Killing Them Softly
Rátáil aoise: 18
Aisteoirí: Ben Mendelsohn, Brad Pitt, James Gandolfini, Max Casella, Ray Liotta, Richard Jenkins, Sam Shepard, Scoot M.
Tá an t-aisteoir clúiteach ar ais arís agus ceann de na príomhpháirteanna aige sa scannán seo.
Is scéinséir é an scannán seo, a bhfuil greann dorcha leis. Tá sé bunaithe ar úrscéal faoi choiriúlacht leis an údar George V. Higgins, a cuireadh amach ar dtús sa bhliain 1974.
Díríonn an scéal ar bheirt fhear – juncaithe – a ghoideann airgead a bhíonn in úsáid do chluiche poker, a mbíonn baint le drong an Mafia leis. Ceapann an bheirt fhear go mbíonn acu mar go gcreidtear go leor gur fear eile a rinne é. Ní bhíonn sé i bhfad go bhfaigheann Jackie Cogan (Pitt) an fhírinne amach áfach.
Ní thaitníonn sé le lucht na droinge gur ghoid dream éigin uathu agus go ndearna siad iarracht dallamullóg a chur orthu freisin.
Fostaíonn siad Cogan chun an bheirt seo a aimsiú agus ansin duine éigin eile a fháil chun fáil réidh leo agus iad a mharú.
Caithfidh mé a rá nuair a thosaigh mé ag féachaint ar an scannán seo ar dtús, níor cheap mé go mbeadh maith ar bith leis. Bhí sé an-mhall ag tosú agus thóg sé tamall gur tharla dada fiúntach ann dar liom. Fuair sé i bhfad níos fearr ina dhiaidh seo áfach, nuair a taispeánadh an robáil agus ansin, nuair a taispeánadh carachtar Pitt den chéad uair.
Go pearsanta, ní scannán é seo a thaitníonn chomh mór sin liom ar chor ar bith. Chuir sé an scannán Burn After Reading i gcuimhne dom – scannán eile le Brad Pitt a cuireadh amach roinnt blianta ó shin. Creidim má thaitin an scannán seo leat, go dtaitneoidh Killing Them Softly leat. Is dóigh liom gurb é an cineál céanna grinn atá sa phéire – greann atá an-dorcha ar fad.
Tá roinnt foréigean ann, le radharc amháin go háirithe atá sách grafach ach thairis seo, níl sé ródhona.
Tá a lán aisteoirí eile iontacha sa scannán seo freisin, leithéidí Ray Liotta, James Gandolfini agus a lán eile.
Tá sé seo ar fáil ar cíos ar DVD i siopaí Xtravision ar fud na tíre anois.
Tá liosta iomlán de na scannáin is deireanaí atá tagtha amach ar DVD agus Blu-ray le feiceáil ar shuíomh Xtravision ag http://www.xtravision.ie/Home











