Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 24 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Brístí Gearra

Brístí Gearra

An bhfuil sibh réidh le bhur gcosa a nochtadh an samhradh seo? Is dócha go bhfuil na fógraí do Venus agus Veet feicthe agaibh faoin am seo agus sibh anois i mbun ullmhúcháin don dea-aimsir!


Bhfuel is gá a bheith réidh, mar tá brístí gearra fós i mbarr réime an séasúr seo. Is cosúil go mbeimid go léir á gcaitheamh.
Le blianta anois tá bristí gearra feicthe againn ar oícheanta sóisialta chomh minic is atá sciortaí feicthe againn. Sílimse gur stíl an-deas ar fad iad siúd é seo. Is minic freisin a chaitear brístí gearra ‘cathracha’, agus daoine ag obair in ionad sciortaí.


Is rogha comhroghnach an-sofaisticiúil é go deo nuair a oireann an aimsir dó. Cinnte caitear bristí gearra i rith an lae chomh maith go háirithe ar laethanta saoire. Is aoibhinn liomsa an ilúsáideacht seo atá i gceist leo. Mar thoradh ar an éileamh atá ar bhrístí gearra tá an iliomad stíleanna gearrtha, dathanna agus pátrún le fáil i mbrístí gearra faoi láthair.


Molaimse cúpla péire a cheannach an séasúr seo. Molaim daoibh péire deinime a fháil go háirithe. Tá siad neodrach, téann siad le gach cineál barréide agus má éiríonn leat an stíl a oireann duit a aimsiú tá siad an-mhealltach agus úsáideach mar phíosa.


Ba dheas an smaoineamh é freisin péire dubh a cheannach chomh maith, tá siad go hálainn ar oíche shóisialta agus tá siad chomh húsáideach céanna le bríste fada dubh. Mar is eol daoibh an séasúr seo, tá béim faoi leith ar dhathanna geala agus ar phátrúin agus ní haon eisceacht na brístí gearra ach oiread. Seo roinnt de na stíleanna atá feicthe agam le déanaí.

Mar a luaigh mé ní fhéadfá dul amú le péire deinime a cheannach duit féin, tá an-réimse ó thaobh stíleanna agus praghsanna le fáil, tagann na cinn seo mar shampla ó Next ar €26.

Bheadh na cinn seo ó Awear oiriúnach don obair fiú dá gcaithfeá iad le léine agus seaicéad deas, is maith liom an sonra ar an gcrios, praghasréasúnta ar €30.

Cinnte tá an-bhéim ar dhath agus ar phátrún an séasúr seo agus seo péire ildaite a bhfuil pátrún craiceáilte orthu ó Topshop; is gá a bheith i ndea-ghiúmar le hiad a chaitheamh is dócha, €68 atá orthu.

Tá pátrún láidir ar na cinn seo ó Next chomh maith ar €37, tá gearradh éagsúil orthu freisin le coim ard agus pócaí móra, go deas de lá nó d’oíche.

Tá na cinn seo ábhairín gearr ach taitníonn an pátrún seo go mór liom agus is dath an-saibhir é an gorm dorcha seo. Tagann an rogha seo ó Monsoon ar €119.

Tá réimse deas in Penneys faoi láthair agus d’fhéadfá aithris a dhéanamh ar Daisy Duke leis na cinn dhearga agus bhána seo ar €11.

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Deireadh á chur ag Hewlett Packard le 8% dá bpoist - http://t.co/TApd7Brl - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago
 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 13 hours ago