Bail ó Dhia uirthi ach is iontach an bhean í. Go deimhin níl fhios aici céard é an chéad rud eile is fearr di a dhéanamh. Ar ndóigh is bean bhreá í, tá siar agus aniar inti agus mura bhfuil muineál aici ní lá go maidin é.
Níl sé i bhfad ó shin ó tharraing an Fhéile Oxegen na sluaite go dtí Baile Phúinse, Co. Chill Dara agus nuair a thit Jessie J amach i ngeall ar bhriseadh coise, cé sheasfadh isteach ina háit ach Amanda féin. Sea cé eile ach Amanda Brunker, iriseoir, úrscéalaí, scódaí agus buanna go leor eile atá iomarcach le lua agus atá ina sprémhóin aici ó Dhia agus ón saol.
Anois ní raibh sí ar an stáitse mór millteach ach m’anam go raibh sí ar an dara ceann is mó, an stáitse a bhí ag Vodafone ar an Satharn ag a dó a chlog, an banna ceoil Gitano in éindigh léi agus an giotáraí Spáinneach Francisco Garcia á tionlacan. De réir mar a chuala mé ní chloisfeá taobh thiar de pháipéar nuachta í ach nach cuma? Bhí sí ann.
Is maith liom féin an cineál sin muiníl agus misnigh. Rófhada a bhí muid faoi chois, an chúthaileacht ag fáil an ceann is fearr orainn agus muid ag tarraingt ár gcosa inár ndiaidh. Agus leis an tslisín mhín a chur ar chúrsaí nár léigh mé gur gearr go mbeadh sí ag glacadh páirte sa gclár mór teilifíse Celebrity Bainisteoir. Beidh daoine eile atá mór le rá in éindigh léi ar nós Dana, Tony Cascarino agus PJ Gallagher ach tá mise le mo chuid airgid a chur uirthi.
Nach féidir leat na himreoirí bochta a shamhlú ag rith timpeall na páirce ag cur a mbundún amach, Amanda sna sála acu á spreagadh agus á ngríosadh agus iad réidh le bás a fháil di más gá? Sea is féidir liom é a shamhlú. Ní bheidh aon fhoireann eile ag dul chun páirce a bheas chomh haclaí leo. Táim cinnte de sin.
Os ag caint ar bhainisteoirí é feicim go bhfuil an Ciarraíoch Mick O’Dwyer tar éis slán a fhágáil ag Cill Mhantáin agus gur gearr go mbeidh Ciarraíoch eile, Tomás Ó Flatharta ag fágáil slán ag Gaillimh. Bhí an t-iriseoir spóirt Martin Breheny ag moladh do Bhord Peile na Gaillimhe a ndeis a thapú go beo agus Mick O’Dwyer a fháil sula n-imeoidh siad den radar ar fad. B’fhéidir go bhfuil an ceart aige.
Rinne Micko éacht le contaetha eile agus tá draíocht faoi leith aige le peileadóirí a chur ag obair dó agus i ndeireadh thiar nach é sin atá ag teastáil, imreoirí atá sásta traenáil don bhainisteoir agus don gheansaí.
Ach ní féidir dearmad a dhéanamh ar Alan Mulholland ach an oiread, ná Kevin Walsh ná Pádraic Joyce. Nó céard mar gheall ar bhean a bheith ina bainisteoir ar fhoireann peile? Cén locht a bheadh air sin? Chuala mé faoi bhean a bheadh páirteach sa gclár sin Celebrity Bainisteoir. Cén tainm é sin atá arís uirthi?...





