RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Díospóireacht Níor cheart d’Éirinn a cuid acmhainní nádúrtha ar fad a dhíol

Díospóireacht

Níor cheart d’Éirinn a cuid acmhainní nádúrtha ar fad a dhíol

I bhfabhar:

Chuirfeadh an rialtas poist i mbaol agus chaillfeadh siad airgead go fad-téarmach dá ndíolfadh siad na hacmhainní nádúrtha ar fad atá againn in Éirinn. Rinne de Valera iarracht geilleagar dúchasach a chruthú sna 1930í ach theip ar na hiarrachtaí sin ar bhealach mar bhí acmhainní ó thíortha eile ag teastáil ón ngeilleagar inbhuanaithe. Tá sé i bhfad níos éasca acmhainní a iompórtáil sa lá atá inniu ann, ach tá acmhainní nádúrtha dár gcuid féin fós againn in Éirinn agus ba cheart dúinn iad seo a choimeád. Ba cheart an t-airgead a thuilltear astu a choimeád in Éirinn chomh maith.

 Is oileán í Éire agus ar feadh na mblianta ba thionscal mór í an iascaireacht ach tá cúrsaí athraithe le cúpla bliain anuas ó rinne an rialtas conradh iascaireachta leis an AE. Tá an tionscal sin ag fáil bháis anois agus báid ón Spáinn agus ón bhFrainc ag dul ó neart go neart sna farraigí timpeall chósta na hÉireann. Má tá éileamh ar na hacmhainní seo thar lear, ba cheart don rialtas iad a fhorbhairt agus sócmhainní stáit a choimeád faoi bhráid an rialtais ionas gur féidir leo poist a chruthú.

 Tá fadhbanna againn maidir le Shell i gCo Mhaigh Eo chomh maith toisc go ndearna an rialtas conradh leo a chruthaigh trioblóid le muintir na háite. Tá fadhb nua ag druidim orainn anois maidir le scoilteadh hiodrálach agus na torthaí a thiocfaidh ón tionscal sin. Deirtear go ndéanfaidh sé dochar don timpeallacht, agus nár cheart d’Éirinn an baol sin a chur ar mhuintir na tíre ná a cuid acmhainní nádúrtha ar fad a dhíol.

Daire Ó Braonáin
Baile Átha Cliath
MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

Feictear dom le déanaí go bhfuil mórábhar faoi leith i mbéal phobal na tíre seo agus is é sin ar cheart dúinne ár n-amhainní nádúrtha ar fad a dhíol le comhlachtaí idirnáisiúnta? Cinnte gur rud iontach é poist nua a chruthú i rith chúlú eacnamaíochta agus cabhair a thabhairt don gheilleagar, ach an féidir linn glacadh le hiarmhairtí an chinnidh seo? Is cuimhin le gach duine feachtas Shell chun Sáile a bhí ar siúl i Maigh Eo cúpla bliain ó shin toisc go raibh sé sna nuachtáin lá i ndiaidh lae. Mheas na hagóideoirí taobh thiar den fheachtas sin go raibh pleananna an chomhlachta Shell contúirteach agus go mbeadh an timpeallacht áitiúil truaillithe dá mbarr.

 I láthair na huaire, tá acmhainní nádúrtha na tíre seo ar ais sa nuacht de bharr scoilteadh hiodrálach agus stoic gháis. Cé go bhfuil luach mór ag baint leis an earnáil seo, is minic a bhíonn tionchar uafásach ag na cleachtais seo ar an gceantar áitiúil. Ní hamháin go milleann siad an radharc tíre ach is féidir le ceimiceáin dhainséaracha a bheith fágtha san aer agus san uisce. Bíonn tionchar ag na hoibreacha seo ar thrácht an cheantair agus tagann laghdú ar luach talún agus tithe. Ní rún é gur cuma le comhlachtaí móra idirnáisiúnta má dhéanann siad praiseach ceart den timpealleacht fad is a dhéanann siad brabús maith. Mar sin, dar liomsa nár cheart dúinne ár gcuid acmhainní nádúrtha ar fad a dhíol.

