Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Smaointe Fánacha Tá iománaithe na Gaillimhe áithrid agus aisteach

Tá iománaithe na Gaillimhe áithrid agus aisteach

Ríomhphost Priontáil PDF

Tá iománaithe na Gaillimhe tar éis droch-cháil a tharraingt orthu féin mar gheall ar an taispeántas leochaileach, lagbhríoch a chuireadar suas in aghaidh Bhaile Átha Cliath thíos i dTulach Mhór le gairid. 
Bhí mé féin ann an tráthnóna sin agus caithfidh mé a admháil go raibh siad go dona – fiú Joe Canning  féin chinn sé air go minic an liathróid a chur thar an dtrasnán ó phoic shaora a bhí sách éasca, cé gur phléasc sé eangach Bhaile Átha Cliath tar éis seacht nóiméad le cúl álainn.


Ní maith liom féin a bheith ag caitheamh anuas ar iománaithe na Gaillimhe de bhrí gur iomaí lá spóirt agus pléisiúir a thug agus a thugann siad dhom i gcónaí. Fiú an lá cheana i dTulach Mhór bhí mé dóchasach go dtí na cúpla nóiméad deiridh go dtabharfaidís an lá leo.


Bhí Baile Átha Cliath ró-mhaith dóibh agus caithfear moladh mór a thabhairt do Anthony Daly as Co an Chláir atá tar éis iad a threorú chomh fada seo. Dé Domhnaigh seo chugainn in aghaidh Chill Chainnigh a inseoidh an bhfuil an mianach iontu le Craobh na hÉireann a bhaint amach.  Dé Sathairn seo chugainn i bPáirc an Phiarsaigh, i nGaillimh a inseoidh an bhfuil fíor na maitheasa in iománaithe na Gaillimhe nó nach bhfuil, nuair a rachaidh siad chun páirce le hiománaithe an Chláir.

De réir cosúlachta, ceapann Conor Hayes, Noel Lane agus Brendan Lynskey nach bhfuil. Tharraing a raibh le rá acu ar an Satharn ar imir Gaillimh in aghaidh Bhaile Átha Cliath go leor cainte.
I mo thuairim bhí an ceart acu a bheith chomh géar agus a bhí siad. Triúr ar bith a ghnóthaigh ocht mbonn Uile-Éireann eatarthu ba chóir go dtabharfaí cead cainte agus éisteacht dóibh.


Ó nach minic a chuir Brendan Lynskey suas a chrúib le breith ar an liathróid as an aer gan fuacht gan faitíos, cé mhéad uair a shábháil Conor Hayes cúl na Gaillimhe le feabhas agus fíochmhaireacht a chuid imeartha agus cé a dhéanfaidh dearmad ar an gcúl breá sin a scóráil Noel Lane in aghaidh Thiobraid Árann sna nóiméid dheireanacha de Chraobh na hÉireann i 1988.


Tá iománaithe na Gaillimhe áithrid agus aisteach. An lá a mbeidh tú ag súil le mórán uathu  is minic gurb é a mhalairt a gheobhaidh tú. An lá nach mbeidh tú ag súil le mórán sin é an lá a dtabharfaidh siad an craiceann agus a luach duit.
Sin é an rúndiamhair a bhaineann leo agus sin é an fáth go leanann muid iad. Nár laga

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 10 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago