RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Blag Scannán Scannán nua Bond - Skyfall - ar fáil ar DVD anois

Blag Scannán

Scannán nua Bond - Skyfall - ar fáil ar DVD anois

Xtra-vision_none_copy

Skyfall

Rátáil aoise: 12A

Aisteoirí: Daniel Craig, Albert Finney, Javier Bardem, Judi Dench, Naomie Harris

Ní inniu ná inné a cuireadh tús leis an sraith scannán, Bond (007). Cuireadh roinnt mhaith de na scannáin sa tsraith amach sula raibh mise ar a saol ar chor ar bith fiú ach fós féin, is dóigh liom go bhfuil gach aon cheann acu feicthe agam ag uair éigin ó shin i leith.

Léiríonn sé seo go dtaitníonn na scannáin thar cionn liom agus is cinnte nach éisteacht é an scannán is deireanaí atá amuigh sa tsraith – Skyfall. Ar ndóigh, taitníonn cinn áirithe níos fearr ná chéile liom ach ceapaim gur scannáin iontacha iad ar fad.

Tá daoine go leor den tuairim gurb é Skyfall an ceann is fearr fós. Níl a fhios agam go ndearfainn gurb é an ceann is fearr riamh é ach is cinnte go bhfuil sé ar cheann de na cinn is fearr acu, gan dabht.

Tá an príomhaisteoir, Daniel Craig, thar cionn sa scannán seo agus is dóigh liom gurb í Judi Dench a sheasann amach an babhta seo. Tá an scannán difriúil ó na cinn eile sa tsraith, sa chaoi is go bhfeictear taobh níos goilliúnaí de Bond agus go ndírítear ar mhothúcháin níos mó ná riamh cheana.

Fuair mé aisteach é seo ar dtús mar nach bhfeictear an taobh seo de Bond go hiondúil ach fuair mé aisteach air agus ceapaim gur oibrigh sé go maith. Taitneoidh sé leis na mná níos mó ná riamh mar thoradh air sin ach taitneoidh sé leis na fir freisin mar tá an t-aicsin céanna le feiceáil ann freisin, le neart troda, pléascáin, gunnaí, carranna, srl.

Tá sé éagsúil ó na scannáin eile ach an-mhaith mar sin féin. Is fiú go mór féachaint air.

Tá sé seo ar fáil ar cíos ar DVD i siopaí Xtravision ar fud na tíre anois.

Tá liosta iomlán de na scannáin is deireanaí atá tagtha amach ar DVD agus Blu-ray le feiceáil ar shuíomh Xtravision ag http://www.xtravision.ie/Home

 

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
01:01AM Oct 26