|
Chun a dheimhniú nach mbeidh pobal atá i gCatagóirí Teangeolaíocha éagsúil, caite le chéile i limistéar pleanála amháin – mar shampla Na Forbacha agus Ros a ‘Mhíl.
|
Alt 7, Lch 10, Líne 9
|
Roimh mhír 3, cuir isteach mír 3 nua:
(3) Agus limistéar sonraithe á ainmniú aige faoi mhír 2 den alt seo cuirfidh an tAire san áireamh staid na Gaeilge sa phobal atá ina gcónaí sa limistéar sin san áireamh, agus ní shonróidh sé limistéar ina bhfuil cónaí ar phobail atá neamhchosúil lena chéile go teangeolaíoch.’
|
|
7.3 (a), Lch 11, Líne 14.
|
Tar éis ‘lena mbaineann’ cuir isteach ‘agus ina bhfuil na pobail atá ina gcónaí iontu comhchosúil lena chéile go teangeolaíoch’.
|
|
|
Limistéir pleanála teanga Ghaeltachta
Má tá aon chuid den Ghaeltacht le teacht slán agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga inti ní foráil na pleananna seo a dhéanamh seachas é a fhágáil faoi dhiscréid an Aire.
|
Alt 7(2)
|
Cuir isteach “Déanfaidh an tAire” in ionad “Feadfaidh an tAire”.
|
|
|
Dualgas ar Údarás na Gaeltachta na pleananna teanga a réiteach
Chun a shocrú gur ar Údarás na Gaeltachta a bheidh an príomhchúram maidir le ullmhú agus feidhmiú na bpleananna teanga, agus go gcaithfidh siad tabhairt faoin gcúram seo i gcomhar leis na heagraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú sa phobal. (seachas go mbeadh an príomhchúram ag titim ar eagraíocht pobail éigin nach bhfuil an acmhainn acu tabhairt faoin obair seo, mar atá sa Bhille faoi láthair).
|
Alt 7.6, Lch 11, Líne 33
|
Tar éis fho-alt (3) bain amach an chuid eile den mhír agus cuir isteach:
‘eagraíochtaí a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (4) agus arb iad, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, na heagraíochtaí is cumasaí chun a bheith rannpháirteach leis an Údarás in ullmhú plean arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an limistéir lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl dona heagraíochtaí sin i scríbhinn.’
|
|
Alt 7.7, Lch 11, Líne 43
|
Bain amach ‘Déanfaidh an eagraíocht lena mbaineann’ agus cuir isteach:
‘Déanfaidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis na heagraíochtaí lena mbaineann’
|
Féach thuas. Dá mba iad an tÚdarás i gcomhar leis na heagraíochtaí a bheadh freagrach as an plean a chur ar fáil, ní bheadh gá leis an Alt seo – bheadh sé intuigthe go mbeadh an tÚdarás ag cur cuidiú ar fáil.
|
Alt 7.8, Lch 11, Líne 46
|
Bain amach an t-alt.
|
|
|
Gá le amscála a leagan síos i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltacht
Chun a chinntiú nach dtéann an próiseas ar aghaidh ad infinitum – go mbeidh teorann ama dhá bhliain i gceist agus go gcaithfidh an tÚdarás agus na heagraíochtaí eile aontú ar phlean laistigh de thréimhse dhá bhliain ar a mhéid.
|
Alt 7.9, Lch 13, Líne 3
|
Tar éis ‘a fhadú,’ cuir isteach ‘ach gan dul thar dhá bhliain ó dháta an fhógra a dtagraítear dó i bhfo-alt (1),’
|
|
Alt 7.10, Lch13, Líne 5.
|
Tar éis ‘I gcás nach ndéanfaidh’ bain amach ‘an eagraíocht a roghnófar’ agus cuir isteach ‘Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí a roghnófar’
|
|
Alt 7.10, Lch13, Líne 10.
|
Tar éis ‘gur féidir leis’ bain amach ‘an eagraíocht’ agus cuir isteach ‘an tÚdarás
|
|
Alt 7.10, Lch13, Líne 11.
|
Bain amach ‘féadfaidh’ agus cuir isteach ‘déanfaidh’
Delete ‘may’ and insert ‘shall’
|
|
|
Dualgas ar Údarás na Gaeltachta plean a ullmhú
Leis an leasú seo, dá dteipfeadh ar Údarás na Gaeltachta plean a aontú leis na heagraíochtaí eile sa phobal, bheadh orthu plean a ullmhú iad féin.
|
Alt 7.10 (a) Lch13, Líne 13.
