RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Cultacha Snámha

Bean Feasa an Fhaisin

Cultacha Snámha

Gach samhradh má tá an t-ádh linn dul ar laethanta saoire nó fiú amháin dea-aimsir a fháil anseo sa bhaile tá an seans ann go mbraithimid buartha faoi muid féin a nochtadh cois trá inár gculaith snámha.
Níl mórán taithí againn mar Éireannaigh a bheith ag spaisteoireacht timpeall in aice na linne snámha agus cinnte mar sin ní thagann féinmhuinín chomh héasca sin chugainn.

Ní gá a bheith buartha an samhradh seo áfach. Deirtear i gcónaí gurb í an oiriúint nó an chulaith is fearr gur féidir a chaitheamh ná an mhuinín. Gan dabht tá gá le muinín chun culaith snámha a chaitheamh ach táim ag rá libh an tseachtain seo gur féidir le do rogha culaith snámha cabhrú leis an muinín a mhúscailt.

Tá stíleanna difriúla cultacha snámha do gach cineál cruth colainne ann:

  • Má tá cruth ‘buachalla’ ort gan mórán cuar, is féidir cuair a chruthú le ruifilí .
  • Má tá cruth an úill ort smaoineamh maith an tancaíní a chaitheamh. Freisin is féidir aonphíosa a thriail.
  • Má tá cruth an phiorra ort roghnaigh bun le dath amháin agus barr a bhfuil pátrún air 
  • Má tá níos mó agat ar bharr bí cinnte gan barr triantánach a chaitheamh. Bí ag faire amach do bharr le cupáin iontu cosúil le gnáth-chíochbheart.
  • Mura bhfuil mórán agat ar bharr tá barr le muineál irise go maith nó d’fhéadfá ceann a fháil le ruifilí a chuireann leat.
  • Má tá tú buartha faoi bharr do leise, ná caith bun atá teann agus gearrtha go híseal.
  • Má tá tú buartha faoi do chromáin is féidir bun a chaitheamh a bhfuil gearradh níos airde air.


stíl na gcaogaidí i gceist leis an gceann leis na straidhpeanna seo ó Dunnes. Tá neart tacaíochta i gceist leis. €8 atá ar an mbarr agus €5 atá ar an mbun.

Is maith liom an píosa aonarach dubh seo ó Dunnes freisin. Thabharfadh sé seo cruth álainn duit agus níl air ach €12.

Cuireann an rogha seo ildaite ó Dorothy Perkins pátrún de chuid Pucci i gcuimhne dom. €15 atá ar an mbarr agus €15 atá ar an mbun seo.

Tá cruth álainn ar an gceann seo ó Next mar gheall ar an muineál irise. €34 atá air.

Tá an-bhéim ar phátrúin an séasúr seo agus is rogha dheas an ceann seo ó Next arís, €18 atá ar an mbarr agus €18 atá ar an mbun freisin.

Le blianta anois tá réimse snámha deartha ag an aisteoir Kelly Brook do New Look. €21.99 atá ar an mbarr seo agus €11.99 atá ar an mbun.

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
08:25PM Oct 24