Beidh séasúr na mbainiseacha agus lá na mban linn go luath agus ní oireann aon rud níos fearr do chulaith ná mála glaice chic agus galánta. Tá beautycouture.ie, an siopa oiriúintí agus iris ar líne is fearr in Éirinn, tar éis dhá mhála glaice áille nua a spreag dearthóirí a chur ar fáil. Cuid dá raon málaí láimhe iad seo, a tharraingeoidh aird pé áit a fheictear iad.
An Bassey Clutch ar €35. Glaodh é seo ar an mála in onóir Shirley Bassy, an Diva a bhfuil an-tóir aici ar dhiamaint. Tá an mála beag glaice seo iontach álainn agus galánta, agus mála thar a bheith faiseanta freisin é. Tá éadach bándearg le ruifilí ar an taobh amuigh agus bláth mór atá clúdaithe le diamanté a bhíonn ag drithleach chun tosaigh air. Tá an mála aoibhinn seo foirfe do bhainis, d'oíche speisialta nó do lá na mban. Is é an mionmhála glaice foirfe é! Tá slabhra gearr air agus is féidir slabhra fada a úsáid chun é a chur thar do ghualainn.
An Alex Clutch ar €30. Tá tionchar mór faisin ag an Skull Clutch cáiliúil ó Alexander McQueen, an dearthóir iontach atá imithe ar shlí na fírinne, air seo. Tá mála glaice seo againne, The Alex Clutch foirfe d'oíche shóisialta, do bhainis, nó d'imeacht speisialta. Tá sé go hálainn amach is amach, agus tá bailchríoch éadach sróil corcra álainn air agus osclóir miontail uathúil freisin. D'oirfeadh sé don iliomad cultacha agus ócáidí, agus tá slabhra fada air freisin.
Spreagann dearthóirí móra an domhain, amhail Marc Jacobs agus Chanel, chomh maith le laochra comhaimseartha an fhaisin amhail Paul's Boutique agus Juicy Couture, réimse málaí láimhe Beautycouture.ie, agus tá siad ar fad an-chic agus an-fhaiseanta ach níl praghas ard orthu. Idir €15 agus €35 a bhíonn na málaí, agus roghnaíonn saineolaithe iad chun bheith in oiriúint do do stíl agus do do riachtanais éagsúla, ón mála don oifig go dtí an mála bling don oíche. Is féidir an siopa a aimsiú ag www.beautycouture.ie/boutique