|
Bain amach ‘eagraíocht eile a mbeidh iarratas ar roghnú déanta aici faoi fho-alt a roghnú chun’
|
|
Alt 7.10 (b) Lch13, Líne 19.
|
Bain amach ‘mura mbeidh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú’
|
|
Alt 7.12, Lch13, Líne 32.
|
Bain amach ‘an eagraíocht lena mbaineann’ agus cuir isteach ‘Údarás na Gaeltachta’.
|
|
Alt 7.13, Lch13, Líne 37.
|
Bain amach ‘Leis an eagraíocht lena mbaineann’ agus cuir isteach ‘leis an Údarás’.
|
|
Alt 7.13 (a), Lch13, Líne 41.
|
Bain amach an mhír.
|
|
Alt 7.13 (b), Lch13, Líne 47.
|
Bain amach ‘mura mbeidh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú’
|
|
Alt 7.15,
Lch 15, Líne 4
|
Bain amach an mhír.
|
|
Alt 8.1, Lch 15, Líne 12.
|
Bain amach ‘is í an eagraíocht’ agus cuir isteach ‘is é Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis na heagraíochtaí a roghnófar’.
|
|
Alt 8.2, Lch 15, Líne 15.
|
Bain amach an mhír.
Delete subsection.
|
|
|
An gá le próiseas cinnte do phleananna teanga
Chun a dheimhniú go mbeidh timthriallacha pleanála cinnte leagtha síos – i.e. nach mbeidh an próiseas á reáchtáil ar bhonn ad hoc gan tús, lár ná deireadh leis.
|
Alt 8.3, Lch 15, Líne 20.
|
Bain amach ‘is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.’ agus cuir isteach ‘a shocróidh an tAire de réir rialacháin.’
Delete ‘as appear to the Minister to be necessary or appropriate for the implementation of the plan concerned’ and insert ‘as shall be set by the Minister in regulation.’
|
|
Alt 8.4, Lch 15, Líne 26.
|
Bain amach ‘don eagraíocht lena mbaineann’ agus cuir isteach ‘do Údarás na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí lena mbaineann, ar a n-áirítear eagraíochtaí poiblí eile a bhfuil cúraimí orthu i dtaca feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.’
Delete ‘the organization concerned’ and insert ‘Údarás na Gaeltachta and the organizations concerned, which shall include other public organizations that have responsibilities in relation to the implementation of the 20 Year Strategy for the Irish Language.’
|
|
Alt 9.3, Lch 17, Líne 19
|
Bain amach ‘eagraíocht’ agus cuir isteach ‘eagraíochtaí’.
Delete ‘An organisation’ and insert ‘Organisations’.
|
Monatóireacht ar na Pleananna Gaeilge i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge.
Tá géarghá le struchtúr téagar, trédhearcach a sholáthar chun na pleananna Gaeilge seo ag croílár an Bhille Ghaeltachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach, struchtúr a sheasfaidh an fód cuma cé hé nó cé hí an tAire atá in oifig, struchtúr atá oscailte don phobal, struchtúr a dhéantar monatóireacht neamhspleách air ag té ina bhfuil muinín ag an bpobal ann nó inti; níl aon amhras ann ach go bhfuil muinín as cuimse ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in Oifig an Choimisinéara Teanga.
|
Alt 8(3), 8(4), 8(5), 8(6)
|
Cuir 'An Coimisinéir Teanga' in áit 'an tAire'
|
|
Alt 8(7)
|
Cuir 'go measfaidh An Coimisinéir Teanga' in áit 'go measfaidh an tAire' agus cuir 'féadfaidh an Coimisinéir Teanga moladh don Aire' in ait 'féadfaidh an tAire'
|
|
Alt 10(3), 10(4), 10(5), 10(6)
|
Cuir 'An Coimisinéir Teanga' in áit 'an tAire'
|
|
Alt 10(7)
|
Cuir 'go measfaidh An Coimisinéir Teanga' in áit 'go measfaidh an tAire' agus cuir 'féadfaidh an Coimisinéir Teanga moladh don Aire' in ait 'féadfaidh an tAire'
|
|
Alt 11(5), 11(6), 11(7), 11(8)
|
Cuir 'An Coimisinéir Teanga' in áit 'an tAire'
|
|
Alt 11(9)
|
Cuir 'go measfaidh An Coimisinéir Teanga' in áit 'go measfaidh an tAire' agus cuir 'féadfaidh an Coimisinéir Teanga moladh don Aire' in ait 'féadfaidh an tAire'
|
|
|
Spriocdháta do sheirbhís Ghaeilge sa Ghaeltacht
Níor éirigh le modhanna na scéimeanna faoi alt 13(2)(e) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 an aidhm seo a bhaint amach. Foráiltear le 13(2)(e) mar a leanas:
13(2) Le linn dréacht-scéim a ullmhú, déanfaidh an comhlacht poiblí—
(e) a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire.
