Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 26 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Litreacha Litir faoin bhfear gnó Seán Quinn

Litir faoin bhfear gnó Seán Quinn

A Eagarthóir, a chara,

Cúpla bliain ó shin dúradh go raibh sé ar an duine is saibhre san tír. Tá scéal eile ann anois. Tá an fear faoi bhrú.

Is éasca dearmad a dhéanamh ar an méid atá saothraithe ag an Chuinneach le tríocha bliain anuas chun saol dhaonra iarthar Chabháin agus Fhear Manach a fheabhsú.

Bhíos sa teach ósta Sliabh Russell le déanaí. Nuair a chuimhníonn tú ar an gceantar seo roimh an bhforbairt agus na háiseanna atá ann anois is míorúilt é - Las Vegas ar ár gcúldoras.

Tá constaicí ag goilliúint ar Sheán anois. Molaim dó “Siúl go hard. Níl aon rud le bheith buartha faoi. Táimid go léir i bhfiacha duit.”

Ar son cheantar mo shinsear tá buíochas tuilte duit.

Orla Ní Mhuinneog

Na Clocha Liath

Cill Mhantáin

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter