RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Litreacha Garret: Eorpach agus Náisiúnaí den chéad scoth

Litreacha

Garret: Eorpach agus Náisiúnaí den chéad scoth

Chun mórgacht Garret a thuiscint is gá breathnú air mar náisiúnaí. Rud nach ndéantar minic go leor. Bhí an náisiúnachas agus an poblachtánachas ina chuid fola aige. Níos deireanaí ina shaol ba Eorpach díograsach é freisin, le Fraincis ar a thoil aige. Chuaigh a Eorapachas agus a náisiúnachas Éireannach i bhfeidhm ar a chéile agus leis sin agus lena dhíograis agus lena dhaonnacht láidir agus a chumas intleachtúil, d’éirigh leis, i gcomhair le daoine áirithe eile, cur ina luí ar náisiúnaigh Éireannacha go raibh gá le tuiscint nua, níos leithne ar an náisiúnachas. Tharla éabhlóid comhthreomhar i measc na nAontachtóirí agus sa deireadh baineadh amach socrú atá lag agus so-bhriste go fóill ach atá ag gníomhú i gcónaí.

Náisiúnachas Garret

Ba Phreispitéireach Ultach í a mháthair. Ba Chaitliceach de bhunús Ciarraíoch, ach a rugadh agus a tógadh i Londain, é a athair. Is fiú creideamh a thuismitheoirí a lua mar ní féidir a sheachaint go raibh an Caitliceachas ina cheann de an tréithe a chabhraigh le mothúchán céannachta agus náisiúnach a chothú i measc mórchuid Éireannach. Ní ón fhéith áirithe sin, áfach, a tháinig náisiúnachas an lánúin sin a bhuail le chéile go luath sa fichiú aois. Ba náisiúnaigh cultúrtha iad. Ba é an spéis a chuir an bheirt acu sa teanga Gaeilge agus cultúr na hÉireann a thóg le chéile iad. I rith a shaoil chreid Garret FitzGerald sa náisiúnachas agus an poblachtánachas mar a craobhscaoileadh iad ag Wolfe Tone agus Tomás MacDáibhis. Ba iad na haidhmeanna a bhí acusan ná poblacht a bhunú sa chiall Francach/Meiriceánach agus Éireannachas sa chiall cultúrtha de.

D’fhill Desmond FitzGerald agus a bhean ar Éirinn agus bhí siad páirteach in Óglaigh na hÉireann. Dhiúltaigh said ceannas Mhic Réamainn a leanúint nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach i 1914. Chloígh said le líne na n-antoisceach. Bhí said in Ard-Oifig an Phoist in Éirí Amach 1916. Ciallaíonn sé sin gur throid siad in aghaidh an airm ina raibh na mílte Éireannach liostálta agus a bhí i ngleic leis an nGearmáin i gcogadh marfach – an cogadh ba mhó a troideadh ariamh ar domhan go dtí sin b’fhéidir. Throid said in aghaidh an airm sin cé go raibh na ceannairí a thogh muintir na h-Éireann ag tabhairt tacaíochta dó mar gur cheap said gurb é sin an bealach ab fhearr chun saoirse nó féinriail ón mBreatain a bhaint amach. De réir na fianaise atá againn tá gach cosúlacht ar an scéal go raibh muintir na hÉireann i gcoiteann in aghaidh an Éirí Amach.

B’shin cuid den oidhreacht a fuair Garret óna thuismitheoirí. Ach níl ansin ach a leath nó an ceathrú chuid den scéal. Mar staraí thuig Garret go maith go gcaithfimid eachtraí na staire a thuiscint i gcomhthéacs an ama. Níor chuir an foréigean sceon ar dhaoine an t-am sin mar a chuireann anois. Bhí na ceannairí ar fad réidh ómós a thabhairt do laochra a throid ar son na tire. Ba laochra iad lucht Éirí Amach 1798, Robert Emmet, na Fíníní. Mhol Mac Réamaoinn féin an maitheas a bhféadfadh bheith páirteach i gcogadh a dhéanamh don náisiún.