Áine Keegan
Baile Átha Cliath
MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge


Tá 30 billiún méadar cearnaithe de chúlchistí gáis suite ar chósta thiar na hÉireann agus is é an acmhainn is luachmhaire agus is conspóidí de chuid na tíre seo. Tá meastúchán déanta ar luach an gháis mar €420 billiún agus an rud is suntasaí faoin scéal ná nach linne an t-airgead. Dhíol rialtas Haughey cearta an gháis leis an gcomhlacht Shell sna nóchaidí agus ba iad na polaiteoirí amháin a bhain tairbhe as an mbeart. Athraíodh an dlí chun an cháin a bheadh le híoc ag Shell a ísliú agus laghdaíodh scaireanna na hÉireann maidir le ríchíosanna ón ngás ó 50% go 0%. Rinneadh feall ar mhuintir na tíre seo agus níl nóta dóchais ag baint leis an gcuid eile den scéal.

 Tá sé i gceist ag Shell scoilteadh hiodrálach a thosnú anois chun an gháis a bhaint amach i nGleann an Ghad i gCo. Mhaigh Eo. Ní hamháin go n-úsáidtear suas go 8 milliún galún uisce chun gach jab scoilteadh a dhéanamh agus ní hamháin go bhfuil na milliúin galún ceimicí ag lot an ózóin ach tá Éireannaigh agus áitribh dhaoine á gcur i mbaol chomh maith. Gach seans go mbeidh an timpeallacht agus an t-uisce mórthimpeall na háite fabhtaithe ag Shell agus go mbeidh ar mhuintir na háite deileáil leis.

Tá olliarmhairtí a bhaineann le gach gné den saol ag roinnt leis an díolachán seo ach tá deis ag an Éireannach troid ina choinne. Is féidir leis an rialtas leasú a dhéanamh ar an gconradh a rinneadh cheana agus cearta na gcúlchistí gáis a thógáil ar ais mar atá déanta ag an Rúis, ag an mBóiliv agus ag tíortha eile nach iad.

Niamh Ní Chadhla
Baile Átha Cliath
MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

 

I gcoinne:

Is gá dúinn airgead a thuilleamh. Tá a lán airgid le tuilleamh as an ngás agus as an ola atá timpeall ár gcósta. Ach, toisc go bhfuilimid féimhithe mar thír, níl an t-airgead againn chun na hacmhainní nádúrtha a thógáil as grinneall na farraige. Ní thabharfaidh an ECB airgead dúinn chun tionscnamh costasach mar seo a chur le chéile, cé go bhfuil seans ann go mbeidh brabús maith le baint as. Dá bhrí sin, tá rogha againn – an bhfágfaimid na hacmhainní seo faoi thalamh nó an ndíolfaimid iad? Tá an t-airgead ag Shell agus ag comhlachtaí ola agus gáis chun na hacmhainní nádúrtha a thógáil as an talamh, agus ba cheart go n-aimseodh siad na stoic atá againn. Níl airgead ar bith le fáil nuair atá na hacmhainní nádúrtha faoi thalamh.

 Sula gcuirfear tús le tionscnamh ar bith áfach, caithfimid na cánacha a bhaineann leis an earnáil seo a athrú. Faoi láthair níl aon dleachta againn ar ár n-acmhainní agus tá coinníollacha na hÉireann i measc na gcoinníollacha is fabhraí do chomhlachtaí idirnáisiúnta atá le feiceáil ar fud an domhain. Caithfimid na dlithe seo a athrú sula ndíolfaimid ár n-acmhainní nádúrtha. Ba cheart go ndíolfaimid iad ach níor cheart go dtabharfaimid iad do chomhlachtaí idirnáisiúnta saor in aisce.

Pádraig Stewart
Baile Átha Cliath
Dioplóma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

 

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06