RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Smaointe Fánacha

Smaointe Fánacha \| Mícheál Ó Conaola

Comóradh Éirí amach na Cásca sa bhliain 2016

Dá bhroidiúlaí an Rialtas ag tús na bliana nua ní fada go gcaithfidh siad aghaidh a thabhairt ar chomóradh céid Éirí Amach na Cásca in 2016. Is cinnte go mbeidh moltaí ag teacht chun cinn maidir leis na bealaigh ar cheart an ócáid a chomóradh agus a cheiliúradh. Bheadh moladh amháin agam féin, an spíce fada sin i lár Shráid Uí Chonaill a chaitheamh anuas agus píosa ealaíne a chur ina áit. Uair ar bith a dtéim thairis fiafraím dhíom  féin cén fáth agus cén chaoi ar cuireadh suas a leithéid de spliota, scléipeach, seafóideach.

 

Ar an gcéad dul síos níl sé ag réiteach dubh ná bán i mo thuairim leis na foirgnimh eile i Sráid Uí Chonaill, le Ard-Oifig an Phoist, ná le dreach ginearálta na bhfoirgneamh eile ar an tsráid bhreá seo. Níl sé ag réiteach ach an oiread leis na dealbha atá ar an tsráid le fada. I bhfocail eile níl sé ag réiteach le stair, le dreach cathrach ná le hatmaisféar Phríomhchathair na hÉireann.

 

Ar ndóigh cuireadh suas é in aimsir an Tíogair Cheiltigh nuair a bhí airgead fairsing agus é á chaitheamh go fánach. €4 mhilliún a chosain an spíce le cur le chéile agus le cur suas agus bíonn costais bhreise gach bliain á choinneáil glan agus á choinneáil lasta. De réir cosúlachta,imíonn na bolgáin atá thuas uachtarach air sách minic agus ansin ní mór craein nó crann tógála speisialta a thabhairt isteach i Sráid Uí Chonaill leis na bolgáin sin a athrú.

 

Airgead á chaitheamh go fánach arís agus gan é le spáráil anois faraor. Ar ndóigh ní shásódh spíce beag muid ag an am. Chaithfí ceann a chur suas a bheadh ní b’airde ná aon spíce eile ar domhan.

 

Ba chuma ach feictear dhom má bhí fíbín ar dhaoine spíce a chur suas, go mbreathnódh spíce beag thart ar chéad troigh ar airde i bhfad ní b’fhearr agus ní bheadh na costais chothbhála leath chomh

trom.

 

Ba chomhlacht Sasanach, Ian Ritchie Architects, a rinne an dearadh ar an spíce agus tá sé 398 troigh ar airde. Thosaigh ancomhlacht tógála SIAC á chur suas i Mí na Nollag 2002 agus bhí sé thuas ar an 21Eanáir, 2003.Ba é Joe Doyle a bhí ina Ard-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath nuair a roghnaíodh an spíce as na céadta iontrálacha agus ba é Bertie Ahern a bhí ina Thaoiseach. Anois agus an tír bánaithe is truamhéalach an éadáil an spíce seo a bheith ag seasamh i lár Shráid Uí Chonaill mar chomhartha dóchais i lár an éadóchais.

 

Molaim é a bhaint anuas agus píosa ealaíne a chur suas ina áit a bheadh ionadaíoch ar an tír ar fad, ar na tríocha dó contae agus a léireodh mian na bhfear agus na mban a throid i 1916 agus ag an am céanna a léireodh mian na ndaoine a shínigh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998, go mairfeadh gach aicme polaitiúil agus creidimh ar an oileán seo le chéile faoi bhrat sona na síochána.

Plaic nochta in onóir do laoch mór rugbaí Thír Chonaill

Bhí ócáid stairiúil i Leitir Ceanainn le gairid nuair a nocht an |t-iar All Black cáiliúil Bryan Williams, plaic in onóir do Dave Gallaher an t-imreoir iomráiteach rugbaí a rugadh i Ráth Mealtain, Tír Chonail, sa mbliain 1873 agus a bhfuil ómós mór dó i dtír a dhídine, an Nua- Shéalainn, go dtí an lá atá inniu ann.
Ní raibh Gallaher ach thart ar chúig bliana d’aois nuair a shocraigh a mhuintir go bhfágfaidís Ráth Mealtain le saol níos fearr a dhéanamh dóibh féin thall sa Nua-Shéalainn. In Auckland a shocraigh siad síos agus b’ansin agus é ag éirí aníos a thosaigh Dave Gallaher ag imirt rugbaí. Ba i 1905 a baisteadh na All Blacks ar fhoireann náisiúnta na Nua-Shéalainne agus ba é Gallaher a gcéad chaptaen.
Díreach roimh an gComórtas Rugbaí Domhanda in 2011 nochtadh dealbh ina onóir taobh amuigh de Eden Park in Auckland agus insealbhaíodh san IRB ‘Hall of Fame’ é.
De réir cosúlachta, |b’ iontach an t-imreoir a bhí ann agus bhí sé ar dhuine de na daoine ba chionsiocair gurb é rugbaí spórt náisiúnta na Nua-Shéalainne. Tríocha trí uair ar fad a d’imir sé leis an Nua- Shéalainn, seacht |n-uaire fichead acu sin ina chaptaen. Ba é a scríobh an leabhar traenála The Complete Rugby Footballer, leabhar a mbaintear úsáid as go dtí an lá atá inniu ann. Níl baol ar bith nár fhág Dave Gallaher lorg a láimhe ar chúrsaí rugbaí na Nua-Shéalainne agus nach iontach go |mbeidh a thionchar le feiceáil anois thuas i dTír Chonaill ina cheantar dúchais.
moladh mór ag dul don Chlub Rugbaí agus do Chumann Lúthchleas Gael Leitir Ceanainn as ucht a theacht le chéile roinnt blianta ó shin leis an bhfiontar seo a chur chun cinn. Shocraigh siad páirceanna imeartha agus clubtheach a thógáil a bheadh in ann freastal orthu araon agus beidh clubanna eile as an gceantar in ann úsáid a bhaint as na háiseanna breátha freisin. Ní neart go cur le chéile.
Thug grúpa de na All Blacks agus a gcaptaen Tana Umaga cuairt ar an suíomh seo thart ar seacht mbliana ó shin agus thiomnaigh na páirceanna rugbaí do Dave Gallaher. Thugadar cuairt ar an áit ar rugadh é i Ráth Mealtain freisin agus ba scéal mór le rá a bhí ann ag an am ar fud an domhain. Anois, seacht mbliana ina dhiaidh sin tá áiseanna breátha curtha ar fáil do rugbaí agus do chluichí Lúth Chleas Gael san áit seo ar chostas €1.5 milliún.
Ceathracha ceathair bliain d’aois a bhí Dave Gallaher nuair a bhásaigh sé. Is amhlaidh gur liostáil sé san arm nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach agus maraíodh é in Passchendale sa mBeilg ag troid do na comhghuaillithe ar an |3 Deireadh Fómhair, 1917.

Oireachtas na Samhna i dTír Chonaill

Tá an dá chorn mhóra thuas i dTír Chonaill anois. Corn ‘Sam’ agus corn Neidí Frainc Mhic Grianna.  Is maith an oidhe orthu é.  Thug mé ruaig ó thuaidh go Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine seo caite le freastal ar Fhéile an Oireachtais agus  ghlac mé páirt sa gcomórtas scéalaíochta.  Bhí comórtas maith ann agus sílim go bhfuil sé ag neartú leis in aghaidh na bliana.  Cé gur thosaigh sé le héirí soilseach ag 9.30 ar maidin Dé Sathairn,  bhí  drong deas daoine i láthair agus bís éisteachta ar gach duine.  Gearóidín Breathnach as Croithlí a ghnóthaigh an chéad duais de €500, bonn airgid agus Corn Neidí Frainc agus ba í Máirín Mhic Lochlainn as Indreabhán a fuair an dara háit, bonn cré-umha agus €300.

Ar ndóigh sí Gearóidín iníon Neidí Frainc agus ní hiontas ar bith bua na scéalaíochta a bheith aici.  Eagraíonn Gearóidín ranganna scéalaíochta do pháistí scoile thuas i nGaeltacht Thír Chonaill ar ala na huaire agus déanann Máirín Mhic Lochlainn riar den chineál seo oibre freisin i gCois Fharraige.

Bhí mé ag taisteal nuair a bhí an comórtas mór sean-nóis ar siúl. Bhí Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada, bonn óir agus €1500 ag dul don chéad áit, bonn airgid agus €600 don dara háit agus bonn cré-umha agus €400 mar dhuais don tríú háit.  Ba é Pól Ó Ceannabháin as an Aird Thoir, Carna, a ghnóthaigh an duais mhór. Fonnadóir breá é Pól a fuair a chuid amhrán óna athair Michael Mháire Ghabha  agus tá stíl bhreá sean-nóis Charna aige. Máire NÍ Cheilleachair as Corcaigh a fuair an dara háit agus Caitlín Ní Chualáin as Indreabhán a fuair an tríú háit.

Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh as an gcomórtas agus mé ag éisteacht leis faoi bhealach. Seisear a fuair glaoch ar ais agus chasadar amhrán mear an dara geábh. Chuala mé a mbunáite cheana ach bhí amhrán amháin nach raibh cloiste agam. Máirín Uí Chéide a chas é agus ba mhaith uaithi. Tagann Máirín anall as Bostún Mheiriceá gach bliain i gcomhair an chomórtais seo agus tá an-chreidiúint ag dul di as ucht taisteal chomh fada sin ó bhaile. Ar ndoigh is as an Máimín, Leitir Móir ó thús í ach tá sí ina cónaí i mBostún le fada.  Thug sí Corn Ui Riada léi i 1986 agus ar bhealach tá iontas orm nach bhfuil sé tugtha léi níos minice aici mar is deacair a sárú mar fhonnadóir a fháil.

Bhí fonnadóir eile a chuaigh i bhfeidhm orm agus mé ag taisteal ó dheas in aghaidh na doininne san oíche Dé Sathairn. Sin í Eibhlís Uí Thuama as Béal Átha an Ghaorthaidh. Ní bhfuair Eibhlís aon ghlaoch ar ais ach cheap mé féin go raibh sí thar barr.

Agus ar deireadh ní fhéadfainn dearmad a dhéanamh ar Mháire Mhic Niallais a fuair gradam speisialta ó RTÉ Raidió na Gaeltachta as a cuid oibre do shaíocht agus do chultúr na Gaeilge. Go maire sí a nuaíocht.

Josie Sheáin Jeaic: Is cinnte nach ón ngaoth a thug sé é

Mar a deireadh an sean dream fadó, ‘ní ón ngaoth ná ón ngrian a thug sé é’.  Go deimhin bhí an saibhreas fonnadóireachta, ceoil, seanchais agus scéalaíochta mórthimpeall  air ar fud Iorras Aithnigh agus é ag éirí aníos.  Ní raibh i bhfad le dhul aige ach an oiread.  Ar leic an teallaigh bhí a athair Seán Jeaic Mac Donncha, fonnadóir breá a raibh stór mór amhrán aige agus ar tugadh craobh an Oireachtais dó  i 1943.

Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha  ón Aird Thiar, Carna atá faoi chaibidil agam, fear ar bronnadh Céim Mháistreachta Oinigh air le gairid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Ba mhaith an oidhe air é. Dé hAoine seo chugainn in Óstán Chuan Charna, ag a 9.00, beidh oíche mhór cheoil agus amhránaíochta á heagrú ag Coiste Eagrúcháin Fhéile Chomórtha Joe Éinniú in onóir do Josie, fear a ghnóthaigh príomhdhuais an Oireachtais i 1971 nuair a thug sé leis Corn Chomhlacht an Oideachais, agus arís i 1978 agus 1982 nuair a bronnadh Corn Uí Riada air.

Thosaigh Josie Sheáin Jeaic ag gabháil fhoinn go poiblí agus é ina dhéagóir ag Feis Charna agus bhí sé ag casadh ag an Oireachtas agus é sna fichidí. Chomh maith lena athair féin bhí scoth na bhfonnadóirí mórthimpeall ar leic an dorais aige le comhairle a chur air – leithéidí Seán ‘Ac Dhonncha, Dara Bán Mac Donncha,  Michael Mháire Ghabha Ó Ceannabháin agus ar ndóigh an máistir mór é féin Seosamh Ó hÉanaí.  Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chuir.

Shiúl Josie áiteacha go leor agus é i mbun a chuid fonnadóireachta.  Thaisteal sé le Comhaltas Ceoltóirí Éireann go Sasana agus go hAlbain mar chuid de Chuairt na bhFilí agus  chuaigh sé chomh fada ó bhaile le Libia ag gabháil fhoinn i 1976, arís le Comhaltas.  Bhí baint aige le bunú Cumann Amhránaíochta Iorras Aithneach – seisiún amhránaíochta agus ceoil a reáchtáiltear i gCarna ar an Satharn deireanach de gach mí.

Tá dhá mhór thaifead déanta aige:  Josie Sheáin Jeaic (Cinq Planets, 2000) agus Ó na Sceirdí Aniar (Gael Linn, 1987).  Bhí páirt aige sa scannán The Irishman – An Impression of Exile, a rinneadh sna seachtóidí agus sa tsraith Atlantean a rinne Bob Quinn sna hochtóidí agus bhí sé ina amhránaí cónaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 2003 – 2004.  Ar ndóigh is iascaire freisin é agus tá sár eolas aige ar oileáin agus ar charraigreacha an cheantair agus ar an seanchas agus na scéalta a bhaineann leo.

