Bheinn den bharúil go bhfuil sé in am ag an gCumann Lúthchleas Gael leagan amach agus struchtúr a gComórtas Craoibhe i bpeil agus in iománaíocht a athrú. Thosaigh comórtais na bliana seo mí ó shin le cluiche lag, leamh peile idir Co. Dhún na nGall agus Co.Aontroma. Táim cinnte go dtiocfaidh cluichí maithe fós ach bheinn den tuairim gur cheart go mbeadh cluiche amháin den scoth ann gach deireadh seachtaine ó thús deireadh na craoibhe.
Mar a tharlaíonn gach bliain sé comórtas chraobh sinsir na Mumhan i bpeil an comórtas is laige. Ciarraí agus Corcaigh an dá fhoireann is fearr sa gCúige sin i gcónaí agus cé is moite de Chontae an Chláir a bhuaigh Craobh na Mumhan sa bpeil i 1992, ní fheicim gur tháinig mórán foráis ar na Contaethe eile le mo chuimhne.
Fiú dá mbuailfí Corcaigh nó Ciarraí sa gcéad bhabhta thiocfaidís ar ais tríd an gcúldoras níos láidre. Ós ag caint ar an gcúldoras é, cheapfainn gur cheart deireadh a chur leis. Feictear dom gur do na contaethe láidre is mó a rinne sé leas ó cuireadh tús leis san iománaíocht i 1997 agus sa pheil in 2001 agus ní mórán maitheasa a rinne sé do na contaethe laga ach gur thug sé cluiche breise dóibh gach bliain.
Mar ní dóigh liom go bhfuil an oiread ag freastal ar chluichí peile agus iománaíochta is a bhíodh agus ní hé an cúlú eacnamaíochta amháin is cionsiocair leis ach an droch-chaighdeán a chothaíonn na cluichí cúldorais agus an sean-chóras leamh céanna.
Cuirtear deireadh leis an gcúldoras in ainm Dé agus cuirtear crot nua ar an gComórtas Craoibhe. Cé go raibh cáil mhór ar Chraobh na Mumhan agus ar Chraobh Laighean san iomáint san am a caitheadh, feictear dom gur ag dul ar gcúl atá an dá chomórtas sin le blianta. Sílim go bhféadfaí comórtais níos fearr a reáchtáil anois a bheadh múnlaithe b’fhéidir ar an Champions League sa Sacar nó ar an Heineken Cup sa Rugbaí.
Ní mór don Chumann Lúthchleas Gael an teicneolaíocht nua a úsáid freisin. Ní bhfuair Contae na Mí cothrom na féinne le gairid nuair nár ceadaíodh cúl dlisteanach a fuair Graham Geraghty mar gur cheap an moltóir go raibh sé sa gcearnóg bheag sular tháinig an liathróid isteach. Níl sé sin sásúil.
Nuair a imrítear cluichí peile agus iománaíochta mar is cóir le díocas agus le paisean is deacair iad a shárú.
Ach cosúil le go leor rudaí eile sa saol ní mór iad a fhorbairt le hiad a chur in oiriúint don saol nua agus do na glúnta nua atá á n-imirt.