Nuair a d’athraigh meon mhuintir na hÉireann tar éis gur chuir na Sasanaigh ceannairí an Éirí Amach chun báis, bhí páirt an-tábhachtach ag Desmond FitzGerald, ach go háirithe i stiúradh cúrsaí bolscaireachta na Dála. Bhí sé i bhfabhar an Chonartha i 1921 agus bhí sé ina aire i gcéad rialtas an tSaorstáit. Dála an scéil bhí a mháthair go mór in aghaidh an Chonartha agus dúirt Garret féin nach ndéanfaí tagairt ar bith don chogadh cathartha sa teaghlach nuair a bhí sé ina bhuachaill. Rinne rialtas an tSaorstáit cinntí a bhí uafásach dian – cruálach fiú. Cuireadh thart ar ceithre scór príosúnach chun báis, cuid acu mar iombhagairt. Scoilt domhain, searbhasach idir seanchairde a bhí ann. Ina ainneoin sin mhair cairdeas idir clann Mhic Ghearailt agus clanna áirithe a thóg páirt an taoibh eile.

Bhí Desmond ina Aire Gnóthaí Eachtracha nuair a rugadh a mhac – a pháiste deireanach – Garret i 1926. (Bhí triúr mhac ann cheanna agus is cosúil gur mhór an trua a bhí ar an gclann nár cailín a bhí i Garret.)

Faoin am seo ba léir do Desmond FitzGerald nach taithí iomlán dearfach a bhí ann bheith páirteach sa pholaitíocht. B’uafásach an leibhéal foréigin a bhain le polaitíocht na 1920í agus na 1930í. Maraíodh an tAire Dlí agus Cirt, mar a thugtar ar an bpost sin anois, i 1927. Ag cruinniú amháin i gcathair Chill Choinnigh thart ar 1928 bhí ar na Gardaí Síochána Desmond FitzGerald a chosaint. Déanadh iarracht a charr a iompú bun os cionn. Rinne Desmond FitzGerald gach iarracht a chur ina luí ar a chlann mhac gan baint ar bith a bheith acu leis an bpolaitíocht. I gcás a mhic ba óige, theip glan air.

B’shin an cúlra náisiúnach a bhí ag Garret. Náisiúnaigh amach is amach ab ea a thuismitheoirí. Chreid said go mba chóir saoirse polaitíochta na hÉireann a bhuanú. Bhí ómós acu do chultúr na hÉireann. Cuireadh Garret é féin ar scoil ar feadh bliana sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge. Cé gur lean a shuim i ngnéithe éigin de stair na Gaeilge go deireadh a shaoil agus cé gur cheap sé gur tragóid ab ea é gur chailleamar ár dteanga ba bheag a bhíodh le rá aige faoi go poiblí. Is cosúil go raibh sé níos líofa sa bhFraincis agus fiú sa Spáinnis ná mar a bhí sé sa nGaeilge sa deireadh. Ba léir dó, áfach, nach rud é an náisiúnachas a bhain le Caitlicigh amháin. Ní raibh blas ar bith den bhiogóideacht reiligiúnach ag baint leis. Ba léir dó an dochar a bhféadfadh an foréigean a dhéanamh.

Náisiúin, an Náisiúnachas agus an Eoraip

Mothúchán an-láidir ab ea an náisiúnachas san Eoraip. Scaipeadh tuairimí náisiúnacha le airmeacha na Fraince i dtosach na 19ú aoise. Aontaíodh an Iodáil ar bhunús náisiúnach. Mhéadaigh aontú na Gearmáine cumhacht an náisiúnachais i measc Gearmánach.

Thaispeáin an Chéad Chogadh Domhanda neart mór an náisiúnachais. Stróiceadh óna chéile an Impireacht uile-náisiúnach, an Ostair-Ungárach, san síocháin a deineadh ag deireadh an chogaidh agus cuireadh iliomad stát ina háit. Ba iarracht é sin stáit náisiúnta a chur ar bun ach ba mhinic a tharla sé gur fágadh pobail i dtíortha ina raibh móramh de náisiúin eile. Ba iad Gearmánaigh, Ungáraigh agus Bulgáraigh ba mhó a fágadh sa riocht sin. Ba náisiúin iad sin gur buadh orthu sa Chogadh.

