Is cosúil go bhfuil an samhradh tagtha. Bhuel níl an aimsir bhreá tagtha ina hiomláine go fóill ach tá an séasúr ar leac an dorais. Ciallaíonn an samhradh an Ghaeilge agus an turas bliantúil go dtí an Ghaeltacht.
Tá na mílte dalta scoile ag réiteach do na trí seachtaine seo. Trí seachtaine i gCiarraí, nó Tír Chonaill, nó Gaillimh, trí seachtaine i bhfad óna dtuismitheoirí. Trí seachtaine leo féin, leis an aoisghrúpa céanna, ag fanacht sna tithe éagsúla ag déanamh cairde nua.
Is ag an gColáiste Samhraidh a d’fhoghlaim mé féin mo Ghaeilge ar fad. Bhí an fhís ag mo mháthair mise agus mo dheartháireacha a chur chuig an nGaeltacht agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Thosaigh mé féin amach ar mo thuras mór Gaeltachta ag 8 mbliana d’aois i Ráth Chairn glas na Mí. Bhí mé tar éis an t-agallamh a dhéanamh do Choláiste na bhFiann agus d’éirigh liom áit a fháil ar an gcúrsa. Bhí eagla an domhain orm agus mé ag leaindeáil i Ráth Chairn. Bhí mé neirbhíseach faoin lóistín, faoin teanga, faoin mí as baile a bhí os mo chomhair.
Ach ní raibh gá ar bith leis an imní, bhí am iontach agam. D’eitil na trí seachtaine, chuir mé aithne ar dhaoine nua, bhí an chraic ar fheabhas agus bhí an spraoi go hiontach. Níor stop mé ag spalpadh Gaeilge agus gach aon oíche den tseachtain bhí mé ag rince ag an gcéilí le cailíní, sea CAILÍNÍ. Bhí mé ag foghlaim na rincí éagsúla, an Staicín Eorna, an Seáinín, Baint an Fhéir, Ballaí Luimní, Ionsaí na hInse, agus conas teagmháil a dhéanamh leis an ngnéas eile.
Ón gcéad bhliain sin i Ráth Chairn chaith mé 10 mbliana i ndiaidh a chéile ag Coláiste an bhFiann, bhí mé mar dhalta, cúntóir agus Ardchúntóir. Is ann a d’fhoghlaim mé conas labhairt leis an slua, conas amhráin a mhúineadh do chéad dalta, conas slua mór a choinneáil ar bís agus ag baint sult as rudaí.
Is ann a fuair mé m’fhéinmhuinín. Agus tá an fhéinmhuinín sin fós agam inniu chomh maith leis an teanga.
Mar sin a dhaltaí scoile, bainigí sult agus spraoi as an séasúr Gaeltachta seo. Déanaigí bhur ndícheall, labhraigí amach an Ghaeilge atá agaibh agus bíodh féinmhuinín agaibh agus sibh ag an gcéilí gach oíche. Is deis iontach é bheith i bhfad ón mbaile gan mórán rialacha agus neamhspleáchas den scoth bheith os do comhair. Meas mór a chairde... coinnigh lasta í.


