Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 27 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Litreacha Urlabhraí Guth na Gaeltachta

Urlabhraí Guth na Gaeltachta

A Aire,
Tá mé ag scriobh chugat le mo mhíshástacht a léiriú maidir leis na scéalta nuachta gur scríobh do Roinn chuig urlabhraí ó Ghuth na Gaeltachta, Dónall Ó Cnáímhsí, atá fostaithe mar gharraíodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, chun fainic a chuir air maidir le ráitis a dhéanamh faoin Bhille Gaeltachta.
Má tá an méid seo fíor, silim go bhfuil sé scannalach. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh saoirse cainte ag daoine i bpoblacht daonlathach. Níor bhain Bille na Gaeltachta le hobair laethúil Dhónaill mar gharraíodóir agus dá bhrí sin ní fheicim go bhféadfadh coimhlint leasa ar bith i gceist. Tá an chosulacht air an scéal go bhfuil an Rialtas ag iarraidh glórtha criticiúla a chuir ina dtost.
Tá aithne mhaith agam ar Dhonall le fada. Is fear clainne é atá ag togáil a chlann le Gaeilge agus ag déanamh an méid atá do Roinn in ainm is a bheith ag cur chun cinn maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ina shaol laethúil. Tá sé náireach go mbeifí ag iarraidh fear uasal den chineál seo a chiúiniú mar go bhfuil sé amhrasach maidir le forálacha Bhille na Gaeltachta.
Ba bhreá liom dá bhféadfá soiléiriú a thabhairt má tháinig a leithéad de litir ó do Roinn. Má cuireadh chuig Dónall é, cé a chuir é agus cén fáth? Agus an bhfuil tú sásta go ngabhfadh do Roinn leithscéal iomlán le Dónall Ó Cnáimhsí láithreach faoin ábhar seo.
Bheadh mé buíoch duit ach freagra a fháil uait ar do chaothúlacht ar an ábhar tromchúiseach seo.
Le deá-mhéin,
Trevor Ó Clochartaigh
Seanadóir/Senator
Teach Laighean/Leinster House,
Baile Átha Cliath 2/Dublin 2
Éire/Ireland
(00353) 1 6184067

Teach Laighean/Leinster House
Baile Átha Cliath 2/Dublin 2
Éire/Ireland

trevor.oclochartaigh@oireachtas.ie 
(00353) 1 6184067

*Thuas tá litir a sheol an seanadóir Trevor Ó Clochartaigh chuig an Aire Jimmy Dennihan ar an 17 Iúil 2012 21:57

Scríobh nóta tráchta

Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?

Torthaí

Twitter