Tá 9 mbliana caite ó achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus níl seo curtha i gcríoch. Ní foláir an ordaitheacht seo, mar sin, a chur sa reachtaíocht phríomha.
|
Alt 8 (8)
|
Cuir isteach i ndiaidh 8(8):
Alt 8(9) Cinnteoidh gach comhlacht a mheastar a bheith in a chomhlacht poiblí de bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016.
|
|
|
Na Cúirteanna sa Ghaeltacht
Ba chóir an Ghaeilge a bheith mar theanga oibre gach cúirte sa Ghaeltacht ach cead ag baill den phobal láithriú iontu as Béarla más mian leo nó, muna bhfuil Gaeilge ná Béarla acu, i dteanga eile trí ateangaire. Ní hea ról na gCúirteanna an Ghaeltacht a Bhéarlú. Tá dualgas mar seo i bhfeidhm cheana le halt 135(8)(b) den Acht Pleanála 2000 mar a leanas maidir le éisteacht poiblí ó bhéal de chuid an Bhord Pleanála:
“(b) I gcás ina mbaineann éisteacht ó bhéal le forbairt laistigh den Ghaeltacht, seolfar an éisteacht trí mheán na Gaeilge, mura gcomhaontóidh na páirtithe san achomharc nó sa tarchur lena mbaineann an éisteacht gur cóir an éisteacht a sheoladh i mBéarla.”
|
Alt 8 (8)
|
Cuir isteach i ndiaidh 8(8):
Alt 8.(10) I gcás suí cúirte laistigh den Ghaeltacht, seolfar na himeachtaí trí mheán na Gaeilge gan dochar do chearta aon pháirtí nó aon fhinné a rogha teanga a úsáid faoi réir alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Alt 8.(11) I gcás dúiche nó cuaird a bhfuil limistéar Gaeltachta ann, reáchtálfar suí amháin den Chúirt Dúiche agus suí amháin den Chúirt Chuarda sa limistéar sin ar a laghad in aghaidh na bliana. Reáchtálfar suí amháin den Chúirt Dúiche agus suí amháin den Chúirt Chuarda ar a laghad in aghaidh na téarma dlí i nGaeltacht Dhún na nGall, i nGaeltacht Chonamara agus i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.”
|
|
|
Dúbláil a sheachaint
Chun dúbláil a sheachaint – i.e. nach mbeadh Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag trasnáil ar a chéile sna tacaíochtaí a bheadh siad ag cur ar fáil do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta éagsúla.
|
Alt 9.3, Lch 17, Líne 20
|
Bain amach ‘nó chuig Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí chun bheith ina heagraíocht’ agus cuir isteach ‘chun bheith ina n-eagraíocht’
Delete ‘or Foras na Gaeilge, as may be appropriate, to be an organisation’ and insert ‘to be organisations’.
|
|
Alt 9.6, Lch 17, Líne 37
|
Bain amach an tAlt.
Delete subsection.
|
|
Alt 9.7, Lch 17, Líne 45
|
Bain amach ‘Ullmhóidh an eagraíocht lena mbaineann’ agus cuir isteach:
‘Ullmhóidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis na heagraíochtaí lena mbaineann’
‘Údarás na Gaeltachta in collaboration with the organizations concerned’
|
|
Alt 9.8, Lch 17, Líne 48
|
Bain amach an mhír.
Delete subsection.
|
|
Alt 9.10, Lch 19, Líne 10
|
Tar éis ‘gur féidir leis’ bain amach ‘an eagraíocht’ agus cuir isteach ‘an tÚdarás’
Delete ‘the organisation’ and insert ‘an tÚdarás’
|
|
Alt 9.10, Lch 19, Líne 11
|
Bain amach ‘féadfaidh’ agus cuir isteach ‘déanfaidh’
Delete ‘may’ and insert ‘shall’
|
|
|
Bailte seirbhíse Gaeltachta
Toisc go bhfuil na bailte seirbhíse Gaeltachta fite fuaite leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus gur chóir an comhlacht forfheidhmiúcháin Stáit plé leo agus leis na pleananna Gaeilge a dhéantar dóibh agus a fheidhmítear iontu.
