Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 27 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Litreacha Litir faoi Bhille na Gaeltachta

Litir faoi Bhille na Gaeltachta

A chara,

Ó bhliain an 2000 i leith, tá na milliúin Euro caite ag Rialtas na hÉireann ag coimisiúnú taighde ar chás na Gaeilge mar theanga bheo pobail sna ceantair Ghaeltachta.

Sa tuarascáil 'An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht', a foilsíodh beagnach 5 bliana ó shin, dúradh nach raibh fágtha ach idir 15 agus 20 bliain ag an nGaeilge mar theanga bheo sa gcuid is láidre den Ghaeltacht, murar féidir an patrún teanga a chasadh ar mhalairt treo. I bhfocail eile, tá géarchéim ann nach mór dul i ngleic léi ar bhonn práinne.

Is é Bille na Gaeltachta 2012, atá os comhair Sheanad Éireann faoi láthair, freagra an rialtais ar an ngéarchéim sin. Ní leor é. Tá sé chomh lag mar fhreagra nach bhfeictear dúinn gur fiú a bheith ag iarraidh é a leasú.

Ní hamháin go gcuireann sé deireadh leis an ngné dhaonlathach a bhain le roghnú bhord Údarás na Gaeltachta ón tús ach chomh maith leis sin, is ar éigean go luaitear an t-oideachas agus ní luaitear beag ná mór an phleanáil tithíochta sa mBille, amhail is nach bhfuil ról ar bith ag na gnéithe sin i dtodhchaí na Gaeilge sa nGaeltacht.

Is cuspóir náisiúnta é, ó bunaíodh Conradh na Gaeilge i 1893, go gcoinneofaí an Ghaeilge beo sa nGaeltacht, gan caint ar í a leathnú ar fud na tíre. Leis an mBille seo, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an rialtas ag ní a lámh maidir leis an gcuspóir náisiúnta sin, chomh fada is a bhaineann sé leis an nGaeltacht, trí ualach chaomhnú na teanga a chur ar eagraíochtaí pobail nach acmhainn dóibh an t-ualach a iompar fiú dá mba mhian leo sin. Idir an dá linn, beidh ról ag an dá eagras stáit, Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, ar an taobhlíne mar mhaoirseoirí.

Tuigtear dúinne, a bhfuil ár n-ainmneacha leis seo, nach leor Bille na Gaeltachta 2012 leis an taoille in aghaidh na Gaeilge a chasadh fiú amháin sa gceantar is láidre Gaeilge sa tír. Ar an mbonn sin, molann muid go dtarraingeofaí siar an Bille. Níor mhór do Bhille na Gaeltachta plé le gach gné den saol a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga pobail. Níor mhór dó a bheith cuimsitheach, réadúil, dóthaineach le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa gcuid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid ar bhonn laethúil.

Ar an ábhar go gcreideann muid nach dtugann Bille na Gaeltachta 2012 aon seans don Ghaeilge maireachtáil inár gceantar féin, Conamara Theas, ní bheidh muide sásta a bheith páirteach sa gcur i ngéill a thiocfas as, in aon bhealach.

 

Is muide,

Páid Ó Donnchú, Na Forbacha.

Donncha Ó hÉallaithe, Indreabhán.

Ruaidhrí Ó Tuairisg, Indreabhán.

Paula Nic Cionnaith, Indreabhán.

Greg Ó Braonáin, Indreabhán.

Deboragh agus Brian Ó Gibne, Indreabhán.

Bob Quinn, Béal a’ Daingin.

Seán Ó hAodha, Indreabhán.

Feargal Ó Béarra, An Spidéal.

Fearghas Mac Lochlainn, An Spidéal.

Páraic Ó Giobúin, Camus.

Gearóid Ó Murchú, Indreabhán.

Máirtín Ó Cadhain, An Spidéal.

Gearóid Ó Fátharta, Indreabhán.

Uinsionn Mac Thómais, Pleanálaí Teanga.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter