RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Scéalta ón Taobh Rua

Scéalta ón Taobh Rua \| Hector Ó hEochagáin

Clann mhór CLG ag teacht le chéile

Satharn 3 Samhain 10.43pm

Páirc Mhic Easmainn

Béal Feirste

Bhí beagnach 20,000 sáite isteach sa pháirc pheile cháiliúil seo i lár chathair Bhéal Feirste. Tháinig siad le chéile ar an oíche fhuar thirim seo le hómós a thaispeáint do bhean óg as Tír Eoghain , bean óg as Éirinn a maraíodh agus í ar mhí na meala thall ar Oileán Mhuirís.  Thángamar ar fad le cheile chun tacaíocht a thaispeáint agus a thabhairt do chlann Michaela Harte agus do chlann a fir chéile as Co an Dúin, John McAreavey.

D’oscail na geataí ag a 5 30 tráthnóna agus roimh a 6 bhí níos mó ná 5,000 suite ann lán le dathanna Dhún na nGall agus dathanna Uladh. Tháinig grúpa traidisiúnta rac cheoil, More Power To Your Elbow, ar an ardán agus níorbh fhada go raibh an slua ag bogadh ar na barraicíní ag coinneáil an fhuachta uathu.

Fuair mé glaoch gutháin ó John Mc Areavey thart ar dhá mhí ó shin, chuir sé ionadh an domhain orm go raibh sé ar mo thóir nuair a ghlaoigh sé… “Hector .. an é sin Hector?”   “John McAreavey anseo, tá cabhair ag teastáil uaim”. Théis an chomhrá gutháin dúirt mé leis go ndéanfainn pé rud a bhí uaidh agus go mbeinn sásta gan aon fhadhb dul go Béal Feirste agus Fear an Tí a dhéanamh ar aon oíche mhór a bhí pleanáilte acu. Bhí mé ag tnúth chomh maith le bualadh le Micky Harte, bainisteoir cáiliúil Thír Eoghain agus athair Michaela. Fear uasal, fear láidir, Éireannach den scoth a bhí sáite go hiomlán i gcúrsaí CLG le blianta anuas.

Os comhar an tslua ar an maidhc, dúirt mé leis go raibh an slua de 20,000, agus an tír ar fad taobh thiar dá chlann , agus go rabhamar ar fad ag iarraidh barróg mhór a thabhairt dó féin agus don chlann. Bhris an pháirc amach i mbualadh bos ar an toirt. Bhí sé go hálainn an spiorad a fheiceáil thuas i mBéal Feirste tríd an oíche, foireann Jimmy McGuinness agus foireann Joe Kiernan. Bhí corn Sam Maguire ann, bhí Corn an Bhóthair Iarainn an agus corn an Anglo Celt. Bhuail mé le daoine ó Chill Chainnigh, ó Cho an Chláir, ó Bhaile Átha Cliath agus ó Loch Garman. Bhí an chlann mhór Éireannach le feiceáil anseo anocht, clann Chumann Lúthchleas Gael.

Nuair a bhreathnaigh mé isteach i súile John McAreavey bhí an brón agus an trioblóid fós le mothú ann, beidh laethanta deacra aige as seo amach, beidh laethanta níos éasca aige chomh maith. Ach tá spiorad dochreidte aige, tá sé ag obair anois i dtreo an Michaeala Foundation. Eagras atá bunaithe ar anam agus ar shaol a mhná céile. Tá an dá chlann ag sracadh leo, lá ina ndiaidh lae, agus tá mé cinnte go bhfuair siad faoiseamh agus sásamh ón oíche mhór. Fuair siad an “Tacaíocht” a bhíonn ag teastáil uainn ar fad sa saol seo, tacaíocht an duine daonna.

Bhí an bua ag Uladh ar an oíche le 3 phointe idir na foirne . Bhí Dún na nGall beagáinín as cleachtadh ach cén fáth nach mbeadh. Ní bheidh sé rófhada arís go mbeidh an slua ag canadh na bhfocal cáiliúil sin de chuid Thír Chonaill ‘Jimmys Winning Matches , Jimmys winning Games, Jimmys bringing Sam back to Donegal again. … @michalelafoundation

 

Ag filleadh ar Thír Chonaill, áit ar casadh mo ghrá geal orm

Bhí mé i dTír Chonaill an deireadh seachtaine seo caite — a leithéid de thuras suas ann ó Ghaillimh. Thóg sé níos mó ná ceithre huaire orainn tiomáint ó Ghaillimh. Bhíomar ag fanacht i nGaoth Dobhair. Caithfidh mé a rá gur fiú go mór an turas mar tá an ceantar go hálainn ar fad. Ag tiomáint amach ó Leitir Ceanainn trí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Sléibhte agus níos mó sléibhte, an Earagail ina measc. Cheap mo pháistí gur bolcán a bhí ann — an-ait go deo. Is maith liom na daoine thuas ann, tá siad cairdiúil agus spraíúil. An samhradh seo chugainn táimid chun seachtain a chaitheamh thuas ann.

Is cuimhin liom an chéad uair a thug mé cuairt ar Thír Chonaill. Bhí sé siar i 1989, bhí mé ag dul go Gleann Cholm Cille mar bhí an tOireachtas ar siúl. Bhí sé ar fheabhas ar fad, scoth an cheoil agus na hamhránaíochta agus craic ar dóigh, mar a deir siad. Is ag an Oireachtas ansin a leag mé súil ar mo bhean chéile. Bhí sí ann le Club Óige as Inis, Co. an Chláir, ag seinm ceoil. Chonaic mé í ag an gcéilí ann agus d’iarr mé uirthi dul amach ag rince. Rinne mé iarracht set an Chláir a dhéanamh léi agus faoin am a raibh an damhsa ag críochnú bhí a fhios agam go bpósfainn í.

Ar ábhar eile, tá an Premiership tosaithe arís, buíochas le Dia agus an séasúr nua faoi lán seoil. Bhí bua an-éasca ag Chelsea in aghaidh West Brom agus tá mé sásta le Manchester United agus na himreoirí nua atá tagtha isteach — Chicharito ó Mheicsiceo agus Bebe ón bPortaingéil. Tá cuma an-mhaith ar Chris Smalling sna cúlaithe a tháinig isteach ó Fulham. Beidh mo chuid airgid ag dul ar United i Sasana don chraobh agus ar Mhaidrid sa Spáinn. Beidh sé iontach suimiúil conas a éiríonn le Jose Mourinho sa Bernabeau. Tá Jose ar thuras timpeall na hEorpa mar bhainisteoir ag bailiú craobhacha sraithe i ngach aon tír.

Gléasta suas d'Oíche Shamhna

Tá na hÉireannaigh, muidne, ag éirí níos fearr, bhuel ní dóigh liom gurb é sin an focal ceart nó an nath ceart le n-úsáid anseo, tá muid ag dul i dtaithí ar an ngléasadh suas.

An tseachtain seo timpeall na tíre beidh na páistí ag gléasadh suas d’Oíche Shamhna, beidh múinteoirí ag gléasadh chomh maith. Théis na hoibre ar an Aoine seo chugainn beidh na mílte cailleach agus vaimpír agus cnámharlach ag siúl timpeall na Gaillimhe agus Chorcaí, Bhaile Átha Cliath agus Luimnigh.

Fiche bliain ó shin bhí faitíos orainn gléasadh suas le haghaidh na gcóisireacha seo. Dá mba rud é gur dúradh leat go raibh Fancy Dress ann bheadh gáire faoi. “Fancy Dress! Fancy Dress! Níl seans dá laghad ann go bhfuil mise chun gléasadh suas.” Bhíomar cúthailleach, bhíomar místuama faoi. Bhí an dearcadh ann go raibh gach duine ag féachaint ort, go raibh siad ar tí gáire fút agus tú ag siúl isteach an doras. Ach i gcónaí ag an gcóisir fancy dress bhí duine amháin nó beirt a bhí iontach ag an ngléasadh, iontach ag an “ealaín” seo.

Ní raibh an méid sin siopaí do ghléasadh suas ann ach an oiread, is comhartha ón Tíogar Ceilteach iad na siopaí seo. Le 5 nó 6 bliana anuas ní rabhamar sásta an chulaith a dhéanamh sa mbaile, bhí an chulaith phroifisiúnta uainn. Sin an fáth go bhfuil na siopaí seo i ngach aon bhaile sa tír beag nó mór. Tá an chulaith chéanna agamsa le cúpla bliain anuas. Níl a fhios agam conas a tharla sé ach roghnaigh mé an tseanstíl ó 1977 nó mar sin a bhí in úsáid ag David Bowie agus an carachtar eile a bhí aige Ziggy Stardust. Is maith liom an íomhá ghinearálta atá ag Ziggy, an ghruaig beagáinín ar nós mo chuid gruaige féin b’fhéidir… ach is iad an culaith léime agus na buataisí is fearr liom. Caith isteach an smideadh aghaidhe agus tá sé agat.

An tseachtain seo caite rinneamar fógra nua don teilifís le haghaidh Barnardos; mé féin, Colm Hayes agus Tubridy ag stad an bhus, ag dul nó ag teacht ón gcóisir. Gléasta suas agus réidh gan éinne ag gáire fúinn ná ag breathnú orainn… Bhuel beidh oraibh an fógra a fheiceáil.

Is fúibh féin é an deireadh seachtaine seo gléasadh suas daoibh féin agus cúpla punt a bhailiú más féidir do Barnardos atá ag déanamh sárobair sa tír le páistí agus daoine óga atá i gcruachásanna. Tuilleadh eolais ag www.2fm.ie/dressup

Imirt den scoth ó na foirne ón gcúldoras

D'fhág me slán ag Bilbao ar an Satharn agus tá mé ar ais arís i nGaillimh. Bhí mé ag súil go mór le cluichí CLG an deiridh sheachtaine ach is oth liom a rá go bhfuil deireadh le séasúr Cho. na Mí i gcraobhchomórtas peile na hÉireann i mbliana. Bhreathnaigh mé ar an gcluiche in aghaidh Chill Dara agus mé thuas ag Rásaí na Gaillimhe. Bhí Cill Dara ar fheabhas sa dara leath agus an bua ar fad tuillte acu.

Níl a fhios agam faoi Cho. na Mí, tá a fhios ag cách céard a tharla in aghaidh Cho. Lú. Cheap mé go raibh an-seans againn i mbliana nuair a bhuamar ar Bhaile Átha Cliath ach is gal soip a bhí ann. Níor imir an fhoireann chomh maith sin ó shin. Bhí mé ag rá dá mbeadh Co. na Mí i gcraobh na hÉireann go dtiocfainn ar ais ó Cheanada, áit a mbeidh mé ag taifeadadh mo shraithe nua do TG4. Ach ní mar sin a bheidh sé, ach caithfidh mé a rá go bhfuil an comórtas sinsir an-suimiúil i mbliana.

Cé a cheapfadh go mbeadh Tír Eoghain agus Ciarraí caite amach? Bhí an Galvin Factor in easnamh ar Chiarraí arís in aghaidh an Dúin. Beidh clár nua ar an teilifís sula i bhfad, Galvanised an t-ainm a bheas air, agus tá mé lánchinnte go mbeidh an clár an-suimiúil go deo.

Agus anois, le ceithre fhoireann fágtha, cé a cheapfadh gur foirne ar fad ón gcúldoras a bheadh ag troid sna cluichí leathcheannais? Beidh ainm nua ar an gcorn, beidh contae nua ag ceiliúradh i mí Mheán Fómhair. Tar éis Cill Dara a fheiceáil an tseachtain seo caite, tá mo chuid airgid ag dul orthu. Tá ocras orthu; le sé seachtaine anuas, tá siad ag imirt gach uile dheireadh seachtaine. Tá siad ag feabhsú le gach cluiche agus nach mbeadh sé ar fheabhas mar onóir do Dermot Earley Snr a cailleadh cúpla seachtain ó shin dá mbeadh na Lilly Whites in ann é a dhéanamh.

Ba laoch é Dermot Earley Snr i gcúrsaí peile sa tír seo. Bhí an t-ádh liom bualadh leis díreach bliain ó shin sa Nás ag bronnadh ghradam scoláirí Bhanc na hÉireann. Shuigh mé taobh leis féin agus lena bhean chéile ag dinnéar ar an oíche agus ba mhór an spórt agus an craic a bhí eadrainn.

Tá na Dubs fós ann agus iad in aghaidh Chorcaí sa chluiche leathcheannais eile, beidh Cnoc 16 lán go béal i gceann cúpla seachtain. Bhí cic sa tóin ag teastáil ó Bhaile Átha Cliath, agus tá turas maith déanta acu trí na cluichí cáilithe. Mar sin, cuirfidh mé síos ar pháipéar anois é, beidh mé ag cur geall istigh in Paddy Powers an tseachtain seo ar Chill Dara. Cúige Laighean in uachtar i mbliana sa pheil.

Bíonn 'liosta le déanamh' i gcónaí

Tá mé seacht mbliana ins an teach faoi láthair. Bhog mé thart ar 10 míle taobh amuigh de Ghaillimh go dtí an “tuath”. Táimid breá sásta anseo, tá sé ciúin agus tá an teach déanta agus críochnaithe. Bhuel cheap mise go raibh sé críochnaithe ach bhí cúpla rud beag le déanamh go fóill dar leis an mbean chéile, nó an “taobh eile", nó an “boss" mar a déarfá. Ní fhaca mé an stuif a bhí in easnamh, is fear mé ag deireadh an lae. Bíonn an tine lasta, bíonn an ola amuigh sa tank, bhí an dinnéar ar an mbord agus bhí Sky Sports 1 ar an scáileán. Anois sin neamh dúinn, sin Utopia d’aon fhear amuigh ansin. Níl uainn ach faoiseamh agus oíche ar an tolg ag breathnú ar an Champions League nó Corn Heineken.

Bhí cúpla jab beag le déanamh sa teach agus bhíodar fágtha ar an “liosta le déanamh” agus an tseachtain seo théis 7 mbliana sa teach chroch mé an crochadóir le haghaidh an pháipéir leithris agus an crochadóir le haghaidh an tuáille. Sea ní raibh siad crochta le fada an lá. Mhothaigh mé iontach leis an druilire i mo láimh agus an bosca uirlisí le mo thaobh – is cuimhin liom mo pháistí ag breathnú ar chartún darbh ainm “Handy Manny”, lead óg as Meicsiceo nó áit éicint agus é i gcónaí ag deisiú rudaí sa teach agus dos na comharsana sa mbaile.

Bhuel Handy Hector a bhí ann agus mé chomh bródúil leis an jab a bhí déanta, an nóiméad a tháinig mo bhean chéile isteach sa teach an tráthnóna sin thaispeáin mé an obair di. “Féach, féach tá siad crochta! Nach bhfuil an seomra folctha go hálainn anois,” arsa mise. “Faoi dheireadh thiar thall,” arsa an taobh eile faoi dheireadh! Anois tá a fhios agam go raibh siad in easnamh, tá a fhios agam nach raibh aon chrochadóir don bpáipéar leithris againn, ach bhí mise níos gafa agus tógtha leis an tine, an gual, an ola sa teach. Bhí mé buartha faoin ngairdín agus mé ag iarraidh an féar a bhaint gach seachtain.

Sin mar atá na fir a chailíní, sin an bealach a oibríonn cloigeann do bhuachalla nó d'fhir chéile. D’aon lánúin phósta amuigh ansin tóg an t-alt seo, léigh an t-alt seo, smaoinigh ar an alt seo agus úsáid an t-alt seo.

Cinnte in aon teach nua beidh na mílte rud le déanamh, cinnte ní bheidh an teach réidh ina iomlán ariamh ach tóg sos, tóg go bog é agus beidh sé réidh. Agus ná déanaigí dearmad tá sé i bhfad níos tábhachtaí bleaist mhaith páipéar leithris a bheith agat 'crochadóir nó gan crochadóir'!

Ba chóir dúinn ar fad dul ar ais ag an lón bunúsach

Táimid millte le coicís anuas le saoire na Cásca agus an dea-aimsir. Na páistí sa mbaile, na málaí caite sna cúinní agus dearmad déanta ar an obair bhaile.  Níl a fhios agam cathain a bhí dhá Shaoire Cásca againn díreach i ndiaidh a chéile. Bhí sé iontach, bhí sé mar bhriseadh náisiúnta don tír, bhí sé tuillte againn.

Thall sa Spáinn tá rud faoi leith acu agus sé sin El Puente, ciallaíonn sé sin go bhfuil an lá breise acu nuair atá Lá Saoire Bainc ann. Abair, má tá an Déardaoin mar shaoire acu, bhuel tógann siad an Aoine mar lá saoire chomh maith.

Ar aon nós nílim ag gearán, bhí an dá lá saoire iontach. Tá mé lánchinnte go raibh tuismitheoirí na tíre i mbun tóraíocht taisce timpeall na dtithe Dé Máirt seo caite agus iad ag cuartú na mboscaí lóin. Cuid acu gan dabht a bhí ag oscailt na mboscaí lóin agus iad lán de cheapairí agus de thorthaí a bhí fágtha ann. Ó a dhiabhail an boladh bréan!!

Agus an locht ar fad ar Mhamaí agus ar Dhaidí a d’fhág iad i mbúit an chairr nó faoin staighre. Is cuimhin liom an lón a bhíodh agam ar scoil agus mé i mo ghasúr: ceapaire aráin bháin an chuid is mó den am, ceapairí le harán bán le Sandwich Spread, ceapairí le harán bán le mairteoil shaillte. Ní raibh aon croissant, ná cáis, ná sailéad an t-am sin… an ceapaire ba thapúla, an ceapaire b’éasca díobh ar fad... subh dhearg!

Ní raibh aon Actimels ann, ná Rice Krispie Bars, ná ciabbata lán de cháis agus salámaí, ná deochanna fuinnimh, ná Innocent Smoothies ach an oiread. Bhí buidéal beag Cola nó Cadet againn gach Aoine, buidéal beag plaisteach mar treat againn. Ba chóir dúinn ar fad dul ar ais go dtí an lón bunúsach, an lón ceart, lón a itheadh gach lá. Lón nach raibh fágtha sa mbosca.

Bhí an bricfeasta agat gach maidin, bricfeasta ceart, ní raibh aon rogha ann de ghránaigh ach an oiread, bhí Ready Brek, Rice Krispies nó leite ann agus b’shin é. Bricfeasta ite ag an mbord gach maidin, agus ansin amach ag an scoil ag siúl nó ar an rothar.  An bhfuil tuismitheoirí na tíre seo níos boige na laethanta seo?

An bhfuil páistí na tíre seo níos láidre ó thaobh na rogha de? An nglacann siad le ‘No, Níl cead’? Níl a fhios agam — tá mise ins an mbád céanna, uaireanta bíonn an bua ag na páistí. Bíonn siadsan i gceannas ó am go ham. Ach an tseachtain seo chugainn táim chun an mhairteoil shaillte a chur ar ais i mo theach, don lón agus don dinnéar!

Bailiúchán des na treibheanna

Bhí an t-ádh orm agus ar mo ghasúr is sine go rabhamar in ann dul go Páirc an Chrócaigh le haghaidh Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann le Gaillimh in aghaidh Chill  Chainnigh. Bhí mé ag obair ann, d’iarr Feachtas an Bhailiúcháin nó ‘The Gathering’ orm cúpla mír a dhéanamh dóibh os comhair an tslua ar an lá.
Bhí Kathryn Thomas liom, tá seanaithne agam uirthi agus tá sé go deas a fheiceáil go bhfuil ag éirí thar cionn léi ar an scáileán le cúpla bliain anuas.
Bhí Páirc an Chrócaigh ag iarraidh rud éicint nua agus úr a dhéanamh leis an gceamara don slua ar an lá, bhíodar ag smaoineamh ar dhul suas ar an díon, go dtí an Skyline leis an láithreoir agus an ceamara den chéad uair riamh.
Tá cathair agus contae Bhaile Átha Cliath le feiceáil ann, an Spire i Sráid Uí Chonaill, an Aviva trasna na habhann agus Sléibhte Chill Mhantáin i bhfad uait.
Ar aon nós, ag a 2.12 pm ar an Domhnach an 9ú lá de Mheán Fómhair, chuaigh mé féin agus fear an cheamara agus duine des na hinnealtóirí dín ó Pháirc an Chrócaigh suas go Barr na Staide.
Tógann sé 20 nóiméad nó mar sin dul ann, bhí sceitimíní orm ag breathnú anuas ar na daoine ar fad, ar Chnoc 16, ar an bpáirc agus í ag breathnú go hálainn.
Bhí níos mó ná 82,000 ann agus bhí mise os a gcionn ar fad i gceann des na staideanna is mó agus is fearr san Eoraip.
Ag a 2.33 pm díreach labhair an stiúrthóir liom i mo chluais agus Boom bhí mé beo ar na scáileáin timpeall na Páirce.
“A dhaoine uaisle agus a chairde go léir, táim thuas anseo ar Dhíon Bhaile Átha Cliath, ar an Skyline i bPáirc an Chrócaigh, seo an ócáid spóirt is mó san Eoraip an tseachtain seo. Is bailiúchán é seo des na treibheanna éagsúla atá sa tír, 82,500 agaibh ar fad ar thráthnóna breá grianmhar i lár mhí Mheán Fómhair, mar sin déanaigí cinnte go bhfuil na
Cuirí sa bpost, inis dóibh faoin teacht le chéile mór a bheidh againn an bhliain seo chugainn agus feicfidh mé sibh ar fad in 2013 ag an Gathering!” Ansin d’fhág mé leis na focail Cill Chainnigh Abú agus scread mé ar an maidhc “Come on Galway!” Bhí mé beagáinín claonta leis an scread ag an deireadh i bhfabhar lucht na dTreibheanna ach cén dochar!
Nach as Gaillimh mo mháthair agus mise i mo chónaí ann le fada an lá! Gaillimh Abú ar an 30ú lá!

Tá blas faoi leith ar bhia a bhíonn ar bheárbaiciú

Bhí geimhreadh uafásach againn, le fuacht agus sioc agus d’ísligh an teocht go -15 céim ach tá an samhradh tagtha faoi dheireadh agus tá dath buí ar chraiceann beagnach gach duine. Tá na páirceanna glas agus lán le féar. Tá na feirmeoirí ag ullmhú don séasúr mór oibre. Is breá liom an t-am seo den bhliain.

Tá mé ag éirí go luath anois gach maidin le sé mhí anuas le dul amach ag obair agus cheapfá gur meán lae atá ann na laethanta seo agus tú ag breathnú amach tríd an bhfuinneog ag 5.30am.

Is é seo séasúr na BBQs, séasúr na cócaireachta taobh amuigh. Ta mo BBQ féin ag fáil sean go leor, tá sé in úsáid anois le roinnt mhaith blianta. Ag an tús, thug mé aire mhaith dó.

Thóg sé ceithre huaire an chloig é a chur le chéile. Níor thaitin an obair sin liom go dtí i mbliana, go dtí gur chuir mé dhá leaba ó Ikea le chéile. Tá níos mó foighne agam anois, níos mó ama, agus níos mó tuisceana ar an bpróiseas tógála.

Tá deireadh tagtha le mo BBQ anois áfach mar d’fhág mé amuigh faoin aer é i rith an gheimhridh. Bhí clúdach air, ach fós féin níl cuma rómhaith air. Chonaic mé an stíl BBQ a bhíonn in úsáid acu san Afraic Theas an uair dheireanach a bhí mé ansin.

‘Bri’ a ghlaonn siad orthu thíos ansin, ní úsáidtear an téarma BBQ ar chor ar bith. Is éard é an bri ná post amháin ina sheasamh le ciorcal speisialta déanta as miotal.

Is cuimhin liom a bheith ag an gcluiche rugbaí in Durban idir na Leoin agus an Afraic Theas. Is éard a tharlaíonn ansin ag na cluichí móra ná go mbíonn cóisir mhór le feoil agus beoir acu roimh , taobh amuigh den staidiam.

Bíonn na mílte mílte duine ag cócaireacht ar an bri ansin. Is ócáid faoi leith í an chócaireacht brí seo. Tá traidisiún agus cultúr ag baint leis ngnó seo ar fad.

Nil an cultúr sin againn go fóill ach le cúnamh Dé, is gearr go mbeidh. Samhlaigh an saol anseo dá mbeimis in ann a bheith ag cócaireacht amuigh faoin aer an séasúr ar fad.

blas agus boladh faoi leith ar an mbia a chócaráiltear ar an tine the seo. Bíonn i bhfad níos mó ocrais ort agus tú amuigh faoin aer.

Ar aon nós, tá BBQ nua ag teastáil uainn i mo theachsa an samhradh seo agus ba chóir dom brostú mar gheall go bhfuil an dea-aimsir tagtha faoi dheireadh.

Na sceanna maithe ar bharr an chófra

Fair play do mo chomhscríbhneoir ar Foinse Dáithí Ó Sé a rinne an-jab thíos i dTrá Li ag an Rós an tseachtain seo caite. Bhí comórtas géar ann agus tháinig an Ros ó Lucsamburg amach chun cinn. An bhfaca sibh na duaiseanna a bhfuair sí?

Ina measc bhí gluaisteán, bhí saoire dhomhanda de luach 25,000 Euro, bhí an Tiara Oifigiúil ó Newbridge Silver ach ná bac leo siúd ba ea an Duais is fearr ar fad an oíche ná an “Set Nua de Sceana agus Forcanna”. Go hálainn ar fad, os comhair na tíre agus an domhain bheartaigh an Coiste ar Rós Thrá Lí Set Cutlery a thabhairt dóibh mar phríomhdhuais.

Coinnigh amach ó Mhamaí iad mar is breá linn ar fad Set nua Sceana agus Forcanna a fhail. Tá mise pósta le 10 mbliana anuas agus mar bhronntanas pósta ag an am fuaireamar dhá Set nua. Ceann amháin ina bhfuil steak knives ar fad agus cinn mhóra agus gnáthcheann an ceann eile. Cár cuireadh iad ar fad? Thuas ar bharr an chófra sa chistin.

Tá said fós ann deich mbliana ina dhiaidh agus iad breá nua! Is breá linn an stuif seo a choinneáil... nach bhfuil áit agus spás ag gach máthair sa teach don stuif “Maith”. Istigh sa seomra suite, nó an seomra suite maith atá an stuif i dtigh mo mháthar i gContae na Mí. Na deochanna, an fíon agus an branda, na gloiní maithe, ciclipéidí ar fad chomh maith agus na Photo Albums éagsúla. “Gabh isteach go dtí an Seomra Suite” agus “Faigh na gloiní maithe”.

Sin a dheireann mo mháthair ó am go chéile, go mór mór nuair atá “Cuairteoirí” ag an teach againn. Ní dóigh liom go dtarlaíonn sé in aon tír eile san Eoraip go mbíonn “Seomra Maith” beagnach i ngach teach. Meas tú an bhfuil an seomra seo ag na Sualannaigh, nó ag na Danmhargaigh, nó ag muintir na Spáinne, nó muintir na Fraince fiú? Ní dóigh liom é. Ach sin mar atá muid sa tír seo, sin mar atá Muintir na Tíre seo agus sin mar a bhíonn na tithe sa tír seo.

Sin an fáth a sheasann an tír seo amach, seo Éire agus seo an bealach a dhéantar rudaí sa tír seo. Ach más féidir linn rud amháin a dhéanamh ba chóir dúinn ar fad an Set Nua Sceana agus Forcanna a thógáil anuas ó bharr an chófra agus iad a úsáid. Sin atá mé féin chun a dhéanamh anocht, iad a úsáid, an fheoil a ithe agus iad a chaitheamh isteach sa meaisín níocháin den chéad uair ariamh.

Tá súil agam go mbeidh an Ros ó Lucsamburg ag baint taitnimh as an Set nua agus í sa mbaile an tseachtain seo chugainn.

Áilleacht na tíre dúchais, níl a leithéid sa domhan

Chaith mé cúpla lá i gConamara an tseachtain seo caite. Bhí an t-ádh dearg orainn go raibh an ghrian ag spalpadh, agus nach raibh báisteach ar bith le feiceáil ar feadh na seachtaine.

Ag tiomáint amach trí Uachtar Ard agus sléibhte móra Chonamara os ar gcomhair cheap mé ar feadh soicind nó dhó go raibh mé thall san Eilvéis nó áit eicint.

Ina dhiaidh sin suas píosa agus ar dheis i dtreo na Coille Móire. Ní dóigh liom go bhfuil píosa bóthair chomh hálainn leis an mbóthar seo sa tír. An t-uisce taobh leat agus sléibhte ar an taobh eile.

Ceantar Ghleann Eidhneach, nó an Inagh Valley, a ghlaoitear ar an áit speisialta seo. Teach amháin nó teachín beag eile neadaithe sa sliabh, easpa daoine, easpa tráchta, gan ach carr nó bus b’fhéidir gach 10 nóiméad nó mar sin.

Ag druidim i dtreo na Coille Móire anois agus dúirt mé leis na gasúir taobh thiar go bhfuil caisleán amháin an-iargúlta sa tír seo ina bhfuil an prionsa agus an rí agus an bhanríon ina gcónaí go fóill agus sé sin Mainistir na Coille Móire. Stopamar an carr ag an droichead ar an bpríomhbhóthar agus dá bhfeicfeá an aghaidh orthu agus iad ag breathnú isteach thar an uisce ar an bhfoirgneamh ársa sin.

Is mór an trua nach raibh an ceol agam ó Shrek sa gcarr le dul leis!

Chaith mé cúpla lá i Rinn Mhaoile. Is breá liom an áit, ag breathnú amach ar Oileán Dá Chruinne agus Inis Bó Finne. Tá an t-ádh orm le 10 mbliana anuas an chuid is mó den domhan seo a fheiceáil. Tá cúpla trá an-speisialta feicthe agam ach níl dabht ar bith i mo thuairim go bhfuil Trá Leitir Geis thuas ansin leis na cinn is fearr.

Molaim d'aon duine atá ag léamh an ailt seo cuairt a thabhairt ar an trá seo. An t-uisce glan réidh, an gaineamh glan oscailte, an cúlra sléibhtiúil mórthimpeall air, agus os do comhair na hoileáin éagsúla ar Chósta an Atlantaigh. Cliara, Inis Toirc agus Inis Bó Finne, ina measc. Ní mór dúinn eolas agus aithne níos fearr a chur ar an tír féin na laethanta seo go mór mór ó thaobh turasóireachta de.

Chomh maith leis sin leis an suíomh eacnamaíochta atá inar measc b'fhéidir go mbeadh laethanta saoire níos saoire agus níos taitneamhaí le fáil sa mbaile. Dúirt mé ag an tús go raibh an t-ádh dearg orainn an aimsir cheart a fháil ach fós is fiú an ceantar seo a fheiceáil agus tamall a ghlacadh ann. Dála an scéil ní oibríonn na mobiles rómhaith amuigh an taobh seo tíre... ach cén dochar!!! Níor airigh mise ná mo bhean uainn iad... Dochar ar bith... Meas mór a chairde. Coinnígí lasta í.

Ag snámh ar son na tíre

Chaith mé cúpla lá thall sa Spáinn an tseachtain seo caite, bhí an t-ádh linn go raibh an linn snámha díreach in aice lenár seomra leapan mar sin ón gcéad nóiméad a landáil muid chaitheamar an chuid is mó den am san uisce ann. Shroicheamar an áit ag a 9 pm san oíche, te agus tuirseach agus ag cur allais, níor thóg sé ach 30 soicind na héadaí a chaitheamh ar an urlár agus na togs a chur orainn. Ní fhaca mé páistí chomh sásta ariamh le teocht an uisce.

Bhí sé go hálainn ar fad. Bhí fadhb bheag le mo mhac is óige níl sé ach sé bliana d’aois agus faraor níor thóg sé mórán airde insna ceachtanna snámha a bhí ar siúl aige le linn an gheimhridh. Chuireamar iachalll orthu tríd an ngeimhreadh dul ag ranganna snámha. Bhí a dheartháir ann chomh maith agus ní raibh fadhb ar bith leis agus é ag taispeáint an méid a bhí foghlamtha aige dúinn ar fad. Bhí a fhios agam go raibh cineál díomá ar an leaid eile. Théis dhá lá, agus dhá oíche sa linn ní raibh aon fheabhas ar an leaid is óige, bhí a fhios againn nach raibh sé ag baint an oiread céanna taitneamh is a bhí a dheartháir mór. Ach maidin Déardaoin seo caite tharla an mhíorúilt.

Bhí sé ag seasamh ar thaobh na linne agus go tobann gan ceist ná brú léim sé isteach sa linn agus síos leis faoin uisce. Bhreathnaigh mise ar mo bhean chéile, bhí sé deacair é a chreidiúint. Amach leis aríst agus splais mór aríst agus síos faoin uisce. Bhí a fhios aige anois go raibh an linn ar fad ag breathnú air, bhí an léimt ag éirí níos airde agus é ag fanacht faoin uisce níos faide. Bravado na Mí is dócha! Bhíomar iontach bródúil, bhí áthas an domhain orainn go raibh an méid sin déanta aige. Ní raibh sé críochnaithe ansin, leis na goggles air thosaigh sé ag brú san uisce, thosaigh na lámha ag imeacht agus na cosa ag brú. Bhí sé ar nós an Duracell Bunny san uisce ag iarraidh bogadh.

Choinnigh sé leis, ag léimt isteach agus ag iarraidh snámh. “Coinnigh do chloigeann síos faoin uisce!” a dúirt mé leis. “Síos faoin uisce agus ar aghaidh leat.” Théis leathlá ag cleachtadh agus an domhan ag breathnú air bhí sé aige, bhí sé in ann snámh cúpla méadar. Éacht a bhí ann, éacht san uisce! Thóg sé beagáinín níos mó ama orm an snámh a fhoghlaim, bhrúigh leaid mór mé isteach san uisce i linn snámha na hUaimhe blianta ó shin, ní raibh mé ach seacht mbliana d’aois, in san taobh domhain chomh maith.

Ach ag aois 28 i Leisureland na Gaillimhe i mBóthar na Trá d’fhoghlaim mé conas snámh a dhéanamh. Is breá liom é, is breá liom an t-uisce, agus anois tá beirt Michael Phelps beag agam sa chlann. Meas tú céard faoi na Cluichí Oilimpeacha 2028! Ag snámh d'Éirinn!


An tsuim ollmhór atá agam i luas mear scuaise

Thosaigh mé ag imirt scuaise thart ar 10 mbliana ó shin. Bhí cara liom ag staidéar in Ollscoil na Gaillimhe agus is ansin a d’imir mé an cluiche órga seo den chéad uair riamh. Thóg sé tamaill orm dul i dtaithí air. Tá luas an chluiche an-tapa, tá an liathróid an-tapa agus an-bheag chomh maith. Má stopann tú ag bogadh cailleann tú an pointe. Ní mór duit a bheith ag filleadh an t-am ar fad go lár na cúirte agus tú réidh i gcónaí don chéad bhuille eile. Is cuimhin liom nuair a bhí mo chéad pháiste óg go leor, ina leanbh, bhí sé deacair orm dul síos ar mo ghogaide nó ar an urlár théis cluiche scuaise mar gheall ar an iarracht agus ar an mbrú a chuireann sé ar do chosa.

Le cúpla bliain anuas tá Sky Sports ag taispeáint na gcomórtas mór leis na himreoirí is fearr ar domhan. Bíonn na comórtais seo ag tarlú in áiteanna atá an-spéisiúil ar fad. Tá an chúirt déanta ina iomlán as gloine mar sin is féidir é a chrochadh in áit ar bith. Chonaic mé comórtas amháin i lár Grand Central Station i Nua-Eabhrac agus daoine ag siúl thart ag dul ag obair ar gach aon taobh agus na himreoirí ag imirt. Dá bhfeicfeá na dreasa agus an tsárimirt a bhíonn ar siúl ag na himreoirí proifisiúnta; is fiú breathnú ar YouTube más maith libh iad a fheiceáil.

clú agus cáil ar imreoirí scuaise san Éigipt. Tá na seaimpíní domhanda acu ar nós Amir Shabana. Tá nós agus traidisiún an-láidir sa tír sin ó thaobh na scuaise de. Bhí an cluiche seo an-mhór sa tír s’againne trí na seachtóidí agus go mór mór sna hochtóidí. Bhí cúirteanna chuile áit, bhí daoine ag imirt scuaise mórthimpeall na tíre i gclubanna CLG. Agus ansin fuair an spórt bás saghas, cuireadh go dtí na cúl-leathanaigh é. Ní thuigim cén fáth. Gan dabht ar bith tá sé ar cheann de na cluichí is fearr atá ann ó thaobh an ‘workout’ mar a déarfá, théis uair an chloig bíonn tú lánchinnte go bhfuil rud éigin fisiciúil déanta agat. Tá an galar orm anois, ní féidir liom dul tríd an tseachtain gan é a imirt faoi dhó nó faoi thrí. Ar nós an ghalfaire atá sa teach leat má tá, is breá leo an galf, is breá leo imeacht ag imirt, agus is breá leo an spórt a théann leis. Molaim do gach duine scuais a thriail, níl sé éasca, níl sé mall ach idir an chúirt chearnógach, idir na ceithre bhalla chrua sin tá ceann de na spóirt is fearr riamh ag feitheamh ort.

Blas na féile i bPáirc an Chrócaigh an bhliain seo

Is minic a thug mé cuairt ar Pháirc an Chrócaigh, is minic a bhíomar ar fad ann ag tabhairt tacaíochta don chontae san iománaíocht agus sa pheil. Is páirc iontach í le háiseanna agus radhairc den scoth ag chuile dhuine.

Ach ní gach duine a bhí ag ócáid shóisialta ann, an nóiméad a bhíonn an cluiche thart bíonn gach duine imithe síos an baile mór go dtí na pubanna éagsúla, na clubanna oíche éagsúla agus dar ndóigh an áit cháiliúil sin a bhí ar eolas ag gach uile dhuine sa tír seo ag am amháin nó am eile: Copperface Jacks. Tá CLG théis mar sin an cinneadh a dhéanamh gur mhaith leo an nós seo a athrú beagáinín. Ba mhaith leo na daoine a choinneáil ag an staidiam agus craic agus spraoi a bheith acu ann chomh maith.

Is é an ócáid faoi leith atá pleanáilte acu ná FEVERPITCH 2011 agus beidh sé ar siúl an oíche roimh an gCraobh Peile i mbliana i lár Mhí Mheán Fómhair. Tosaíonn sé ag a 6pm agus leanfaidh sé ar aghaidh go déanach san oíche. Is cineál Picnic Leictreach é seo ach le blas agus beocht CLG.