|
Alt 9(3)
|
bain amach “nó chuig Foras na Gaeilge”
|
|
Alt 9(6)
|
cuir “Údarás na Gaeltachta” in ionad “Foras na Gaeilge” agus in ionad “Fhoras na Gaeilge”
|
|
Alt 9(8)
|
bain amach “nó Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí,”
|
|
Alt 9(10)(a) agus 9(13)(a)
|
bain amach “nó ar Fhoras na Gaeilge, de réir mar is cuí,”
|
|
Alt 9(15)
|
bain amach “nó Foras na Gaeilge”
|
|
Bain amach fo-ailt 10(2)(a) agus (b)
|
Bain amach fo-ailt 10(2)(a) agus (b) agus cuir isteach “Údarás na Gaeltachta”
|
|
Alt 10(4) agus 10(7)
|
bain amach “nó le Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí,”
|
|
|
Dualgas ar Údarás na Gaeltachta féin do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta
|
Alt 9.5, Lch 17, Líne 26
|
Bain amach ‘i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus go bhfuil sé ina ábhar d’fhógra faoi fho-alt (2), eagraíocht a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (3) agus arb í, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht is cumasaí chun plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an bhaile lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga 35 forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn.’ agus cuir isteach:
‘eagraíochtaí a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (3) agus arb iad, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, na heagraíochtaí is cumasaí chun plean a ullmhú i gcomhar leis an Údarás arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an bhaile lena mbaineann agus a dheimhniú go bhfuil na seirbhísí poiblí agus, de réir mar is cuí, seirbhísí eile a chuirtear ar fáil sa mbaile sin ar fáil do phobal na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl do na heagraíochtaí sin i scríbhinn.’
Delete ‘where the town concerned is situated in a Gaeltacht Language Planning Area and is the subject of a notice under subsection (2), an organisation that has applied under subsection (3) and that, in the opinion of Údarás na Gaeltachta, is the organisation that is the most capable of preparing a plan the purpose of which is to provide for and encourage the increased use of the Irish language in the family, educational, public, social, recreational and commercial life of the town concerned (in this section referred to as an “Irish language plan”), in accordance with prescribed language planning criteria, and when it has done so, it shall notify that organisation in writing of the selection.’ and insert:
‘ organisations that have applied under subsection (3) and that, in the opinion of Údarás na Gaeltachta, are the organisations that are most capable of preparing a plan in collaboration with An tÚdarás the purpose of which is to provide for and encourage the increased use of the Irish language in the family, educational, public, social, recreational and commercial life of the town concerned and to ensure that the public services and other services, as appropriate, provided in the town are provided through the medium of Irish to the Gaeltacht community (in this section referred to as an “Irish language plan”), in accordance with prescribed language planning criteria, and when it has done so, it shall notify that organisation in writing of the selection.’
|
Leis an leasú seo, dá dteipfeadh ar Údarás na Gaeltachta plean a aontú leis na heagraíochtaí eile sa phobal, bheadh orthu plean a ullmhú iad féin.
|
Alt 9.10(a), Lch 19, Líne 13
|
Bain amach ‘nó ar Fhoras na Gaeilge, de réir mar is cuí, eagraíocht eile a mbeidh iarratas ar roghnú déanta aici faoi fho-alt (3) a roghnú chun’
Delete ‘or Foras na Gaeilge, as may be appropriate, to select another organization which has applied for selection under subsection (3)’
|
|
Alt 9.10(b), Lch 19, Líne 22
|
Bain amach an mhír.
Delete subsection.
|
|
Alt 9.12, Lch 19, Líne 31,
|
Bain amach ‘don eagraíocht lena mbaineann’ agus cuir isteach ‘do Údarás na Gaeltachta’.
Delete ‘the organization concerned’ and insert ‘Údarás na Gaeltachta’.
|
|
|
Gá le amscála a leagan síos i mBailte Seirbhíse Gaeltachta.
Chun a chinntiú nach dtéann an próiseas ar aghaidh ad infinitum – go mbeidh teorann ama dhá bhliain i gceist agus go gcaithfidh an tÚdarás agus na heagraíochtaí eile aontú ar phlean laistigh de thréimhse dhá bhliain ar a mhéid.
|
Alt 9.9, Lch 19, Líne 3
|
Tar éis ‘a fhadú,’ cuir isteach ‘ach gan dul thar dhá bhliain ó dháta an fhógra a dtagraítear dó i bhfo-alt (1),’
After ‘subsection (2)’ insert ‘up to a maximum period extending no longer than two years from the date of the notice referred to in subsection (1)’
|
|
Alt 9.10, Lch 19, Líne 5
|
Tar éis ‘I gcás nach ndéanfaidh’ bain amach ‘an eagraíocht a roghnófar’ agus cuir isteach ‘Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí a roghnófar’
Delete ‘The organization selected’ and insert ‘Údarás na Gaeltachta and the organizations selected’
|
|
Alt 9.13, Lch 19, Líne 33
|
Bain amach an mhír.
