Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Scéalta ón Taobh Rua Hola! Táim ag baint suilt as an ngrian, an paella agus na fiestas

Hola! Táim ag baint suilt as an ngrian, an paella agus na fiestas

Saludos a todos los lectores del Taobh Rua I Foinse desde Bilbao! Tá mé fós anseo le mo chlann ar mo laethanta saoire bliantúla. Inné bhí na fiestas áitiúla in Getxo.

Fiesta an-tábhachtach san fhéilire atá anseo, a tharlaíonn i gcónaí ar an Domhnach deireanach i Mí Iúil. Tá ceantar Getxo ar an gCósta ag béal na habhann a scarann an chathair sé sin an Nervion.

Bhí an fiesta paellas ar siúl inné. Bhí suas le 25,000 duine ón gceantar ag ceiliúradh is ag déanamh scléipe ó mhaidin go hoíche. Tá stíl agus traidisiún áirithe thall anseo go mbaineann gach aon duine lena ghrúpa féin. Scata cairde, cairde scoile nó b’fhéidir na comharsana a bhíonn ann.

Glaonn siad an ‘cuadrilla’ air, nó tá focal eile in úsáid acu, sé sin an ‘Peòa’. Inné bhí an áit briste suas leis na peñas difriúla, bhí tithe tógtha taobh amuigh le hadhmad agus raithneach mar bhalla acu.

Glaoitear toldos ar na tithe seo. Tá sé deacair é a mhíniú ach le seachtain anuas bhí na peñas éagsúla ag obair ag tógáil na dtithe seo. Bhí tithe tábhairne iontu, bhí suíocháin is boird iontu agus fearas fuaime ag pléascadh amach an cheoil. Is é an paella croílár an lae.

Is pláta faoi leith é seo ní amháin i dTír na mBascach ach i bhformhór na Spáinne chomh maith. Tógann siad an-dáiríre an pláta seo. Rís agus iasc agus sicín agus é ar fad caite le chéile i bhfriochtán mór millteach. Rinneadh agus itheadh é i ngach uile toldo inné.

Thosaigh an fhéile ag 9am agus lean sé ar aghaidh go dtí an chéad mhaidin eile. Tá sé iontach na cuadrillas a fheiceáil le chéile, tá nasc agus cairdeas an-láidir eatarthu.

Bíonn iomaíocht mhaith eatarthu chomh maith agus iad ar fad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile. Cé acu a thóg an toldo is fearr, an fearas fuaime is láidre, an paella is deise.

Ach tá fáth mór amháin leis na fiestas seo ar fad, sé sin an aimsir. An ghrian agus an teas. An compord agus an mothúchán a bhaineann le bheith ag ól agus ag ithe taobh amuigh faoin aer.

Is é sin an rud atá ag an Spáinn, an dea-aimsir ó thús go deireadh an tsamhraidh. Níl ach cúpla lá fágtha in Bilbao, molaim daoibh teacht anseo ar cuairt. Is tír faoi leith í, le daoine faoi leith.

Is féidir leat a bheith thuas sna sléibhte agus uair an chloig níos déanaí bheith i do luí ar an trá. Tháinig mé ar feadh trí seachtaine an chéad uair riamh agus d’fhan mé ceithre bliana. Agur!

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 10 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 11 hours ago