Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 23 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Brístí don Samhradh

Brístí don Samhradh

Gach séasúr bíonn píosa éadaigh faoi leith a sheasann amach. I gcónaí bíonn an-éileamh go deo ar na píosaí seo agus tarlaíonn sé ansin go n-éirímid bréan de bheith á bhfeiceáil ar gach dara duine! Ó thaobh bríste de an t-earrach agus an samhradh seo caite d’fhéadfá a rá gurb iad na brístí cargó ‘Houlihan’ de chuid J Brand a bhí ag teastáil agus á gcaitheamh ag gach duine.

Cinnte níor chaith gach duine thar €200 orthu, ach bhí na céadta cóip ar fáil i ngach áit. I mbliana is dóigh liom go mbeidh gach duine ag caitheamh bríste ildaite giortaithe. Tá réimse de cheithre dhath an-gheala curtha amach ag J Brand do jíons. Mar a fheiceann sibh anseo tá idir bhuí, ghorm, bhándearg agus dhearg ar fáil uathu. Tá siad go hálainn ar fad ach seans maith nach mbeidh mé ag caitheamh phraghsanna J Brand ar mo phéirese! Beidh tábhacht ag baint le fad na mbrístí seo agus beidh a lán brístí giortaithe an séasúr seo.

Stíl ‘Capri’ atá i gceist leo is dócha agus tá rian leithéidí Audrey Hepburn i gceist leis an treocht seo. Tá roinnt de na brístí giortaithe sa stíl háraim atá timpeall le fada anois freisin ach fan amach ón stíl seo má tá tú buartha faoi do chromáin nó faoi do thóin. Tá réimse dathanna áille le fáil iontu freisin. Beidh a lán brístí dearga agus bándearga mar ghuma bolgóideach á gcaitheamh ag daoine chomh maith le dathanna gorma cosúil le cóbalt agus gorm leictreach. Chuaigh mise amach chun roinnt roghanna a thaispeáint daoibh an tseachtain seo.


1 Is as Dorothy Perkins freisin an ceann oráiste seo. Tá blocáil dathanna i gceist go mór leis an gculaith seo leis an ngorm láidir agus an t-oráiste á meascadh le chéile. €45 atá air seo chomh maith.

2 Táim ag tosú le rogha dheas ghlas ó Dorothy Perkins. Tá cineál stíl háraim ag baint leis an mbríste seo agus is maith liom an tslí go gcasann sé suas ar na cosa. Is dath éagsúil glas é chomh maith, €45 atá air.

3 Rogha eile ó New Look. Mar a luaigh mé níos luaithe beidh bríste dearg an-mhór an séasúr seo ach cinnte ní gá do bholg a nochtadh mar seo! €32.99 atá ar na jíons seo.

4 Ar deireadh bíonn rogha ag Penneys i gcónaí agus cinnte ní bhfaighidh tú blas den treocht seo níos saoire ná an bríste bándearg seo ar €11!

5 Tagann an bríste giortaithe bándearg seo ó New Look, an uair seo tá barréide lása curtha acu leis agus tá rian den bhlocáil dathanna ann arís leis an gcrios beag oráiste. Beidh criosanna tanaí ildaite i ngach áit freisin an séasúr seo. €24.99 atá orthu.

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 4 hours ago
 
Foinse San alt faisin faoi sheaicéid in Foinse na seachtaine seo, tá earraí againn ó @awearonline @Debenhams @MonsoonTweets @Mango
About 4 hours ago