Delete subsection.
|
|
Alt 10.1, Lch 21, Líne 5.
|
Bain amach ‘Beidh an eagraíocht’ agus cuir isteach ‘is é Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis na heagraíochtaí a roghnófar’.
Delete ‘the organization selected’ and insert ‘Údarás na Gaeltachta in collaboration with the organizations selected’.
|
|
Alt 10.2, Lch 21, Líne 8.
|
Bain amach an mhír.
Delete subsection.
|
|
|
Eile don Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Chun a chinntiú go mbeidh timthriallacha pleanála cinnte leagtha síos.
|
Alt 10.3, Lch 21, Líne 16.
|
Bain amach ‘is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.’ agus cuir isteach ‘a shocróidh an tAire de réir rialacháin.’
Delete ‘as appear to the Minister to be necessary or appropriate for the implementation of the plan concerned’ and insert ‘as shall be set by the Minister in regulation.’
|
Le go dtuigfear go dtitim na cúraimí a bhaineann leis an bpróiseas pleanála seo ar eagraíochtaí poiblí chomh maith le heagraíochtaí eile.
|
Alt 10.4, Lch 21, Líne 23.
|
Bain amach ‘don eagraíocht lena mbaineann’ agus cuir isteach ‘do Údarás na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí lena mbaineann, ar a n-áirítear eagraíochtaí poiblí eile a bhfuil cúraimí orthu i dtaca feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.’
Delete ‘the organization concerned’ and insert ‘Údarás na Gaeltachta and the organizations concerned, which shall include other public organizations that have responsibilities in relation to the implementation of the 20 Year Strategy for the Irish Language.’
|
Chun go mbeidh soiléiriú ar fáil faoi cén fáth go mbeadh ceantar amháin roghnaithe seachas ceantar eile agus go mbeidh fhios ag ceantair céard a chaithfidh siad a dhéanamh le bheith roghnaithe.
|
11.2(b), Lch 23, Líne 8
|
Cuir isteach mír nua:
‘(c) agus a chomhlíonfaidh íoschritéir pleanála teanga a bheidh forordaithe ag an Aire faoi réir alt (12)’
Insert new subsection:
(c) meets minimum language planning criteria as designated by order of the Minister under section (12).
|
|
|
Critéir Pleanála Teanga
Nithe bunúsach iad na nithe seo go léir nach féidir pleanáil teanga a chur i bhfeidhm gan iad ar fad san áireamh.
|
Alt 12
|
Cuir “beidh na nithe seo a leanas a san áireamh iontu—” in ionad “féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu”
|
|
|
Comhaltaí Údarás na Gaeltachta - rogha 1
Ní bheidh Bord Údarás na Gaeltachta ionadaíoch ar an bpobal ar a fhreastalaíonn sé air a thuilleadh, de réir mar a sheasann cúrsaí faoin mBille Gaeltachta faoi láthair. Tá an-bhaol ann gur ceapacháin pholaitíochta a bheidh sna ceapacháin chun Bhord Údarás na Gaeltachta mura mbíonn aon ionchur ón bpobal i dtoghchán na gcomhaltaí ar an mBord, ná mura mbíonn deis ag baill an phobail cur isteach ar an mBord, fiú má tá na sainscileanna a bheadh in oiriúint d'obair an Údaráis acu. Is féidir airgead a shábháil trí líon níos lú comhaltaí a thoghadh gach bliain, ach go mbeadh méid áirithe fós á thoghadh ag an bpobal óir go bhféadfaí na toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta á rith ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla sna ceantair éagsúla. Tá moladh ann freisin go mbainfí leas as córas ceapacháin oscailte do Bhord Údarás na Gaeltachta le comhaltaí eile an Bhoird a cheapadh, amhlaidh ceapacháin le Bord RTÉ.
