Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 24 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Caith do shúil air seo

Caith do shúil air seo

na malaí caola imithe agus ó Megan Fox go Natalie Portman, is léir gurb é treocht an lae inniu malaí níos tibhe a bhfuil cruth maith agus cuma bhreá nádúrtha orthu. Níl dabht ar bith faoi ach go gcuireann malaí maithe go mór le do chuma, is féidir leo d’aghaidh a athrú agus a fheabhsú. Mar sin, is fiú go mór an aire agus an aird cheart a thabhairt dóibh!

Is coincheap nua é HD Brows (High Definition Brows) a chabhraíonn leat an cruth malaí is fearr duit féin a bhaint amach. Tá an-éileamh ar an gcóireáil áilleachta seo sa Ríocht Aontaithe, go háirithe i measc daoine cáiliúla agus níl sé ar fáil ach i gcúpla sciamhlann in Éirinn.

Ba smaoineamh de chuid Nilam Patel, sciamheolaí aitheanta i Sasana, é HD Brows. Thug sí faoi deara go raibh an-éileamh ar an gcóireáil mala a chuir sí ar fáil agus chinn sí an comhlacht HD Brows a bhunú dá bharr le freastal ar an éileamh sin.

Is é seo an chóireáil mala a fuair an t-amhránaí Cher Lloyd nuair a bhí sí ag glacadh páirte san X Factor.  Thosaigh Cher sa chomórtas le malaí caola ach tháinig claochlú orthu roimh dheireadh na sraithe!

“Thugamar ár gcóireáil speisialta mala do Cher,” arsa Nilam. “De bharr chruth a malaí mar a bhí, bhí cuma fheargach agus i bhfad níos sine uirthi. Theastaigh uainn cuma níos boige a thabhairt do Cher agus fráma ceart a chur ar a haghaidh.”

Tá HD Brows triailte ag réaltaí ar nós an láithreora teilifíse agus an t-amhránaí Jenny Frost, an t-aisteoir Shobna Gulati, an mainicín Bianca Gascoigne agus an láithreoir teilifíse Konnie Huq. Tá ardmholadh tugtha acu go poiblí don chóireáil.
Tá HD Brows oiriúnach do dhaoine idir óg agus aosta, idir fhir agus mhná. Bhí Simon Webbe agus Duncan Stewart, iarbhaill den bhanna ceoil Blue, an-sásta le torthaí na cóireála!

Má tá tú ag cuardach an chrutha mala atá ceart duitse, tá HD Brows ar fáil anois in Éirinn in Chez Elaine, sciamhlann i gcathair na Gaillimhe.  Dar le Elaine Barrett, úinéir na sciamhlainne, ní gnáthchóireáil mala é seo.

“Is ealaín malaí é an teicníocht seo. Le HD Brows, cuirtear an bhéim ar dhearadh agus ar chruth na malaí,” a dúirt sí.  “Is féidir linn malaí a bhfuil i bhfad an iomarca gruaige bainte díobh a athrú go malaí a bhfuil cruth foirfe orthu.”

Tá dathú gruaige, agus baint gruaige le céir, trí shnáithiú agus le pionsúirín ar chuid de na seacht gcéim a bhaineann le cóireáil HD Brows.

Chun an cruth is fearr a bhaint amach, is gá cúpla cóireáil de chuid HD Brows a fháil. Bhí an méid seo le rá ag Jenny Frost, iarbhall den bhanna ceoil Atomic Kitten, faoi HD Brows: “Ba cheart do gach duine dul amach agus teicneoir HD Brows a aimsiú dóibh féin. Cuireann na malaí fráma ar d’aghaidh agus déanann sé an-difríocht cruth maith a bheith orthu.

“Nuair a bhreathnaím siar ar sheanphictiúir díomsa roimh HD brows a bheith agam, bíonn náire orm!”

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Deireadh á chur ag Hewlett Packard le 8% dá bpoist - http://t.co/TApd7Brl - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago
 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 13 hours ago