Marcus Ó hIarnáin agus a chlann ceolmhar as Roisín na Mainíoch, Carna a chuirfidh an tsiamsaíocht ar fáil don oíche agus beidh neart damhsa freisin ann ó bheirt de chlannmhac Mharcuis,  seaimpíní an Oireachtais, Breandán agus Proinsias.  Beidh saor chead isteach agus sólaistí ar fáil.  Tá cuireadh oscailte faighte ag amhránaithe ar fud na tíre a bhfuil suim acu sa sean-nós chun na hócáide seo, a thabharfaidh aitheantas don fhear seo atá ar dhuine de phríomhamhránaithe sean-nóis na tíre agus a bhfuil tuiscint dhomhain aige ar  ealaín an tsean-nóis  agus gach a mbaineann léi.

Caithfidh Obma fáisceadh ar na maidí gan mhoill

Tabharfaidh Meiriceánaigh aghaidh ar na botháin vótála ar an 6 Samhain le Uachtarán a thogha.  Níl mórán ama fágtha, ceithre seachtainí ón lá inné, agus is féidir liom na stáisiúin raidió agus teilifíse a shamhlú ag bascadh a chéile le greim a fháil ar an oiread de na milliún dollar agus is féidir, a chaithfear ar na hiarrthóirí idir seo agus sin.

Mitt Romney ar ndóigh an Poblachtach atá ag tabhairt dúshláin Barack Obama, an tUachtarán atá istigh sa Teach Bán le ceithre bliana.  Bhí an chéad mhór dhíospóireacht eatorra an tseachtain seo caite agus beidh an dara ceann ar siúl san oíche Dé Máirt seo chugainn.  Ba é tuairim na coitiantachta gur ghnóth Mitt Romney an chéad dhíospóireacht.  Ba chosúil é Obama an oíche cheana le fear a bhí ró-chinnte ann féin agus a cheap go gcuirfeadh sé Mitt de dhroim seoil gan mórán dua ach tuigeann sé anois go bhfuil Romney níos fearr ná sin ar aghadh na gceamaraí.  Tuigeann sé freisin nach bhfuil an oiread eatorra sna pobalbhreitheanna agus a bhí go háirithe tar éis díospóireachta na seachtaine seo caite.

Nuair a tháinig Obama i gcúmhacht ceithre bliana ó shin bhí eacnamaíocht Mheiriceá ag cúlú agus bhí jabanna á gcailleadh ar fud na tíre.  Chuir Obama na billiúin dollar isteach san eacnamaíocht sin ó shin, ach fós is go mall atá sé ag teacht chuige féin.  Mar gheall ar sin is go righin réidh atá cúrsaí fostaíochta i gcónaí.  Tá thart ar 8% de dhaonra oibre na tíre as obair i gcónaí agus sin céadchodán  ard i Meiriceá.  Is maith le Meiriceánaigh a bheith ag saothrú an dollar, mar sin é an rud a chleacht an chine gheal thall ansin ar aon bhealach. Féach ar ár muintir féin a chuaigh anonn.  Nach minic go raibh dhá jab acu agus b’fhéidir an tríú ceann ag an deireadh seachtaine ag baint plásóga féir agus ag tabhairt aire do ghairdíní.

Gheall Obama an tsíorraíocht sula ndeacha sé isteach sa Teach Bán ceithre bliana ó shin.  Ach ní i bhfad a bhí sé ina shuí sa gcathaoir bhog nuair a thuig sé go dtógfadh sé blianta fada an cúlú eacnamaíochta ar fud an domhain a chur ina cheart.  Ach de bhrí gur gheall sé cat agus dhá iorball,  cuirfidh daonra  dífhostaíochta  Mheiriceá an mhilleán air nuair nach raibh sé in ann an obair sin a chruthú.  Ní amháin sin ach tá baol ann go gceanglóidh  siad cliseadh an Uachtaráin jobanna a chur ar fáil le leisciúlacht an chine ghorm (ina dtuairim) agus a nós maireachtála siúd atá go síorraí i dtuilleamaí cúnamh ón stát. Nár dhúirt Romney féin go raibh 47% den phobal vótála ag brath ar an stát agus tá fhios againn cé a bhí i gceist aige.  Tharraing sé siar an chaint sin ina dhiaidh sin ach bhí an damáiste déanta.  Ní mór do Obama fáisceadh ar na maidí sa gcéad dhíospóireacht eile agus léas dóchais a thabhairt do lucht na dífhostaíochta má tá sé le fanacht sa Teach Bán ar feadh ceithre bliana eile.

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
04:01AM Oct 25