Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 23 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Éadaí Geala

Éadaí Geala

An séasúr seo d’fhéadfá a rá go bhfuil pléascadh mór dathanna geala feicthe againn in éadaí. De ghnáth san earrach agus sa samhradh tuigimid go mbíonn éadaí geala le fáil ach i mbliana tá níos mó fírinne leis seo ná riamh. Roinnt seachtainí ó shin dhírigh mé ar cheann de mhórthreochtaí an tséasúir seo, is é sin blocáil dathanna. Laistigh den treocht sin chonaiceamar go bhfuil an tsaoirse againn dathanna láidre geala a mheascadh le chéile chun éifeacht bhlocála a chruthú. An uair seo táim ag díriú ar an gcaoi le hiad a chaitheamh gan blocáil a dhéanamh leo. I measc na ndearthóirí móra a chuir na dathanna geala seo chun cinn an séasúr seo tá leithéidí Jill Sander, Gucci agus Prada.

Más cuimhin libh ag tús an tséasúir seo rinne mé plé ar straidhpeanna, ar phriontaí agus ar dhathanna geala na ndearthóirí seo agus bhí mé ag súil go mór lena mbeadh ar fáil ansin i siopaí na mórshráide a bheadh ag déanamh aithrise orthu. Is é an toradh go bhfuil na siopaí gnóthach agus geal agus lán de dhathanna mealltacha. Thug mé cuairt ar Zara le déanaí mar shampla agus bhí na dathanna a bhí le feiceáil ann dochreidte idir bhándearg agus ghorm leictreach, oráiste agus ghlas láidir.

Chomh maith leis sin bhí orm dul chuig cóisir na mbáb le déanaí agus iarradh orainn dubh a chaitheamh chuige mar théama, bhí sé an-deacair aon rud dubh a fháil mar nach raibh sna siopaí ach dathanna geala! Cinnte is rud álainn é a bheith ag caitheamh dathanna geala go háirithe agus an aimsir go deas. D’fhéadfá bríste geal a cheannach mar a luaigh mé roinnt seachtainí ó shin nó d’fhéadfá fiú culaith shimplí neodrach a chaitheamh ach crios beag tanaí geal a chaitheamh leis b’fhéidir.

1  Ar dtús chonaic mé an gúna álainn corcra seo ó Monsoon. Dá mbeadh an deis agat é a chaitheamh chuig ócáid speisialta bheadh an t-ádh leat. Infheistíocht ar €203.

2 Mar a dúirt mé mura bhfuil tú sásta léim isteach sa treocht seo ní gá ach crios simplí geal a chaitheamh cosúil leis an gceann oráiste seo ó Next ar €9.50.

3 Arís bealach eile chun blaiseadh den treocht seo a fháil ná trí oiriúintí cosúil leis an mála ‘clutch’ gorm seo ó Wallis ar €45.00.

4 Is aoibhinn liom an gúna bándearg seo atá ar an mainicín, tá sonraí áille ar na guaillí agus níl air ach €45.00 in Awear, margadh!

5 Tagann an bharréide chorcra seo ó Awear freisin, d’fhéadfá é a chur isteach faoi phéire brístí gearra nó é a chaitheamh le jíons ar €25.

6 Tá na bróga dingeacha seo roghnaithe agam ó Office, bíonn an stíl dhingeach níos compordaí agus is aoibhinn liom chomh geal is atá siad. €80 atá orthu.

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 4 hours ago
 
Foinse San alt faisin faoi sheaicéid in Foinse na seachtaine seo, tá earraí againn ó @awearonline @Debenhams @MonsoonTweets @Mango
About 4 hours ago