Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 24 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Brístí Palazzo

Brístí Palazzo

Le roinnt blianta anuas anois is é an stíl bhrístí is mó atá feicthe againn ná brístí tanaí. Idir jíons agus luiteoga, is minic a bhíonn ár gcóras fola srianta leo!
Nuair a tháinig siad amach ar dtús bhíomar ábhairín stadach fúthu mar ní raibh caite againn go dtí sin ach bríste spréite. D’fhéadfá a rá go rabhamar féin-chomhfhiosach agus muid á gcaitheamh fiú mar gheall ar chomh teann is atá siad. Rinne leithéidí Kate Moss an stíl seo cáiliúil agus mealltach agus níl stíl ar bith eile caite againn ó shin, bhuel go dtí anois!

Gan dabht tá neart stíleanna spréite timpeall i láthair na huaire mar gheall ar threocht mhór an tséasúir seo, is é sin stíl na seachtóidí. Tá coimeanna arda ar na jíons seo agus cosa breátha leathana orthu a oireann do gach duine. Ag cur leis an druidim seo ó na brístí tanaí tá stíl eile bríste nach bhfuil feicthe againn ó na hochtóidí, is ea, an séasúr seo táimid ag caitheamh brístí palazzo!

Is cuimhin liom brístí palazzo a chaitheamh nuair a bhí mé sa bhunscoil nuair nach ndéanfadh aon stíl eile an chúis dom, chaithfinn iad le bástcóta san éadach céanna, tá náire orm ag smaoineamh faoi na cultacha seo fiú. Ach i mbliana bhí D&G, Fendi agus Richard Nicoll sásta brístí palazzo a chur san áireamh ina gcuid bailiúchán. Bhí leagan bláthach ag D&G, chruthaigh Fendi éifeacht blocáil dathanna leo agus bhí pléataí le feiceáil ar leagan Richard Nicoll.

Ach an treocht é seo atá níos feiliúnaí don sclábhaí faisin nó an féidir linn ar fad iarracht a bhaint as? Is dóigh gur féidir ach cloí le roinnt rialacha leo. Ó thaobh bróg de, caithigí bróga tiubha cosúil le bróga dinge nó bróga a bhfuil sála arda tiubha orthu chun stíl na seachtóidí a chruthú. Le barréidí, cuir isteach faoi na brístí iad agus caith crios beag tanaí leo, tá sé tábhachtach do choim a thaispeáint mar gheall ar an méid atá ar bun. Oibríonn seaicéid éadroma in éadach cosúil le síoda leo agus is deas an rud é do mhuinchillí a chrapadh suas.

Tagann mo chéad rogha ó na siopaí an tseachtain seo ó Dorothy Perkins mar atá á chaitheamh ag an mainicín anseo. Is culaith léime é le bríste palazzo air, an-deas ar €55.00.

Is rogha an-éagsúil an dara péire seo uathu atá déanta as seacainí, cinnte ba chóir iad seo a choimeád mar phríomhghné na culaithe agus gach rud eile a choimeád an-bhunúsach leo. Is féidir iad a cheannach ar €151.00.

Is ó Dorothy Perkins na cinn dhonna seo le fad níos giorra orthu, is maith liom an crios mar shonra orthu, cosnaíonn na cinn seo €70.

Seo péire níos sofaisticiúla b’fhéidir ó Asos.com, gan dabht tá brístí bána go hálainn i rith an tsamhraidh agus tá an gearradh an-deas ar na cinn seo ar €39.36.

Píosa spraoi amach is amach na cinn bhláthacha seo ó Miss Selfridge ar €59.00, bheidís go deas le barréide dhubh nó bhán agus bróga fíorard.

Suirbhé

Ar cheart go mbeadh an uile Gharda in ann Gaeilge a labhairt dar leat?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Deireadh á chur ag Hewlett Packard le 8% dá bpoist - http://t.co/TApd7Brl - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago
 
Foinse Comhairle contae Chill Mhantáin á tabhairt chun trialach - http://t.co/GQSc7Riy - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 13 hours ago