Níor éisteadh le cás na hÉireann sa Chomhdháil síochána mar bhíomarna lonnaithe i gceartlár na Ríochta a bhí tar éis buachaint. Ach taobh istigh de cheithre bliana tar éis an Chogaidh bhí Saorstát na hÉireann ar bun agus bhí críochdheighilt curtha i bhfeidhm chomh maith. Bhí an rialtas ó dheas – ó 1932 ar aon nós – ag iarraidh an tír a athaontú. I 1937 ghlac muintir an tSaorstáit le bunreacht a leag síos gurb é oileán iomlán na hÉireann an limistéar náisiúnta. Imríodh leatrom ar an mionlach náisiúnach ó Thuaidh. Cineál Cogadh Fuar dár gcuid féin a bhí ar siúl againn. B’shin rud a chuir Garret ina aghaidh i gcónaí.

Bhris an Dara Chogadh Domhanda amach i 1939 agus mhair sé ar feadh sé bhliana. Ina dhiaidh sin bhí difríocht mhór idir an méid a tharla in Iarthar agus in Oirthear na hEorpa.

Bhí rialtais chumannacha i bhfeighil na dtíortha in oirthear na mór-ranna. Dar leis na Cumannaigh ba chóir obair ar son aontas oibritheoirí an domhain agus gan bacaint le náisiúnachas. Ach le titim an Chumanachais i dtosach na nóchaidí tháinig an náisiúnachas chun tosaigh arís. Troideadh cogaí mar gheall air. Bunaíodh níos mó tíortha nua náisiúnacha – na stáit Bhaltacha, na stáit a bhíodh san Iúgslaiv – agus bhris an tSeic Slóvaic i ndá chuid náisiúnach.

Ach san Iarthar ba é an rud ba shuntasaí a tharla sa chomhthéacs seo ná tosach gluaiseachta i dtreo aontachta Eorpaigh. Ba é bunú eagras ar nós Benelux agus an Comhphobal Ghuail agus Cruaich, sna blianta i ndiaidh an chogaidh, tosach na gluaiseachta seo. Ba é síniú Conradh na Róimhe agus bunú an Chó-mhargaidh i 1957-8 a bharrchéim. Ach níor ghlac an Ríocht Aontaithe ná Éire páirt sa ghluaiseacht seo go dtí 1973.

Ba é tábhacht na gluaiseachta seo in Iarthar na hEorpa chomh fada is a bhaineann sé leis an náisiúnachas de ná gur tharla athruithe fíneálta i mbrí an náisiúnachais sa chuid sin den mhór-roinn. Aithníodh i gcónaí neamhspleáchas na seanstát. Aithníodh i gcónaí na traidisiúin náisiúnta agus teangacha náisiúnta. Ach bhí níos mó cainte anois ar theacht le chéile agus droichid a thógáil in ionad neamhspleáchais, ar phobail níos mó ná náisiúin. De réir a chéile laghdaíodh ar thábhacht teorainneacha. Ba áiteanna iad inar gá luas gluaisteáin a mhaolú beagán in ionad áiteanna ina mbeadh ort pas nó lion do mhála a thaispeáint do lucht custaim.

I measc scoláirí a bhí ag scríobh faoin náisiúnachas bhíothas ag tosú ag glacadh leis gur coincheap teibí, suibíochtúil, miotas fiú, ab ea an náisiún. Bhíothas ag tosú ag glacadh leis freisin go bhféadfadh gach pobal a socrú féin a dhéanamh maidir lena náisiúnachas.

Ag deireadh na seascaidí bhris na trioblóidí amach i dTuaisceart Éireann. Cuireadh saighdiúirí Sasanacha isteach le síocháin a bhuanú. Ach bhí siad leis sin a dhéanamh ag cabhrú leis na húdaráis áitiúla. Ba aontachtóirí agus Protastúnaigh iad sin. Tar éis Domhnach na Fola i 1972 cuireadh deireadh le féinrialtas sa Tuaisceart. D’éirigh an foréigean níos measa agus chuir an IRA feachtas míleata ar bun chun na Sasanaigh a dhíbirt. Lean an cogadh go 1994.

