Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 24 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Éadaí Máithreachais

Éadaí Máithreachais

 

Deirtear go bhfuilimid i lár borradh i líon na mbreitheanna mar thoradh ar an gcúlú eacnamaíochta. Tá líon mór daoine cáiliúla ag súil faoi láthair. Bhí cúpla ag Mariah Carey (41) le déanaí. Tá Kate Hudson (32) ag súil. Ceann de na rudaí is deacra agus tú ag súil ná bheith faiseanta. Bhuel pé scéal é tá mé ag ceapadh go bhfuil sé thar am agam díriú ar éadaí máithreachais! Níor tharla sé go dtí le déanaí agus roinnt de mo chairde ag súil ach tá an t-uafás cainte cloiste agam faoi na fadhbanna a bhíonn ag mná le gléasadh agus iad ag iompar clainne. Is cinnte go bhfuil mná ag iarraidh a bheith galánta agus tarraingteach i gcónaí agus ní stopann an mhian sin mar gheall ar thoircheas.

Blianta ó shin d’fhéadfá a rá nach raibh fáil ar éadaí faiseanta máithreachais, bhí na gúnaí móra cosúil le pubaill gan chruth agus gan stíl. Is cuimhin liom pictiúir de mo mháthair féin a fheiceáil agus í ag iompar sna hochtóidí agus na gúnaí móra uirthi. Gan dabht tá feabhas iontach tagtha ar an rogha éadaí máithreachais atá amuigh ansin faoi láthair agus is minic a bhíonn roinn faoi leith i siopaí na mórshráide fiú.

Bíonn na héadaí seo compordach, saor go maith agus baineann a lán acu le mórthreochtaí an tséasúir féin. Agus mé ag déanamh mo chuid taighde ar na réimsí éadaí máithreachais atá ar fáil sa tír seo chuala mé trácht ar an siopa ‘Haute Mama’. Tá an siopa máithreachais seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach is féidir siopadóireacht a dhéanamh leo ar líne ag www.hautemama.ie.

Tá réimse álainn d’éadaí faiseanta acu do mhná atá ag súil chomh maith le táirgí do na leanaí iad féin. Freisin tá rogha maith in Next, New Look agus fiú amháin ag Asos.com. Ní gá cófra iomlán nua a cheannach duit féin agus tú ag iompar. An tseachtain seo tá roinnt píosaí bunúsacha roghnaithe agam daoibh chomh maith le cúpla gúna álainn a d’fhéadfaí a chaitheamh ar oíche shóisialta nó ar an ócáid speisialta sin. 

1 Tagann an chéad dá rogha gúnaí seo ó HAUTE MAMA óna mbailiúchán don earrach agus don samhradh seo. Is aoibhinn liom an muineál ard atá air, is féidir é a cheannach ar €149.

2 Mar a luaigh mé le déanaí libh tá bríste giortaithe go mór i bhfaisean i láthair na huaire agus tagann na cinn dheasa seo ó HAUTE MAMA freisin ar €39.36.

3 Bheadh an dara gúna dubh seo uathu go maith d’ócáid speisialta. Is maith liom na ruifilí deasa atá air mar shonra, €159 ó HAUTE MAMA.

4 Tá rogha iontach ar ASOS.COM d’éadaí máithreachais atá nua-aimseartha agus a leanann na treochtaí is déanaí. Ar dtús tá na luiteoga simplí dubha. €52.48 atá orthu.

5 Chomh maith le luiteoga dubha ba chóir péire jíons a cheannach freisin: ASOS.COM ar €32.80.

6 Ar deireadh roghnaigh mé an gúna deas rúitín seo uathu mar tá sé ag baint go díreach leis an treocht gúnaí rúitín agus dath álainn gorm air freisin. Is féidir é a ordú ar €45.92 ar ASOS.COM.

 

Borradh: Surge

Tarraingteach: Attractive

Toircheas: Pregnancy

Luiteoga: Leggings

Muineál: Neck

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse San alt faisin faoi sheaicéid in Foinse na seachtaine seo, tá earraí againn ó @awearonline @Debenhams @MonsoonTweets @Mango
About 12 hours ago