Beidh ceol beo ar an oíche ó Ryan Sheridan, an leaid óg as Muineachán atá ag tarraingt an-chlú agus cáil air féin lena chuid amhrán le déanaí. Chomh maith leis sin beidh an Inisturk Beg Collective ann, grúpa traidisiúnta a thugann Súil Eile go hiomlán ar cheol na cairte!!

Beidh Royseven ann agus an Riptide Movement chomh maith. Tá CLG ag iarraidh mothúchán Féile a bheith ann ar an oíche le go leor rudaí difriúla ag tarlú in áiteanna éagsúla mórthimpeall an Staidiam. Beidh beáranna éagsúla ann le mojitos agus manglaim le ceol, an Salsa ó na Cuban All Stars.

Ar an stáitse grinn beidh Neil Delamere, Colm O’Regan agus fear na bhfógraí Centra ar an teilifís Fred Cooke. Beidh seó beo ar an stáitse chomh maith le laochra éagsúla CLG agus aíonna speisialta ar an oíche. Smaoinígí ar TFI Friday le Twist an spóirt náisiúnta inti. Agus mé féin a bheas mar fhear an tí air seo!!

Mar sin tá mé lánchinnte go mbeidh mé in ann cúpla ticéad a fháil roimh , agus comórtas beag a dhéanamh anseo do léitheoirí an Taoibh Rua!! Ach i ndáiríre, Fair Play do CLG as ucht an rud nua seo a thriail. Tá súil agam go mbeidh an oíche thar barr agus go mbeidh Sam Maguire in ann codladh i gceart an oíche sin! Meas Mór.

Neart le déanamh agus séasúr na bhféilte anseo

séasúr na bhféilte leaindeáilte. Ó cheann ceann na tíre beidh imeachtaí de gach aon sórt ag tarlú idir seo agus Meán Fómhair. Ag tús an tséasúir seo tá ceann dos na féilte is sine ar fad ag tarlú. Thuas i gCo. na hIarmhí i gcroílár na tíre tá Féile na Tine. Is deireadh seachtaine atá i gceist anseo ar Chnoc Uisnigh.

Ceol agus cultúr agus oidhreacht atá ar bun anseo ar sheanchathaoir mhór Rí na hÉireann. Tá bannaí ceoil ar nós The Sawdoctors, Kíla, Hothouse Flowers, Paddy Casey, Republic of Loose, The Aftermath agus Bipolar Empire ina measc siúd atá ag seinnt thar an deireadh seachtaine.

Tá níos mó féilte beaga ag tarlú chomh maith chuile bhliain, agus an bhéim ag imeacht ó na cinn mhóra ar nós Oxegen agus an Picnic. Breathnaigh ar Le Chéile i gCo. na Mí atá ag ceiliúradh breithlá 10 mbliana. Is féile cheart phobail í seo, áit a mbíonn an baile ar fad ag baint taitnimh as na himeachtaí. Nach é sin an bhrí cheart atá le féile; tá a fhios agam go dtarraingíonn sé daoine nua isteach ach go gceanglaíonn sé an pobal le chéile chomh maith. Ag caint ar an tír go hiomlán tá Féile na Bealtaine sa Daingean, Féile Rory Gallagher i mBéal Átha Seanaidh, áit a mbíonn an líon is mó daoine le gruaig fhada agus bristí deinime riamh sa tír seo gach bliain.

Tá an Body and Soul ar siúl arís i mbliana i mBaile an Locha, clú agus cáil bainte ag an Body and Soul ó bheith ag an Electric Picnic ach tá sé imithe amach leis féin ina aonar. I bhfad roimh Oxegen bhí Féile ar siúl i dTiobraid Árann nó an Trip to Tipp, tá áit speisialta ag an bhféile seo d’aon duine atá thar 30 bliain d’aois ach thiar ag tús na nóchaidí ní raibh aon áit eile le dul.

Níl dabht ar bith ann nach bhfuil ach aon fhéile amháin sa tír seo ó thaobh na Gaeilge de, agus sé sin an tOireachtas. Is cuimhin liom an fhéile náisiúnta seo an chéad uair riamh a raibh mé ann. Thuas i nGleann Cholm Cille i dTír Conaill i 1989 a bhí sé ar siúl. Chuaigh mé suas ann le mo chairde agus bhaineamar an-sult agus spraoi as an deireadh seachtaine.

Má theastaíonn uait dul ag aon cheann de na Féilte sa tír seo agus tacaíocht a thabhairt don fhéile áitiúil is gaire duit breathnaigh ar aoifeonline.com.

Féinmhuinín, cumas teanga agus damhsaí le cailíní...

Is cosúil go bhfuil an samhradh tagtha. Bhuel níl an aimsir bhreá tagtha ina hiomláine go fóill ach tá an séasúr ar leac an dorais. Ciallaíonn an samhradh an Ghaeilge agus an turas bliantúil go dtí an Ghaeltacht.
Tá na mílte dalta scoile ag réiteach do na trí seachtaine seo. Trí seachtaine i gCiarraí, nó Tír Chonaill, nó Gaillimh, trí seachtaine i bhfad óna dtuismitheoirí. Trí seachtaine leo féin, leis an aoisghrúpa céanna, ag fanacht sna tithe éagsúla ag déanamh cairde nua.


Is ag an gColáiste Samhraidh a d’fhoghlaim mé féin mo Ghaeilge ar fad. Bhí an fhís ag mo mháthair mise agus mo dheartháireacha a chur chuig an nGaeltacht agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Thosaigh mé féin amach ar mo thuras mór Gaeltachta ag 8 mbliana d’aois i Ráth Chairn glas na Mí. Bhí mé tar éis an t-agallamh a dhéanamh do Choláiste na bhFiann agus d’éirigh liom áit a fháil ar an gcúrsa. Bhí eagla an domhain orm agus mé ag leaindeáil i Ráth Chairn. Bhí mé neirbhíseach faoin lóistín, faoin teanga, faoin mí as baile a bhí os mo chomhair.


Ach ní raibh gá ar bith leis an imní, bhí am iontach agam. D’eitil na trí seachtaine, chuir mé aithne ar dhaoine nua, bhí an chraic ar fheabhas agus bhí an spraoi go hiontach. Níor stop mé ag spalpadh Gaeilge agus gach aon oíche den tseachtain bhí mé ag rince ag an gcéilí le cailíní, sea CAILÍNÍ. Bhí mé ag foghlaim na rincí éagsúla, an Staicín Eorna, an Seáinín, Baint an Fhéir, Ballaí Luimní, Ionsaí na hInse, agus conas teagmháil a dhéanamh leis an ngnéas eile.

Ón gcéad bhliain sin i Ráth Chairn chaith mé 10 mbliana i ndiaidh a chéile ag Coláiste an bhFiann, bhí mé mar dhalta, cúntóir agus Ardchúntóir. Is ann a d’fhoghlaim mé conas labhairt leis an slua, conas amhráin a mhúineadh do chéad dalta, conas slua mór a choinneáil ar bís agus ag baint sult as rudaí.


Is ann a fuair mé m’fhéinmhuinín. Agus tá an fhéinmhuinín sin fós agam inniu chomh maith leis an teanga.
Mar sin a dhaltaí scoile, bainigí sult agus spraoi as an séasúr Gaeltachta seo. Déanaigí bhur ndícheall, labhraigí amach an Ghaeilge atá agaibh agus bíodh féinmhuinín agaibh agus sibh ag an gcéilí gach oíche. Is deis iontach é bheith i bhfad ón mbaile gan mórán rialacha agus neamhspleáchas den scoth bheith os do comhair. Meas mór a chairde... coinnigh lasta í.

Fuaim na feadóige móire ar ais le hamhrán nua

Déanann muid an-iarracht tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí ceoil na tíre seo ar an gclár, seinneann muid an ceol ar na seinnliostaí agus chomh maith leis sin tugann muid cuireadh dóibh teacht isteach agus seinnt beo dúinn sa stiúideo i nGaillimh.

Tháinig scata ceoltóirí isteach ar an gclár raidió an lá cheana, is é an t-ainm a bhí orthu ná Inish Turk Beg Collective. Grúpa de cheoltóirí aitheanta sa tír seo, ceoltóirí traidisiúnta agus ceoltóirí nua-aimseartha. Tháinig siad le chéile chun an fheadóg mhór a cheiliúradh. Bhíodar ag iarraidh an fheadóg mhór a mheascadh in amhráin nua-aimseartha agus sin atá déanta acu ar an dlúthdhiosca The Inish Turk Beg Collective.

Tá leabhar álainn curtha le chéile acu chomh maith le dul leis an CD, rinneadh agus tógadh an rud ar fad thuas i gContae Mhaigh Eo ar oileán Atlantach atá ina luí faoi scáth an Reek Mór, Cruach Phádraig. Níl mórán daoine ná tithe amuigh ar Inis Toirc Beag, is oileán príobháideach é. Thóg said cúpla teach nua ann, agus stiúideo taifeadta ceoil. Is tearmann é an áit, is lárionad síochánta atá ann i gCuan Mó. Is é Lance Hogan atá mar phríomhcheoltóir agus stiúrthóir ar an gceol, tá clú agus cáil ar Lance mar an drumadóir atá ag Kíla agus ceoltóirí eile.

Bhí sé ainmnithe ar liosta cumadóirí ceoil ag na IFTAS i mbliana. Le Steve Belton ó Fountainhead, a sheinneann an fhidil le Sharon Shannon agus Damien Dempsey, agus Alan O’Doherty ón ngrúpa cáiliúil traidisiúnta Gráda ar an bhfeadóg mhór. Phioc siad 10 n-amhrán nua-aimseartha, ó Cee Lo Green ‘Crazy’, Muse ‘Uprising’ agus Kings of Leon ‘Sex on Fire’ agus ar an taobh eile leag siad síos an taobh traidisiúnta de. Tá sé deacair é a shamhlú ach den chéad uair riamh tá fuaim na feadóige móire théis nuamhaisiú a fháil. As seo amach beidh i bhfad níos mo tionscadal agus smaointí mar seo ag tarlú.

Beidh ceoltóirí agus ealaíontóirí agus dealbhóirí agus léiritheoirí ag iarraidh teacht ar bhunsmaointí an-simplí, smaointí atá ceangailte le muintir na tíre seo. Coinnigh súil amach don bhanna ceoil seo agus éist leis an bhfeadóg mhór. Thiar i 1991 bhí cónaí orm amuigh in Árann ar Inis Meáin, teastaíonn uaim anois blaiseadh de na hoileáin eile mórthimpeall na tíre seo. Cuirfidh mé tús le mo thuras Amú ar na hOileáin Éireannacha ar bharr an Reek. Mo dhéshúiligh i mo láimh agus léarscáil de Chuan Mó i mo phóca.

Tá muid in ann a bheith bródúil as an tír bheag seo

Níor cheap mé riamh go mbeadh Banríon Shasana ag seasamh os comhair an Rialtais, Uachtarán na tíre seo agus ceamaraí na tíre seo ag tosú óráid oifigiúil i nGaeilge. Ach tharla sé agus chualamar ar fad é. Ní raibh ann ach abairt amháin, ‘A Uachtaráin agus a chairde’ ach bhí i bhfad níos mó, an t-uafás brí ag baint leis.

Ar aon chaoi, tá an tír seo ag borradh faoi láthair le hócáidí móra domhanda ar siúl, an Bhanríon, Obama, Craobh UEFA san Aviva agus rath Chúige Laighean i gCraobh Rugbaí na hEorpa. An lá cheana ar an raidió labhair mé leis an mbean atá i gceannas ar Charraig Phádraig i dTiobraid Árann agus iad ag ullmhú do chuairt mhór Bhanríon Shasana agus an Phrionsa.

Is é seo an sainchomhartha tíre is cáiliúla atá sa cheantar sin le fada an lá ach a dhaoine uaisle tá sainchomhartha tíre úrnua san áit agus is é sin McDonald’s! Sea, tá na ‘Arches Órga’ tagtha go dtí an áit agus de réir dealraimh ní raibh na scuainí ná na sluaite le feiceáil chomh mór riamh. Is cuimhin liom bheith san Astráil ag taifeadadh mo shraith taistil do TG4 cúpla bliain ó shin, bhí mé in Collingwood, Melbourne, agus chaith mé an lá le Chopper Reid.

B’fhéidir an duine is cáiliúla san Astráil ar fad, labhair sé liom mar gheall ar na cathracha móra san áit, dúirt sé go raibh Ayres Rock ina fhásach iargúlta, go raibh Sydney ina phraiseach lán le surf agus Speedos, go raibh Perth lán le ‘hippies’, go raibh Tasmania lán le ‘culchies’ agus gurb é Melbourne an áit is fearr ar domhan.

Paisean agus bród a bhí á thaispeáint ag an Chopper. Tá an bród agus an paisean sin againn chomh maith sa tír seo. Mothaím go bhfuilimid á nochtadh ar mo chlár radió. Mar sin, céard atá againn sa tír seo, bhuel tá ‘an Wonderful Barn’ i Léim an Bhradáin, tá na Ceithre Bhóthar i nGleann na Madadh, tá an Dolmain i gCeatharlach, tá dealbh den chapall Bobbyjo sa Chreagán, tá Joe Dolan ina sheasamh sa Mhuileann gCearr, tá Charles Stewart Parnell ar theorainn Ros Comáin, tá an Stone Monk i mBéal Átha Chomair, céard é sin go díreach, níl mé róchinnte, agus tá Arthur Guinness ina luí i reilig Uachtar Ard i gContae Chill Dara.

Níl ansin ach cúpla sampla de na sórt rudaí atá sa tír seo i ngach aon sráidbhaile beag.

Oíche amháin leis an obair uile a cheiliúradh

Chaith mé oíche Dé Sathairn seo caite i mBleá Cliath ag na Irish Film agus Television Awards nó na IFTAs mar a ghlaoitear orthu. Bhí an National Convention Centre cois na Life plódaithe le daoine ó gach taobh den ghnó.

Thosaigh an oíche go maith, bhíomar inár suí ag a 7.30pm nó mar sin, thosaigh an chéad chuid den oíche, cineál cleachtaidh a bhí ann do chlár beo a bhí ag dul amach ag a 9.30pm ar RTÉ 1 níos déanaí.

Bhronn siad seacht nó ocht ngradam b’fhéidir agus ansin bhí cead againn sos eile a thógáil agus deoch a fháil. Bhí orm IFTA a bhronnadh ar an gcartún nó beochan is fearr le cailín óg le gruaig rua as Co. Lú darb ainm Evana Lynch.

Tá i bhfad níos mó aithne uirthi mar Luna Lovegood ón scannán cáiliúil Harry Potter. Tá ceithre IFTA ar an tinteán agam sa mbaile, tá mé an-bhródúil astu.

Iad ar fad buaite le mo chlár taistil ar TG4. Bhí an chéad cheann mar an clár siamsaíochta is fearr buaite againn thuas i mBéal Feirste in 2002, is cuimhin liom an gradam a fháil agus ansin taobh amuigh den rud labhairt le Gay Byrne. Bhí sé ag moladh mo chuid cláracha go hard, ní raibh mise in ann é a chreidiúint, agus ansin d’inis sé dom go raibh madra aige sa mbaile agus Hector an t-ainm a bhí air. Siar in 2002 ní raibh ann ach píosa páipéir, teastas agus é i bhfráma.

