Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 24 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Am le lása a chaitheamh

Am le lása a chaitheamh

Ní don óige, do lucht an rachmais, don dream spiagaí amháin an faisean. Scaoileann seachtain faisin agus bailiúcháin rúidbhealaigh rúin faoi na stíleanna atá ag teacht. Mura bhfuil d’fheisteas d’earrach agus do shamhradh 2011 curtha i gcrích go foirfe agat, tá réiteach na faidhbe againne duit — Tigh Standún sa Spidéal, ar chósta álainn Chonamara.
bailiúchán earraigh/samhraidh 2011 le fáil sna siopaí i láthair na huaire.

Níos tábhachtaí fós, bíonn daoine cáiliúla ag caitheamh na bpríomhthreochtaí agus stíleanna, agus sin an fáth ar cheart duit aird a thabhairt ar na pictiúir a fheictear díobh. Bhreathnaíomar ar sheó faisin tithe dearaidh, agus ar phictiúir de dhaoine cáiliúla, agus is léir go gcaithfimid aghaidh a thabhairt ar an lása an séasúr seo.

Beidh éagsúlacht ollmhór lása le feiceáil i ngach áit, agus is treocht é ar féidir le gach duine, beag beann ar chruth nó ar mhéid, a chaitheamh. Tá léinte teanna lása ann a léiríonn go bhfuil tú gnéasach agus léinte scaoilte lása ann a dhéanann gaisce as d’fhaisean. Ní raibh tóir ar mheaitseáil le tamall anuas, mar sin measc an lása le héadach agus le pátrúin dhifriúla. Is féidir le lása agus leathar a bheith an-spleodrach le chéile, agus ní sheachnóinn seo díreach mar gurb é an t-earrach é. Tá neart lása le fáil Tigh Standún a oirfidh do gach sparán.

Mar sin, a mhná, téigí go dtí Tigh Standún agus ceannaígí an lása. Seo cúpla sampla den treocht bhanúil, ghleoite agus shofaisticiúil atá á caitheamh ag daoine mar Olivia Palmero, ar chlé agus Blake Lively, ar dheis. Tigh Standún is féidir leat an treocht seo a phiocadh suas agus tá samplaí againn ar dheis agus thíos ar €65 an ceann. Gúna Adele Darling,  seaicéad Willa ó Darling agus mála Modal atá sna pictiúir. Tá léine bánbhuí Darling agus tá cairdeagan Darling le feiceáil freisin.

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse San alt faisin faoi sheaicéid in Foinse na seachtaine seo, tá earraí againn ó @awearonline @Debenhams @MonsoonTweets @Mango
About 11 hours ago