Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Luain 04 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Litreacha Cumhacht na Farraige

Cumhacht na Farraige

Le déanaí, léigh me píosa i gceann de na nuachtáin náisiúnta faoi fheachtas atá ar siúl ag Concubhar Ó hEachaigh, fuinneamh leictreach a ghiniúint ó chumhacht na dtonn.

Ta an tuairim ceanna agam le fada go bhfuil deis iontach, go  háirithe ar chósta Iarthar na hÉireann, a leithéid a dhéanamh. An chead uair a chonaic me an tionscnamh seo idir lámha, bhí mé sa Fhrainc, gar do St Malo, sa Bhriotáin. 

D’oscail Searlas de Gaulle, Uachtarán na Fraince, stáisiún cumhachta ollmhór farraige ag ait darb ainm La Rance. Nil a fhios agam céard a tharla ó shin maidir le taighde don fhoinse chumhachta ríthábhachtach seo. Ní gá ach smaoineamh ar an méid cumhachta ata ar chósta Iarthar na hÉireann ón bhfarraige.

Cén fáth nach bhfuil úsáid á bhaint as?  Go fírinneach, nil ann ach gné eile den chéad stáisiún cumhachta hidrileictreachais a tógadh in Ard na Croise go gairid tar éis bunú an Stáit. Bheadh se ina chuid mhór den fhreagra ar riachtanais chumhachta na tíre a sholáthar.

 

Le meas,

Micheal S. Mac Giolla Gannain,

Gaillimh

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter