Blag Scannán
Léirmheas ar an scannán ceoil Les Misérables
Les Misérables
Rátáil aoise: 12
Aisteoirí: Hugh Jackman, Anne Hathaway, Russell Crowe, Helena Bonham Carter, Sacha Baron Cohen, Colm Wilkinson agus neart eile
Cuireadh an scannán ceoil seo le chéile mar leagan eile den cheoldráma a cuireadh ar stáitse, a bhí bunaithe ar úrscéal cáiliúil Victor Hugo.
Tá sé suite sa Fhrainc sa 19ú haois agus insítear scéal Jean Valjean (Jackman) dúinn. Bíonn sé sa phríosún ach ligtear amach ar pharúl é. Ní chloíonn sé leis áfach agus éalaíonn sé ar fad. Caitheann sé blianta fada ina dhiaidh seo ar a theitheadh ó chigire na bpóilíní ansin, Javert (Crowe). Idir an dá linn, déanann
Tuilleadh...
Silver Linings Playbook ar fáil ar DVD anois
Silver Linings Playbook
Rátáil Aoise: 15A
Aisteoirí: Bradley Cooper, Jennifer Lawrence, Robert De Niro, Jacki Weaver, Chris Tucker agus eile.
Ní raibh mé róchinnte faoin scannán seo nuair a thosaigh mé ag féachaint air ar dtús. Bhí scéal an scannáin ar eolas agam mar gheall ar léirmheasanna a bhí leite agam faoi agus bhí imní orm go bhfaighinn an scéal féin saghas aisteach le leanúint.
Tar éis thart ar 15 nóiméad den scannán a bheith feicthe agam áfach, bhí barúil mhaith agam go dtaitneodh sé liom.
Is scannán drámatúil agus rómánsach é, ach tá beagán grinn An scannán deireanach sa tsraith Twilight ar fáil ar DVD
The Twilight Saga: Breaking Dawn Part 2
Rátáil aoise: 12A
Aisteoirí: Kristen Stewart, Robert Pattinson, Taylor Lautner, Mackenzie Foy, Maggie Grace, Dakota Fanning, Nikki Reed
Dáta eisithe: Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 16 Samhain ar aghaidh.
Is é seo an ceathrú scannán sa tsraith áirithe seo, a bhfuil an-cháil go deo uirthi – go háirithe i measc na ndaoine óga. Is é seo an ceann deireanach sa tsraith ach leis an bhfírinne a insint, ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá ndéanfaidís iarracht scannán nó dhó eile a chur Argo: Scéinséir den chéad scoth ar fáil ar DVD anois
Argo
Rátáil aoise: 15
Aisteoirí: Alan Arkin, Ben Affleck, John Goodman, Bryan Cranston, Michael Cassidy, Rory Cochrane, Titus Welliver, Victor Garber
Is scéinséir stairiúil polaitiúil é an scannán seo, atá bunaithe ar imeachtaí a tharla i ndáiríre sa bhliain 1979, nuair a bhí géarchéim san Iaráin maidir le gialla Meiriceánacha a bhí á gcoimeád ansin. Tá scéal an scannáin bunaithe ar na heachtraí a luaitear sa leabhar The Master of Disguise Tony Mendez, gníomhaire de chuid an CIA.
I 1979, rinne míleataigh ruathar ar an ambasáid Meiriceánach in Tehran agus tógadh 52 Meiriceánach ar fad Parker: Scannán nua aicsin le Jason Statham
Parker
Rátáil aoise: 16
Aisteoirí: Jason Statham, Jennifer Lopez, Michael Chiklis agus eile.
Dáta eisithe: Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 8 Márta ar aghaidh.
Is scannán aicsin é seo agus scéinséir, a bhfuil príomhpháirt ag an aisteoir clúiteach, Jason Statham ann. Bheadh aithne mhaith ar Statham ón tsraith Transporter agus ón tsraith, The Expendables, chomh maith le go leor scannáin eile.
Sa scannán seo, dírítear ar an gcarachtar Parker (Statham) – fear a mbíonn a shaol ar fad caite aige mar bhithiúnach. Bíonn cód morálta aige áfach, is é seo, gan dada a ghoid ó dhaoine atá bocht
Tuilleadh...
- «
- Tosaigh
- Roimhe Seo
- 1
- 2
- Ar aghaidh
- Deireadh
- »
Leathanach 1 as 2


Blag Scannán








