RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Díospóireacht

Díospóireacht

Colún: An Ghaeilge agus Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Céad Míle Fáilte go hÉireann

Níl sé éasca Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Caithfimid a bheith neamhchlaonta agus tuiscint a léiriú dár gcuid comhpháirtithe san Eoraip. Caithfimid a chinntiú go bhfuil na spriocanna don téarma seo bainte amach againn. Ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar an gComhairle ina hiomláine.  Mura ndéanfaimid é seo caillfimid an t-iontaobhas atá ag ár gcomharsana ionainn agus ní maith an rud é sin don tír. Mar sin féin, is Éireannaigh muid chomh maith le hEorpaigh. Tá rathúlacht na huachtaránachta ag brath ar Éirinn ag déanamh an rud is fearr a dhéanann sí, sin an tÉireannachas a léiriú. Tugann ócáid chomh mór seo an deis dúinn gach a bhfuil go maith agus uathúil sa tír a chur os comhair an tsaoil mhóir. Tá cáil na fáilte agus na féile orainn ar fud an domhain mhóir agus Céad Míle Fáilte luaite linn le fada an lá ach an féidir níos mó béime a leagan ar ár dteanga agus muid inár n-óstaigh faoi láthair?

Tar éis dom a bheith ag an ‘Citizen Dialogue’ i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, agus ag ‘Ireland 40 years on’ in Óstán Caisleán Cnucha, mar Gaeilgeoir nílim róchinnte. Imeachtaí Eorpacha iad seo ar nós na gceann eile ar fad i rith thréimhse na huachtaránachta. Tá 23 teanga oifigiúla san Eoraip, agus mar óstaigh caithfimid a bheith inár n-ionadaí don Eoraip ar fad agus ní hamháin dúinn féin. An Aoine seo caite i gCaisleán Cnucha, bhí toscairí in ann Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis a labhairt agus ba é an Béarla príomhtheanga an lucht freastail. Bhí aistriúchán comhuaineach á dhéanamh i mBéarla, Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis. Bhí mé in ann doiciméid, comharthaí agus dáileáin Bhéarla a léamh. Bhí clár an lae le fáil i dteangacha eile chomh maith. Ní fhaca mé an Ghaeilge in aon áit. Cheap mé go raibh sé seo suimiúil mar dá mbeadh eachtrannach ag breathnú ar shuíomh oifigiúil na huachtaránachta, bheadh sé den tuiscint go bhfuil an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla in Éirinn.

Tá leagan iomlán de eu2013.ie le fáil i nGaeilge, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Ar an suíomh faoi ‘I dtaobh na hÉireann’ tá mír ann mar gheall ar an nGaeilge. Déanann sé tagairt do stair na teanga, don chaoi ar tháinig meath uirthi agus na hiarrachtaí a rinne an rialtas an teanga a chaomhnú agus a fhorbairt. Deirtear ar an suíomh go bhfuil leibhéal éigin Gaeilge ag 40% den tír agus déanann sé tagairt don Straitéis Fiche Bliain atá ag an rialtas. Rud maith faoin mír seo ná bhfuil foclóir air a bheadh áisiúil don chuairteoir, mar shampla slán, céad míle fáilte, and sláinte. Mínítear focail a d’fhéadfaí a chloisteáil in Éirinn: seanad, oireachtas, gardaí srl.  Is maith ann iad na hiarrachtaí seo ar an suíomh ach feictear dom nach bhfuil na hiarrachtaí céanna ar bun ar an talamh.

Go dtí seo i mo thaithí féin, tá níos mó Gaeilge cloiste agam ó chuairteoirí ná mar atá agam ó Éireannaigh. Thosaigh Uachtarán Choimisiún na hEorpa, José Manuel Borroso, agus Luca Jahier, Uachtarán Ghrúpa 3 den EESC, roinnt aithisc le Gaeilge. Is léir go n-aithníonn daoine eile ár saintréithe agus go bhfuil meas acu orthu. Is é seans dúinn é seo ár n-íomhá a neartú agus a chur chun cinn. Tá teanga na Gaeilge mar chuid den íomhá sin. Bíonn tíortha eile san Eoraip bródúil as a gcuid teangacha féin agus taispeánann siad a saintréithe. Ba chóir dúinn an rud céanna a dhéanamh.

Níl mé ag súil go mbeadh an uachtaránacht trí mheán na Gaeilge. Tá an uachtaránacht seo faoi phobal na hEorpa agus is é an Béarla an teanga iasachta is coitianta atá ar bhéal na ndaoine.  Creidim go bhfuilimid in ann gach duine a thógáil san áireamh agus ár teanga féin a chur chun cinn ag an am céanna. Mar shampla rinne Bord Bia urraíocht ar an mbia an Aoine seo caite i gCaisleán Cnucha agus ní raibh ar aon duine ag insint dár gcuairteoirí cé chomh maith is atá ár gcuid bia, bhí siad in ann é a bhlaiseadh. Is iomaí imeacht a bheidh ar siúl i rith na huachtaránachta. Ina measc beidh Stair na gCeilteach i nGaillimh a thabharfaidh ardán d’ealaíona na nGaeltachtaí agus Guthanna na nOileán i gCorcaigh a dhíreoidh ar amhránaíocht thraidisiúnta na nGaeltachtaí. Tá na himeachtaí seo taobh amuigh Baile Átha Cliath, an áit ina bhfuil formhór na gcruinnithe á reáchtáil ach b’fhiú dúinn níos mó dár gcultúr agus dár n-oidhreacht a léiriú. Ba chóir dúinn an deis a thabhairt dár gcomhghleacaithe ón Eoraip ár gcultúr agus stair a bhlaiseadh in ionad cloisteáil faoi.

Is deis iontach dúinn é seo nach mbeidh arís againn go ceann ceithre bliana déag eile.  Ba chóir dúinn é a úsáid i gceart chun go mbainfimid ar fad taitneamh agus tairbhe as. Is féidir linn.

Clodagh Garry, YMIP.

Féach http://www.europeanmovement.ie/ymip/

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06