RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Blag Scannán Scannán eile Die Hard le Bruce Willis sna pictiúrlanna anois

Blag Scannán

Scannán eile Die Hard le Bruce Willis sna pictiúrlanna anois

ig_directors_board

A Good Day to Die Hard

Rátáil aoise: 15A

Aisteoirí: Bruce Willis, Jai Courtney, Sebastian Koch, Cole Hauser

Dáta eisithe: Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 15 Feabhra ar aghaidh.

mórán duine, is dóigh liom, nach bhfuil eolas éigin acu ar an sraith scannán, Die Hard, faoin am seo. Faoi mar a bhfuil na scannáin feicthe agat, is cinnte go bhfuil caint éigin cloiste agat orthu.

Ar fhaitíos na bhfaitíos, seo cur síos beag gonta. Is é seo an cúigiú scannán sa tsraith agus is scannáin aicsin iad ar féin leis an aisteoir clúiteach, Bruce Willis. Chonaic an chéad scannán sa tsraith amach sa bhliain 1988 agus tá siad ag dul ar aghaidh ó shin i leith. Bhí briseadh níos faide i bhfad idir an tríú agus an ceathrú ceann ach b’fhiú fanacht leis, dar liom.

Dírítear ar an gcarachtar, John McClane (Willis) i ngach aon scannán acu agus tá sé ar ais sa chéad is deireanaí seo freisin. Is bleachtaire é sna Stáit Aontaithe agus bíonn an-aicsin go deo ann. An babhta seo, bíonn ar dul chuig Moscó chun cuidiú lena mhac, Jack (Courtney). Ní bhíonn tuairim dá laghad aige áfach go n-oibríonn a mhac leis an CIA, go dtí go dtagann sé go Moscó agus is é seo an uair a thosaíonn an t-aicsin ar fad.

Bíonn orthu iarracht a dhéanamh stop a chur le dream a bhíonn ag iarraidh airm núicléacha a ghoid. Bhí an carachtar John McClane iontach sna scannáin eile ach tá súil agam anois go mbeidh an scannán seo dhá uair níos fearr mar gheall go mbeidh a mhac ann freisin.

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
08:57PM Nov 22