Le teacht an tsamhraidh tá séasúr na mbainiseacha tagtha freisin! Is aoibhinn linn go léir dul chuig bainis, is ócáidí an-speisialta go deo iad agus is leithscéal iad freisin chun gléasadh suas.
Ní raibh ach bainis amháin agam an samhradh seo faraor ach tá cairde agam a bhfuil níos mó ná ceithre cinn acu.
Is costasach an gnó iad na bainiseacha do gach aon duine atá páirteach iontu, go háirithe más bean thú! Seachas a bheith buartha faoi chulaith ba mhaith liomsa cabhrú libh bhur rogha a dhéanamh níos éasca.
Má tá an t-ádh leat a bheith ag freastal ar níos mó ná bainis amháin ná bíodh imní ort. Tá an-seans ann gur féidir an chulaith chéanna a chaitheamh faoi dhó, braitheann sé ar na haíonna a bheidh i láthair, uaireanta ní hiad na daoine céanna a bhíonn ag na bainiseacha difriúla. Más mian leat an chulaith chéanna a chaitheamh ní gá ach a bheith cruthaitheach faoi. D’fhéadfá athruithe beaga a dhéanamh an dara huair cosúil le bróga difriúla, oiriúintí difriúla nó cóirséad a chur ort féin.
De ghnáth sa tír seo, seachas ócáidí carbhait dhuibh, ní chuireann mórán daoine cód gléasta ar a gcuid aíonna.
Ach ag an am céanna tá sé tábhachtach smaoineamh ar an saghas ócáide atá ann. An ócáid an-fhoirmiúil atá i gceist nó an bhfuil an lánúin nuaphósta níos réchúisí ná sin b’fhéidir? Tá rogha leathan gúnaí ann atá feiliúnach i gcomhair bainiseacha ach ná lig dó sin cur as duit agus tú ag siopadóireacht. An rud is tábhachtaí agus tú ag roghnú i gcomhair bainise, ná go mbeadh sé compordach.
Bíonn lá na bainise an-fhada, bíonn a lán ithe, óil agus damhsa i gceist agus is fearr a bheith ar do chompord.
Mholfainn gan gúna nach bhfuil strapaí air a cheannach más duine thú a bhíonn de shíor á tharraingt aníos ort féin mar shampla! Tá roinnt gúnaí difriúla roghnaithe agam daoibh anseo.
1 Tagann an gúna dúghorm seo ó Reiss ar €185, is aoibhinn liom an lása mín atá air agus gan dabht bheadh na muinchillí fada go hiontach d'aon duine atá buartha faoi na géaga.
2 Tá an gúna sa dath céanna seo ó Miss Selfridge níos saoire, arís bheadh an gúna seo an-chompordach i gcomhair lá fada agus tá an fad ‘midi’ atá air istigh go mór faoi láthair, praghas an-réasúnta ar €65.
3 Taitníonn an cruth ar an ngúna seo go mór liom, bheadh an choim atá air an-mhealltach ar aon duine, freisin is álainn an pátrún bláthach atá air. Is féidir é a cheannach in Dorothy Perkins ar €60.
4 Is iontach an rogha é seo freisin ó Awear, tá an pátrún bláthach an-shamhrata go deo agus is cruth éasca é seo le caitheamh freisin, an-mhargadh ar €50.
5 Ar deireadh céard faoin ngúna rúitín seo ó Penneys, d’fhéadfá péire bróga nua a cheannach chomh maith mar níl ar an ngúna seo ach €17.