|
Bain amach Alt 16(2) agus Alt 16(2A) agus cuir in áit:
|
16 (2) (a) Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an Údarás:
(i) cathaoirleach, a gceapfaidh an tAire é nó í;
(ii) 4 gnáthchomhalta a gceapfaidh an tAire i ndiaidh na folúntais a fhógairt go poiblí agus comhairle a lorg ón gComhchoiste Dála ar Oidhreacht, Iompar, Ealaíon agus Gaeltachta ar na hiarrthóirí. Beidh aird ag an Aire ar an gcomhairle agus féadfaidh sé nó sí glacadh leis na daoine beartaithe a bheidh ainmnithe ag an gComhchoiste Dála nó cinneadh a dhéanamh daoine eile de réir mar is cuí leis nó léi a ainmniú . Ní cheapfaidh an tAire aon duine ainmnithe mura deimhin leis an Aire go bhfuil taithí ag an duine ar nithe, nó cumas léirithe aige nó aici i nithe, atá ábhartha i leith fheidhmeanna an Údaráis, lena n-áirítear an cumas chun feidhmeanna i ndáil leis an Údarás a chomhall trí mheán na Gaeilge.
(iii) 7 gnáthchomhalta a bheith tofa faoi mar a leagtar thíos ó Alt16(3) go dtí Alt 16(11)
Alt 16(3) (a) Déanfar toghcháin do seachtar gcomhalta d'Údarás na Gaeltachta ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla.
(b) Má théitear in iomaidh i dtoghchán is le rúnbhallóid agus ar phrionsabal na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a thógfar an vótaíocht.
(c) Na costais agus na caiteachais a thabhóidh ceann comhairimh nó a thabhófar thar a cheann i dtoghchán íocfar as mar chuid de na toghcháin áitiúla.
Alt 16(4) Is toghlach chun críocha na Coda seo gach limistéar díobh seo a leanas:—
(a) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Dhún na nGall,
(b) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae na Gaillimhe
(c) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Mhaigh Eo
(d) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae na Mí
(e) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Phort Láirge
(f) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Chiarraí
(g) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Chorcaí
Alt16(5) Toghfaidh gach toghlach a shonraítear i bhfo-alt (3) (a) go dtí (g)gnáthchomhalta amháin.
Alt 16(6) I gcás, maidir le toghlach a shonraítear in alt 29, a rachfar in iomaidh i dtoghchán, beidh gach duine i dteideal vótáil sa toghchán a mbeadh teideal aige, dá mba thoghlimistéar áitiúil an toghlach agus gur thoghchán áitiúil a dhéanfaí faoina threoir sin an toghchán, vótáil sa toghchán áitiúil sin.
Alt16(7) Beidh an ceann comhairimh céanna i mbun na dtoghchán áitiúla i mbun toghcháin d'Údarás na Gaeltachta
Alt 16(8) Ní bheidh an ceann comhairimh, aon leas-cheann comhairimh ná aon duine a bheidh fostaithe ag an gceann comhairimh nó ag leas-cheann comhairimh i dteideal a ainmnithe, ná i dteideal duine a ainmniú, mar iarrthóir i dtoghchán.
Alt 16(9) Ní ghníomhóidh an ceann comhairimh, aon leas-cheann comhairimh ná aon duine a bheidh fostaithe ag an gceann comhairimh nó ag leas-cheann comhairimh mar ghníomhaire d'aon iarrthóir i dtoghchán ná ní chuirfidh iarrthóireacht iarrthóra den sórt sin chun cinn.
Alt 16(10) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas i ndáil le toghcháin:—
(i) ainmniúcháin,
(ii) éarlaisí ó iarrthóirí,
(iii) an nós imeachta nuair nach mbeidh aon iarrthóir ainmnithe i dtoghlach,
(iv) an nós imeachta i gcás ar lú an líon daoine a bheidh ainmnithe do thoghlach ná an líon comhaltaí atá an toghlach sin i dteideal a thoghadh,
(v) bás iarrthóra,
(vi) dualgais agus foireann cheann comhairimh agus aon leas-cheann comhairimh,
(vii) foirm an pháipéir bhallóide a úsáidfear,
(viii) vótaíocht a thógáil agus na vótaí a chomhaireamh,
(ix) rúndacht na vótála a choimeád,
(x) coimeád na bpáipéar ballóide agus an modh ar a ndiúscrófar iad,
(xi) ceantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta a shonrú,
(xii) scoileanna agus seomraí poiblí a úsáid (in aisce),
(xiii) socruithe le haghaidh postvótála,
(xiv) vótaíocht ar oileáin,
(xv) boscaí ballóide agus trealamh toghcháin eile le húdaráis áitiúla a úsáid,
(xvi) cur isteach ar bhoscaí ballóide nó ar pháipéir bhallóide,
(xvii) daoine a bheidh á mí-iompar féin i stáisiúin vótaíochta a chur amach,
(xviii) cártaí vótaíochta a eisiúint,
(xix) cláir toghthóirí a ullmhaíodh chun críche toghchán áitiúil a úsáid agus cláir arb iad na cláir toghthóirí don Údarás iad a thiomsú as na cláir sin.
