Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 16 Márta 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Spéaclaí Gréine

Spéaclaí Gréine

I gcúrsaí faisin tá rudaí a bhíonn uainn nach mbíonn ag teastáil uainn ar chor ar bith cosúil deich bpéire jíons, nó caoga péire bróg ach tá rudaí eile ann, áfach, a bhfuil gá leo cinnte. Ceann de na rudaí tábhachtacha seo d’aon duine is ea spéaclaí gréine.  Cosúil le fón póca, bíonn péire ag nach mór gach duine! Le glúinte anuas anois is rudaí thar a bheith praiticiúla agus cosantacha iad ach dá gcuirfeá an cheist ar aon bhean déarfadh siad leat go bhfuil siad thar a bheith stíleach agus mealltach chomh maith céanna.

Sea go deimhin, tá spéaclaí gréine iontach tarraingteach. Cuireann siad cuma níos sofaisticiúla ar gach duine láithreach. An é an mistéir atá i gceist leo agus súile an duine clúdaithe nó an é go bhfuil spéaclaí gréine chomh gaolmhar sin le daoine áille móra le rá? Cibé rud atá i gceist leo bíonn péire de dhíth orainn go léir, fiú amháin in Éirinn. Bíonn daoine ann a bhíonn cúramach agus a thugann aire do phéire speisialta amháin a bhíonn acu le blianta fada. Ar an lámh eile, is minic a bhíonn bailiúchán mór ag daoine áirithe, péire a rachaidh le gach culaith sa chófra. Má tá stíl nua á chuardach agat nó má tá sé tábhachtach duit a bheith suas chun dáta leis na stíleanna difriúla ó shéasúr go séasúr tá roinnt eolais agam daoibh an tseachtain seo.

De ghnáth, fanann treochtaí timpeall le roinnt blianta ó thaobh spéaclaí gréine de, mar sin tá a lán de na treochtaí a chonaiceamar anuraidh ar ais arís i mbliana. I mbliana tá béim mhór, áfach, ar stíl na gcat, is é sin spéaclaí i gcruth súile cait. Tá meon thar a bheith retro i gceist leis an stíl seo a bhí le feiceáil ag Stella McCartney agus an siopa Whistles an séasúr seo, mar shampla. Mar is gnách, tá stíl na spéaclaí móra istigh arís, stíl atá bainteach le haeistéiteach Tom Ford ach go háirithe. Sheas dearaí Prada amach dom chomh maith i mbliana le spéaclaí le feiceáil ag dul siar chuig stíl na gcaogaidí, gaol díreach idir iad agus a mbailiúchán éadaí don séasúr seo. Tá neart spéaclaí le fáil i ndathanna sorbet agus pastail gan dabht, arís mar scáthán ar a bhfuil ag tarlú i gcúrsaí éadaigh de. Tá cinn ildaite le feiceáil freisin le héifeacht bogha báistí á chruthú. Cibé stíl a oireann duit, tá neart rogha ann arís i mbliana, seo roinnt atá feicthe agam atá le fáil ar bhuiséad srianta!

  1. Tagann an péire seo ó Next, bheadh siad go hálainn i gcomhair laethanta saoire mar chlúdódh siad na súile go hiomlán, €14 atá orthu.
  2. blaosc toirtíse i gceist leis an bpéire seo freisin ó Penney’s ar €3, cuireann an stíl mhór atá i gceist leo dearaí Tom Ford i gcuimhne dom.
  3. Ag fanacht le Penney’s, tá an stíl súile cait i gceist leis an bpéire bándearg seo ar €3.
  4. Seo leagan difriúil ar na cinn bhándearga i bpátrún ainmhí arís ar €3.
  5. Ar deireadh tá stíl retro na gcaogaidí i gceist leis an bpéire seo ó Accessorize ar €23.50.

 

Suirbhé

An mbeidh tú ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge?



Torthaí

Twitter