Garret agus an Comhaontú Angla-Éireannach 1985

Chreid Garret ó thús go raibh gá mór ann go mbeadh comhthuiscint idir an dá phobal, an dá náisiún ar an oileán seo. Ghlac sé sular thuig go leor eile é le fírinne bhunúsach maidir le muintir an oileáin seo. Sé sin le rá, má cheapann aontachtóirí an Tuaiscirt, agus tá idir milliún agus milliún go leith acu ann, bailithe in aon chúinne amháin den oileán, gur pobal faoi leith iad agus gur chuid dá n-oidhreacht é a ndílseacht pholaitíochta a thabhairt do choróin Shasana, caithfear é sin a chur san áireamh agus muid ag socrú cén chaoi an t-oileán a rialú. Níos mó ná sin, ós rud é go raibh tírín dá gcuid féin acu ó 1920 ar aghaidh, níorbh fhéidir agus níor chóir iad a bhuamáil isteach sa Phoblacht. I bhfocail eile, bhí Garret ag glacadh le tuairim a bhí i bhfad níos forleithne anois. Ní rud í céannacht náisiúnta atá ann go hoibiachtúil. Is iad muintir pobail iad féin a shocraíonn a gcéannacht féin agus a dhéanann amach an náisiún iad nó nach ea.

B’shin é an dearcadh a bhí taobh thiar don Chomhaontú Angla-Éireannach a shínigh sé féin agus Príomh-Aire na Breataine, Margaret Thatcher i 1985.

An aidhm bhunúsach a bhí ag Garret faoin am seo ná córas polaitiúil a bhunú ó Thuaidh a chaomhnódh luachanna agus aidhmeanna an dá náisiún agus a thaispeánfadh an meas céanna ar an dá náisiún. Thuig sé go gcaithfí an éacht sin a bhaint amach ar bhealach síochánta mar thuig an mac seo de lánúin a throid in Éirí Amach na Cásca go milleann an foréigin an chomhthuiscint. Faoin am seo bhí tuiscint níos doimhne ag na Sasanaigh ar an scéal chomh maith.

Ghlac rialtas na hÉireann nach n-athrófaí stádas an Tuaiscirt ach amháin má bhí móramh na ndaoine ó thuaidh ag iarraidh é a athrú. B’shin prionsabal nach raibh náisiúnaigh Éireannacha ariamh roimhe sin sásta a ghlacadh leis agus bhí an lamháltas seo bunaithe ar an tuiscint nua ar an náisiúnachas a bhfuil tagairt déanta dó thuas. Ar an taobh eile de, ag glacadh leis don chéad uair gur pobal faoi leith a bhí sa mionlach náisiúnach a bhí ag iarraidh Éire a aontú, bhronn an an Comhaontú seo ról oifigiúil polaitíochta, cé gur ról comhairleach amháin a bhí ann, do rialtas Bhaile Átha Cliath ins an Tuaisceart.

Chuir an méid deireanach seo na haontachtóirí ar mire. Go dtí an nóiméad sin bhíodh na haontachtóirí ag cur in aghaidh gach iarrachta a deineadh an córas rialtais ó thuaidh a athrú. Ní raibh le déanamh acu ach “No Surrender” a rá. Ach anois bhí an status quo athraithe. Bhí ról ag an Poblacht sa Tuaisceart. Níor leor an mana sin a thuilleadh. Bhí ar na hAontachtóirí éirí níos cruthaithí.

Faraor tharla mórchuid foréigin agus marú sular thángthas ar réiteach. Thóg sé na blianta eile sular thuig an IRA nach bhféadfaí an cogadh a bhuachaint agus iachal a chur ar an bpobal Protastúnach glacadh le Aontas na hÉireann nó glanadh amach ón tír. Ach leis an gComhaontú sin bhí an síol curtha gur tháinig bláth air ar Aoine Céasta 1998. Taobh istigh de cúpla bliain bhí rialtas ann ina raibh an dá phobal ag comhoibriú.

 

Garret agus Margaret Thatcher a leag an bhunchloch i 1985.

Le meas,

Mícheál Ó Riain

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
11:29PM Nov 22