An bhliain dár gcionn bhuamar trí IFTA in aon oíche amháin. Bhí ormsa, Rosco fear an cheamara agus Evan an léiritheoir dul ar an ardán trí huaire as a chéile, le trí ócáid dhifriúla.

Ar deireadh chas mé píosa de Sí do Mhamó í don slua, agus is cuimhin liom Bono ag gáire agus é thíos fúm chun tosaigh in aice leis an ardán.

Tá mé bródúil go bhfuil mé ag obair le daoine an-chliste agus éirimiúil agus ealaíonta ins an ngnó seo sa tír seo.

Taitníonn an bunsmaoineamh liom do na IFTAS ach cúpla bliain ó shin measaim go raibh níos mó craice agus caidrimh ins an oíche seo. Bhíodh sé ins an mBurlington, bhíodh sé mar Dhamhsa is Dinnéar mór, an bia i dtosach, gach duine suite ag an mbord agus ansin an searmanas.

Thaitin sé liom mar sin, bhí sé níos pearsanta, bhí níos mo béime ar an mbord, agus ar do chomhoibrithe, anois tá sé athraithe isteach go dtí an ócáid ollmhór seo, le stáitse ollmhór i bhfoirgneamh ollmhór.

Sin é, tá mo dhóthain ráite mar sin, níl a fhios agam an ndéanaimid Show Biz extravaganzas rómhaith sa tír seo ach mar sin féin tá sé go deas go bhfuil oíche againn uair sa mbliain leis an obair a cheiliúradh agus scíth a ligean!

Plódaithe: Crowded

Cleachtaidh: Practice

An-bhródúil: Very proud

Clár siamsaíochta: Entertainment show

Pearsanta: Personal

Tá áthas orm go leanann mo bhuachaillí féin United

Bhí an dinnéar réidh i mo theach an Domhnach seo caite ag a 2pm. Rósta mór mairteola a bhí ann, go leor prátaí agus neart glasraí. Dinnéar an Domhnaigh is breá liom é agus is breá le mo pháistí é chomh maith.

Ach bhí fáth mór go raibh an dinnéar réidh: an cluiche is mó an séasúr seo sa Phríomhroinn. Manchester United in aghaidh Chelsea. Bhíomar ar bís i mo theach, léinte Utd ar an triúr againn, mé féin agus mo bheirt leaideanna óga.

Bhí an chraobh Eorpach sroichte againn in aghaidh Schalke, bhí sé sin déanta anois. Bhí an fuinneamh agus an aird ar fad dírithe ar Chelsea, foireann mhór shaibhir Londan.

Níl ach íomhá amháin agam agus sé sin Javier "Chicharito" Hernandez thíos ar a ghlúine lámha dírithe ar an spéir agus é ag lorg inspioráide agus cúnaimh ón bhfear thuas staighre. 38 soicind ina dhiaidh sin d’oibrigh sé, agus bhí an chéad chúl scóráilte aige agus an cluiche buaite.

Ón oíche a bhuamar in aghaidh Schalke táim ar thóir ticéadaí don chraobh i Londain in aghaidh Barcelona. Tá sé éasca go leor dul go Londain, bád nó eitleán, ach tá costas dochreidte ag baint leis an óstán agus an ticéad é féin. Ghlaoigh mé ar chara liom, an marcach cáiliúil Johnny Murtagh, ó mo bhaile dúchais, an Uaimh, ag fiosrú faoi thicéadaí.

Dúirt sé liom go nglaofadh sé ar Michael Owen ó Utd! Bhuel má tá an ‘pull’ agat uaireanta tá sé go deas é a úsáid. Má thagann na ticéadaí rachaidh mé ann, craobh Shraith na gCuradh i Wembley le Man Utd agus Barca. Dála an scéil, bhí mé i mo chónaí i dtír na mBascach, an Spáinn, an chéad uair a bhuaigh Barca é, agus cén áit a raibh an chraobh i 1992 ach Wembley?!

Cúl amháin a bhí ann, scóráilte ag an bhfear mór fionn ón Ísiltír Ronald Koeman. Cuireann sé gliondar ar mo chroí an bealach a bhfuil mo bheirt leaideanna ag cur suime i Manchester United.

Nach é a bhí sa tír seo fadó, agus faoi láthair go raibh leaid amháin ag leanúint Liverpool agus leaid eile ag leanúint United? Scoilt agus deighilt sa teach, sin mar a bhíodh sé i mo theach, agus tríocha bliain ina dhiaidh sin tá sé fós ann. Tá Príomhroinn uimhir a 19 buaite againn, agus idir seo agus an 28 Bealtaine beidh mo lámha dírithe ar an spéir ag lorg inspioráide agus cúnaimh ón bhfear mór thuas staighre le haghaidh Shraith na gCuradh.

Clár agus smaoineamh iontach

Chonaic mé clár an-mhaith an lá cheana ar an teilifís. Ní rómhinic a tharlaíonn sé, mar ceapaim féin go bhfuil caighdeán chláracha na teilifíse ag dul in olcas gach bliain.

Mothaím uaireanta go bhfuil an spiorad agus an t-anam imithe ón mbosca sa gcúinne. Tá an iomarca cláracha réalaíocha ann, an iomarca béime ar chláracha amhránaíochta agus canta agus damhsa agus iad ar fad i gcomórtas lena chéile. Is fuath liom Big Brother ón gcéad lá a tharla sé na blianta fada ó sin, níl suim dá laghad agam i Strictly Come Dancing nó san All Ireland Talent Show. Níl aon ghá leis na cláracha seo dar liom.

Ar aon nós, mar a bhí mé ag rá, chonaic mé clár maith an tseachtain seo caite. Clár a raibh scéal maith ann, bhí sé déanta go maith, bhí sé taitneamhach agus eolasach ag aon am amháin. Is é The People’s Supermarket atá ann agus an bunsmaoineamh atá ann ná go bhfuil an Sasanach seo, fear darb ainm Arthur Potts-Dawson, ag iarraidh siopa a rith níos saoire ná na siopaí móra ar nós Tesco, Sainsbury’s, agus a leithéid. Teastaíonn uaidh ollmhargadh a bhunú ina mbeidh gnáthdhaoine ón saol ag obair ann saor in aisce cúpla uair an chloig in aghaidh na míosa. Níl aon phá i gceist agus is éard a fhaigheann siad ná earraí ón siopa i bhfad i bhfad níos saoire ná Tesco agus a leithéid. Más oibrí thú sa siopa, nó ball den siopa a chosnaíonn £25, tá tú in ann an bia a cheannach 10 faoin gcéad níos saoire ná aon áit eile ar an bpríomhshráid. Chuaigh sé go Nua-Eabhrac chun áit mar seo a fheiceáil atá na blianta ar an bhfód, sé sin an Park Slope Food Co Op in Brooklyn.

Tá muintir Nua-Eabhrac ag obair anseo go deonach ó 1973, agus ag fáil an bhia suas le 40 faoin gcéad níos saoire ná na hollmhargaí eile.

Samhlaigh dul isteach in áit ar nós McCambridge’s i nGaillimh nó Fallon & Byrne i mBaile Átha Cliath agus é á rith ag gnáthdhaoine. Daoine atá sásta oibriú ann gan phá ach iad ag fail bia níos saoire ná Dunnes nó SuperValu. Bia den scoth, earraí áitiúla úra. Earraí ón tír seo, déanta in Éirinn, ag sábháil agus ag cothú postanna in Éirinn. Ceapaim féin gur iontach an smaoineamh é agus tá súil agam go n-éiríonn le Potts-Dawson i Londain. Má theastaíonn uaibh tuilleadh den chlár seo a fheiceáil tá sé ar Channel 4 gach oíche Dhomhnaigh agus ar an idirlíon ag thepeoplessupermarket.org.

An lá cheana: The other day

Cláracha réalaíocha: Reality shows

Go deonach: Voluntarily

Ollmhargaí: Supermarkets

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06