Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 24 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Éadaí Bláthacha don Samhradh

Éadaí Bláthacha don Samhradh

Ní dóigh liom go bhfuil mórán treochtaí eile ann atá chomh banúil is atá éadaí bláthacha. Chomh luath is a thagann lusanna an chromchinn amach san earrach d’fhéadfá a rá go dtugtar cead dúinn dathanna geala agus pátrúin bhláthacha a chaitheamh!

Go deimhin rinne mé plé ar an treocht seo an tráth seo anuraidh, ach tá na bláthanna fillte arís i mbliana ar bhealach mór. An t-earrach agus an samhradh seo caite bhí an-bhéim ar dhathanna éadroma pastail agus bhí a lán pátrúin bhláthacha bunaithe ar na dathanna sin. I mbliana áfach tá pléascadh mór feicthe againn ó thaobh dathanna láidre geala de agus cinnte tá na bláthanna geal chomh maith céanna.

Ar ndóigh tá roinnt bealaí difriúla leis an treocht seo a chaitheamh. Is féidir gach rud ó scaifeanna go brístí a fháil i bpátrún bláthach. Is féidir blas den treocht seo a chruthú agus a bheith níos caolchúisí leis trí, mar shampla, ghúna deas simplí a chaitheamh. Nó is féidir dul thar fóir leis agus spraoi a bheith agat leis. I mbliana tá béim mhór ar phátrúin láidre bhláthacha a mheascadh le chéile. Ní fhacamar an treocht seo go dtí seo agus cinnte tógann sé roinnt crógachta lena chaitheamh mar gan dabht is stíl éagsúil é seo. Oibríonn an meascán seo go pointe áirithe ach is gá a bheith cúramach leis ag an am céanna.

Sampla maith den mheascán seo ag obair go maith ná an bríste gearr agus an bharréide atá á gcaitheamh ag an mainicín ó Monsoon anseo. Ní smaoineofá riamh roimhe seo ar na pátrúin seo a mheascadh mar ní chreidfeá go n-oibreodh sé ach feiceann sibh anseo go n-oibríonn.

1 An fáth go n-oibríonn an chulaith seo ó Monsoon ná go bpiocann an bríste gearr an gorm atá sa bharréide freisin agus tógann sé sin ar fad le chéile é. Beidh an bríste gearr seo ag teacht amach an mhí seo chugainn ar €59 agus is féidir an bharréide a fháil faoi láthair ar €64.

2 Seo rogha eile ar an treocht chéanna ó Monsoon arís. Oibríonn an gúna seo de lá nó d’oíche. Tá an rogha seo beagáinín costasach ach is píosa álainn é ar €186.

3 Ag fanacht le Monsoon atá mé leis an gculaith léime bhláthach seo. Labhair mé libh mar gheall ar chultacha spraoi agus léime agus an tóir mhór atá orthu arís i mbliana. Is maith liom an rogha seo mar tá tú ag fáil dhá threocht ar phraghas cinn amháin leis an gculaith agus an pátrún. €161 atá air seo.

4 Tá éadaí áille in Dorothy Perkins an séasúr seo. Déanann siad oiriúintí iontacha chomh maith. Ceapaimse go bhfuil cuma an-chostasach ar an gcóta agus ar an ngúna bláthach seo uathu. Tá cóta bán go hálainn don séasúr seo, €95 atá air agus €59 atá ar an ngúna.

5 Is as New Look an rogha dheireanach an tseachtain seo. Tá stíl na seachtóidí, a bhfuil an-tóir air freisin an séasúr seo, ag teacht isteach leis an ngúna simplí seo. Is maith liom an bealach freisin ar bhain siad úsáid as an gcrios agus na bráisléid chun an chulaith a chur le chéile. €34.99 atá air.

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse San alt faisin faoi sheaicéid in Foinse na seachtaine seo, tá earraí againn ó @awearonline @Debenhams @MonsoonTweets @Mango
About 12 hours ago