht bhaile ach mura raibh an t-ábhar sin déanta agat, conas gur féidir leat bheith ar an eolas chun calraí a chomhaireamh?

Is ceist chonspóideach í seo gan amhras. Measaim nach mbeadh cuid mhaith de na bialanna in Éirinn sásta calraí a chur ar an gcuid biachlár. An aidhm atá ag an bhfógairt seo ná go bpiocfadh duine rann cuí seachas rann ollmhór. Chuirfeadh sé seo isteach go mór ar fhigiúirí na mbialann agus rachadh a gcuid stádas síos. Ar an taobh eile don scéal áfach, tá an iomarca á ithe againn agus dá bharr sin, tá sláinte na tíre seo ag éirí i bhfad níos measa.

Chuirfeadh fógairt na gcalraí daoine áirithe ar strae ach den chuid is mó, bheadh dearcadh dearfach ag baint léi. Tá bialann ann cheana féin i gCluain Tairbh dob ainm Bay. Chuir na deirfiúracha Niamh agus Sinéad Costello na calraí ar an mbiachlár agus bhí éifeacht dhearfach aige sin ar an mbialann dar leo.

Caithfear triail a bhaint as an bhfógairt seo i mo thuairimse. Níl an otracht ach ag éirí níos measa agus tá Údarás Sábhailteachta Bia na hÉireann ag iarraidh laghdú ollmhór a dhéanamh ar na staitisticí seo. Tabhair seans don fhógairt seo. Bain triail as agus mura n-oibríonn sé, faigh réidh leis.

Jennifer de Poire
Ceatharlach
MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Íosghrádú déanta ar 16 de na bainc Spáinneacha - http://t.co/pSKX1viW - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago
 
Foinse Na scannáin: blag na seachtaine seo. This week's film blog. @Xtravision http://t.co/M0SxCK0U
About 12 hours ago