Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 24 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Seaicéid

Seaicéid

 

Na laethanta seo agus an aimsir ag dul i bhfeabhas bíonn deacrachtaí againn sa tír seo leis an tslí le gléasadh timpeall bunaithe ar chúrsaí aimsire. Bíonn an deacracht seo ann mar is féidir leis an aimsir athrú ag aon uair agus fiú má bhíonn an ghrian ag taitneamh d’fhéadfadh go mbeadh gaoth nó báisteach ann freisin.

Is minic a fheiceann tú daoine in éadaí samhraidh cosúil le brístí gearra agus t-léinte agus iad fliuch báite nó gorm leis an bhfuacht nuair a imíonn an ghrian gan rabhadh! Cinnte in Éirinn bíonn an tsraith bhreise sin ag teastáil uainn agus an tseachtain seo táim ag díriú isteach ar shraith úsáideach, is é sin an seaicéad.

An t-earrach agus an samhradh seo caite chónaigh mé i mo bhléasar, píosa a cheannaigh mé ó Zara i ndath neodrach liath. Bhí an t-éadach ann bog agus éasca le caitheamh, bhí sé éadrom ach trom go maith chun mé a choimeád te agus mé ag dul amach san oíche. Bhí cnaipe amháin air agus bhí gearradh deas snasta air. Culaith shimplí ach chic a bhí ann nuair a chaith mé péire jíons deasa, barréide shimplí bhán, péire pumpaí agus an bléasar.

An rud is fearr faoin stíl seo seaicéid nó bléasair ná go n-oibríonn sé duit de lá agus d’oíche agus bíonn siad go hálainn fiú nuair a chaitear iad os cionn gúna ag cruthú codarsnacht mhealltach. Cinnte is píosa a d’oibrigh go han-dian a bhí ann agus táim á chaitheamh arís i mbliana cheana féin. Tá neart rogha seaicéad le fáil faoi láthair.

Na stíleanna is mó go bhfeictear domsa ná an bléasar, an stíl ‘waterfall’ nó ‘easa’ nuair a thagann an t-éadach chun cinn síos níos faide ná cúl an tseaicéid, agus an seaicéad leathair ‘gluaisrothaí’. Tá sé cinn i stíleanna éagsúla roghnaithe agam daoibh ó shiopaí na mórshráide.

1 Tá stíl bhádóireachta i gceist leis an gcéad bhléasar anseo ó Penneys. Taitníonn na straidhpeanna go mór liom agus tá sé cosúil le ceann a tháinig amach ó DVF an séasúr seo. Níl air ach €19.

2€19 ar an rogha eile anseo ó Penneys chomh maith. Ní fíorleathar atá i gceist ach is dóigh liom go bhfuil cruth álainn air agus cinnte chaithfeá go minic é.

3 Tagann an ceann gorm seo ó Dorothy Perkins, is sonraí deasa iad na pócaí móra atá air, éadrom agus éasca le caitheamh ar €79.

4 Seo an dara rogha an tseachtain seo ó Dorothy Perkins, níl aon seaicéad níos clasaicí ná ceann dubh nó bán agus is maith liom an ceann bán seo uathu. Arís tá cruth álainn air agus is féidir é a fháil ar €70.

5 Is ó Next an ceann seo i ndath péitseoige, tugann bléasar mar seo cruth álainn duit mar gheall ar na guaillí agus ar an gcnaipe amháin singil atá air. €79 atá air.

6 Ar deireadh táim i ngrá leis an seaicéad seo, €49.95 ó Zara. Cloíonn sé le treocht mhór na ndathanna geala atá againn an séasúr seo agus arís tá gearradh álainn air.

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Deireadh á chur ag Hewlett Packard le 8% dá bpoist - http://t.co/TApd7Brl - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago
 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 13 hours ago