Alt16(11) I gcás a mbeartófar rialacháin faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.
|
|
|
Comhaltaí Údarás na Gaeltachta - rogha 2
Chun go dtoghfaidh muintir na gcontaetha éagsúla Gaeltacht duine amháin de chomhaltaí Bhord an Údaráis as a gContae féin, mar chuid den chóras toghcháin céanna trína dtoghtar na comhairleoirí contae.
|
Alt 16 (2)(a)(ii), Lch 27, Líne 2
|
Bain amach ‘a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Dhún na nGall as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;’ agus cuir isteach:
‘a thoghfar ar an lá céanna agus a thoghfar comhaltaí chomhairle contae Chontae Dhún na nGall ag pobal na limistéar i gContae Dhún na Gall a bhfuil aitheantas acu mar limistéar Gaeltachta nó mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi fhorálacha an Achta seo ar an lá sin.’
Delete ‘who shall be appointed by the Minister, on the nomination of the county council of County Donegal from amongst its members, or if no member of that county council is available or considered suitable for appointment by that county council, from amongst persons whom the county council considers to be representative of one or more than one of the Gaeltacht areas or Gaeltacht Language Planning Areas in that county;’ and insert
‘who shall be elected on the same day as the members of the county council of County Donegal by the people who live in the areas of County Donegal that are designated as Gaeltacht areas under the provisions of this act on that day.’
|
|
Alt 16 (2)(a)(iii), Lch 27, Líne 14
|
Bain amach ‘a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Mhaigh Eo as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;’ agus cuir isteach:
‘a thoghfar ar an lá céanna agus a thoghfar comhaltaí chomhairle contae Chontae Mhaigh Eo ag pobal na limistéar i gContae Mhaigh Eo a bhfuil aitheantas acu mar limistéar Gaeltachta nó mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi fhorálacha an Achta seo ar an lá sin.’
Delete ‘who shall be appointed by the Minister, on the nomination of the county council of County Mayo from amongst its members, or if no member of that county council is available or considered suitable for appointment by that county council, from amongst persons whom the county council considers to be representative of one or more than one of the Gaeltacht areas or Gaeltacht Language Planning Areas in that county;’ and insert
‘who shall be elected on the same day as the members of the county council of County Mayo by the people who live in the areas of County May that are designated as Gaeltacht areas under the provisions of this act on that day.’
|
|
Alt 16 (2)(a)(iv), Lch 27, Líne 26
|
Bain amach ‘a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae na Gaillimhe as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;’ agus cuir isteach:
‘a thoghfar ar an lá céanna agus a thoghfar comhaltaí chomhairle contae Chontae na Gaillimhe ag pobal na limistéar i gContae na Gaillimhe a bhfuil aitheantas acu mar limistéar Gaeltachta nó mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi fhorálacha an Achta seo ar an lá sin.’
Delete ‘who shall be appointed by the Minister, on the nomination of the county council of County Galway from amongst its members, or if no member of that county council is available or considered suitable for appointment by that county council, from amongst persons whom the county council considers to be representative of one or more than one of the Gaeltacht areas or Gaeltacht Language Planning Areas in that county;’ and insert
‘who shall be elected on the same day as the members of the county council of County Galway by the people who live in the areas of County Galway that are designated as Gaeltacht areas under the provisions of this act on that day.’
|
|
Alt 16 (2)(a)(v), Lch 27, Líne 38
|
Bain amach ‘a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Chiarraí as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;’ agus cuir isteach:
‘a thoghfar ar an lá céanna agus a thoghfar comhaltaí chomhairle contae Chontae Chiarraí ag pobal na limistéar i gContae na Gaillimhe a bhfuil aitheantas acu mar limistéar Gaeltachta nó mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi fhorálacha an Achta seo ar an lá sin.’
Delete ‘who shall be appointed by the Minister, on the nomination of the county council of County Kerry from amongst its members, or if no member of that county council is available or considered suitable for appointment by that county council, from amongst persons whom the county council considers to be representative of one or more than one of the Gaeltacht areas or Gaeltacht Language Planning Areas in that county;’ and insert
‘who shall be elected on the same day as the members of the county council of County Kerry by the people who live in the areas of County Kerry that are designated as Gaeltacht areas under the provisions of this act on that day.’
|
|
Alt 16 (2)(a)(vi), Lch 49, Líne
|
Bain amach an mhír.
