Gach bliain nó dhó tagann réalta éigin chun cinn ó thaobh cúrsaí stíle de. Feicimid pictiúir de na réaltaí seo i ngach irisleabhar agus páipéar nuachta agus clú á fháil acu mar gheall ar a stíl agus na héadaí a bhíonn á gcaitheamh acu. De ghnáth, is mian linn go léir aithris a dhéanamh ar na daoine seo nuair atáimid ag gléasadh agus ag siopadóireacht.
Na réaltaí faisin atá i gceist agam ná leithéidí Kate Moss, Sienna Miller agus Alexa Chung. Ach na laethanta seo tá bean amháin atá go mór chun cinn agus is í sin an spéirbhean Blake Lively. Is cuimhin liom féin í a fheiceáil den chéad uair sa tsraith rathúil Gossip Girl. Gan dabht tá stíl álainn ag a carachtar Serena Van Der Woodsen sa chlár agus is mian le gach dearthóir í a ghléasadh ar an scáileán.
Le blianta beaga anuas, tá aithne ar Blake í féin mar laoch faisin ach le déanaí tar éis conradh a fháil le Chanel mar mhainicín ar an mála nua Mademoiselle tá sí le feiceáil anois i ngach áit. Gan dabht, tá cuma an mhainicín uirthi, tá sí aclaí le cosa agus gruaig fhada. Is mór an onóir deis mar seo ó Karl Lagerfeld é féin agus tá sé ráite nach raibh sí sásta tabhairt faoi aon fheachtas eile mar bhí brionglóid aici faoi Chanel a fháil le blianta fada.
D’fhéadfá a rá go bhfuil stíl Blake an-chosúil leis an íomhá a bhíonn aici ar Gossip Girl. Meascann sí sraitheanna de phíosaí costasacha le píosaí níos ‘boho’ agus bíonn cuma ghnéasach uirthi i gcónaí. Is minic a bhíonn a cosa fada le feiceáil le dath na gréine orthu agus í ag caitheamh brístí agus sciortaí gearra.
I rith an lae bíonn cuma níos boho uirthi agus nuair a bhíonn sí ar an gcairpéad dearg is minic a bhíonn a gruaig tarraingthe siar le gúna teann i ndath láidir geal uirthi. Caithfidh mé a admháil go bhfuil tionchar aici ar an stíl a thaitníonn liom féin faoi láthair mar gheall ar an tslí a gcuireann sí cultacha le chéile. An tseachtain seo roghnaíos roinnt píosaí i stíl Blake, gan dabht ní gá na mílte Euro a chaitheamh chun aithris a dhéanamh uirthi!
1 Ar dtús roghnaigh mé an hata seo ó Dorothy Perkins, caitheann Serena agus Blake hataí go minic agus is dóigh liom gur ceann deas é ar €30.
2 Tá meascán de stíl ghnéasach agus boho ag Blake. Roghnaigh mé an cairdeagan seo mar is maith léi sraitheanna a chur le chéile agus d’fhéadfá tosú leis seo ar €70 ó Topshop.
3 Is aoibhinn le Blake Topshop agus chonaiceamar pictiúir di le déanaí i Nua-Eabhrac agus í ag iompar ualach mór málaí uathu. Shamhlóinn í sa bharr seo uathu ar €53.
4 Is maith le Blake brístí gearra a chaitheamh chomh maith le sciortaí le bróga fíorarda. Is aoibhinn liom an péire seo ó Dorothy Perkins ar €40.
5 Is minic freisin a fheictear í i seaicéid tuxedo nó blazer agus téann an seaicéad seo leis na
brístí gearra, arís ó Dorothy Perkins, €70.
6 Tagann an gúna bodycon seo ó Topshop, tá sé teann, gearr le dath álainn agus cinnte thaitneodh sé le Blake, €99 atá ar.
7 Ar deireadh tá an gúna dearg seo ó asos.com, tá sé sách gearr agus is aoibhinn liom an muineál atá air, an-mhargadh ar €32.05.


