Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 16 Márta 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Seaicéid

Seaicéid

Bíonn píosaí áirithe in aon chófra a oibríonn níos crua duit ná aon phíosa eile. Bím de shíor ag rá libh gur fiú bailiúchán beag de na píosaí seo a thabhairt le chéile chun aon bhearnaí a bheidh agaibh ó thaobh éadaí de a líonadh ó lá go lá, i bhfocail eile go mbeidh na bunchéimeanna gléasta in ord. Tá páirt lárnach ag an seaicéad sa bhailiúchán seo agus is éard atá i gceist agam le seaicéad ná ceann i stíl an bhléasair.

Is píosa é an bléasar a oibríonn go crua do thromlach na bliana. Is é sin le rá gur féidir neart ócáidí a ainmniú a bheadh oiriúnach don phíosa seo. Is féidir iad a chaitheamh go dtí an obair, os cionn jíons ag siopadóireacht nó fiú amháin os cionn gúna mór galánta. Cé agaibh ab fhéidir dearmad a dhéanamh ar Kate Middleton agus í ar chuairt ar Mheiriceá le bléasar álainn dúghorm á chaitheamh aici le jíons gorm ó J Brand. Tá ar a laghad cúig cinn de na seaicéid bheaga seo agam féin agus ní fhéadfainn a bheith dá n-uireasa. An rud is fearr ná iad a cheannach i ndathanna neodracha mar bhunchlocha i gcomhair bhur gcultacha. Smaoineamh maith ná ceann dubh, liath, dúghorm nó uachtar a bheith agat, rachaidh siad seo le gach rud.

Caithfear a bheith cúramach faoin stíl nó an gearradh a bhíonn i gceist leo. Mura bhfuil tú ró-ard ná ceannaigh ceann atá rófhada mar shampla mar cuirfidh sé cuma níos lú ort. Is féidir le stíleanna áirithe cur le do chruth chomh maith, cuireann aon cheann le cnaipe amháin orthu coim álainn ar aon duine. An samhradh seo tá béim mhór ar sheaicéid dhaite, go háirithe cinn bhándearga agus ghorma. Is píosa spraíúil agus samhrata é seaicéad bándearg agus tá neart samplaí de na cinn atá ar fáil agam daoibh an tseachtain seo. Tá béim freisin faoi láthair ar cheann bán a bheith agat, níl aon rud níos neodraí ná an rogha seo a rachaidh le neart cultacha a bheidh á gcaitheamh agat don séasúr seo. Seo roinnt samplaí difriúla daoibh atá ar fáil anois.

 

  1. Tagann an rogha álainn bhán seo ó A|wear ar €60. An rud is deise faoin seaicéad seo ná an gearradh atá air, tá stíl an táilliúra i gceist leis.
  2. Is rogha thar a bheith clasaiceach é an rogha seo ón dearthóir Jonathan Saunders ag Debenhams. D’fhéadfá an ceann seo a chaitheamh díreach anois nó san fhómhar agus sa gheimhreadh chomh maith céanna. €109 atá air.
  3. Is dath deas úr é an bándearg atá ar an gceann seo ó Monsoon ar €99. Bheadh sé go hálainn le jíons agus barréide shimplí bhán, an-samhrata go deo.
  4. Seo doimhneacht bhándearg eile, ó A|wear an uair seo ar €40, tá gearradh níos foirmeálta ar an rogha seo ar bhealach leis an dá chnaipe.
  5. Ar deireadh is aoibhinn liom ar fad an ceann seo ó Mango ag Clerys. Sílim go bhfuil an dath thar a bheith saibhir agus is maith liom an gearradh atá air, cosnaíonn sé €89.99.

Suirbhé

An mbeidh tú ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge?



Torthaí

Twitter