Delete subsection.
Insert 3 new subsections:
‘(vi) gnáthchomhalta amháin, a thoghfar ar an lá céanna agus a thoghfar comhaltaí chomhairle contae Chontae na Mí ag pobal na limistéar i gContae na na Mí a bhfuil aitheantas acu mar limistéar Gaeltachta nó mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi fhorálacha an Achta seo ar an lá sin.’
‘(vi) one ordinary member, who shall be elected on the same day as the members of the county council of County Meath by the people who live in the areas of County Meath that are designated as Gaeltacht areas under the provisions of this act on that day.’
‘(vii) gnáthchomhalta amháin, a thoghfar ar an lá céanna agus a thoghfar comhaltaí chomhairle contae Chontae Phort Láirge ag pobal na limistéar i gContae Phort Láirge a bhfuil aitheantas acu mar limistéar Gaeltachta nó mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi fhorálacha an Achta seo ar an lá sin.’
‘(vii) one ordinary member, who shall be elected on the same day as the members of the county council of County Waterford by the people who live in the areas of County Waterford that are designated as Gaeltacht areas under the provisions of this act on that day.’
‘(vii) gnáthchomhalta amháin, a thoghfar ar an lá céanna agus a thoghfar comhaltaí chomhairle contae Chontae Chorcaí ag pobal na limistéar i gContae Chorcaí a bhfuil aitheantas acu mar limistéar Gaeltachta nó mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi fhorálacha an Achta seo ar an lá sin.’
‘(vii) one ordinary member, who shall be elected on the same day as the members of the county council of County Cork by the people who live in the areas of County Cork that are designated as Gaeltacht areas under the provisions of this act on that day.’
|
|
Alt 16 (2)(b)
|
Bain amach an mhír.
Delete subsection.
|
|
|
Seirbhísí a sheachadadh thar ceann comhlachtaí Stáit eile
Is iad na húdaráis áitiúla, an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Roinn Oideachais agus Scileanna na húdaráis agus na Ranna Stáit is mó a mbíonn plé ag pobal na Gaeltachta leo agus níl seirbhís sásúil iomlán Gaeilge ar fáil uathu. Ba chóir go mbeidh Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i gceannas ar na seirbhísí a sheachadadh le cinnte a dhéanamh go mbeidh siad ar fáil trí Ghaeilge ar chaighdeán sásúil.
|
Alt 17 (d)
|
in ionad
(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhoalt (6A):
(6B) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, seirbhísí a sheachadadh thar ceann comhlachtaí Stáit eile sa Ghaeltacht.”, agus
Cuir:
(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhoalt (6A):
(6B) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, seirbhísí a sheachadadh thar ceann comhlachtaí Stáit eile sa Ghaeltacht.”
(6C) Gan dochar do fhoalt (6B), déanfaidh an tÚdarás gach seirbhís a sheachadadh thar ceann Chomhairle Chontae Dhún na nGall, Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Chomhairle Chontae Chiarraí, Comhairle Chontae Chorcaí, Chomhairle Chontae Phort Láirge agus Chomhairle Chontae na Mí sa Ghaeltacht.
(6D) Gan dochar do fhoalt (6B), déanfaidh an tÚdarás gach seirbhís a sheachadadh thar ceann an Aire Talmhaíochta Bia agus Mara sa Ghaeltacht.
(6E) Gan dochar do fhoalt (6B), déanfaidh an tÚdarás gach seirbhís a sheachadadh thar ceann an Aire Coimirce Sóisialaí sa Ghaeltacht.
(6G) Déanfaidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta gach seirbhís a sheachadadh thar ceann an Aire Oideachais agus Scileanna sa Ghaeltacht. , agus
|
|
|
An Garda Síochána
Foráiltear le halt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005 mar a leanas (Níl an tiontú oifigiúil Gaeilge ar fáil fós. Seo sárú ar Airteagal 25.4.4° den Bhunreacht):
33.(2) The Garda Commissioner shall, to the extent practicable, ensure that members of the Garda Síochána stationed in a district that includes a Gaeltacht area are sufficiently competent in the Irish language to enable them to use it with facility in carrying out their duties.
Is léir ó Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2011 nach bhfuil ag éirí leis an bhforáil coinníollach seo. Is gá é a athrú:
|
Alt 25
|
Cuirtear isteach i ndiaidh alt 25 de Bhille na Gaeltachta 2012:
“25. Leasaítear alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005 tríd “to the extent practicable” a scriosadh”.
|
|