Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Máirt 05 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Litreacha An Coir: Dán ó dhuine de léitheoirí 'Foinse'

An Coir: Dán ó dhuine de léitheoirí 'Foinse'

Seo a leanas dán a seoladh isteach chugainn:

 

An Coir

Níl mórán arthú tagtha

Tríd na blianta,

An láidir ag luigh ar an lag

Díreach mar a bhí.

 

Tá an deoir deireadh le tabhairt

Ag lucht an faraor gear.

“Tá muid uilig ann in éineacht”

Dúirt an rialtóir, ansin dúirt

“Tá muid san áit ina bhfuil muid”.

 

Tá páistí sa tír anocht

Airdeallach ar céard atá,

Bhfuil cuir éigint déanta acú

Ag fágáil a muintir gann.

 

Na gambiní a rinne an coir

Ní iad atá ag ioc an luach,

Ach na teallaigh atá gan teas

‘S atá anocht sa bhfuacht.

 

Le Paddy Mhéime Connamara

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter