Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 16 Márta 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Gúnaí Samhraidh

Gúnaí Samhraidh

Gach samhradh in Éirinn bímid lán de dhóchas faoin aimsir ach bliain i ndiaidh bliana bímid díomách i gcónaí. Leis an Meitheamh is fliche le blianta feicthe againn i mbliana táimid ag súil go fóill go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí agus go mbeidh neart laethanta grianmhara amach romhainn an mhí seo agus an mhí seo chugainn go háirithe. Bealach deas chun an dóchas seo a thaispeáint ná trí ghúna álainn samhraidh a cheannach! Tá neart ama fágtha againn an séasúr seo le gúna den chineál seo a roghnú agus a chaitheamh. An tseachtain seo tá roinnt gúnaí roghnaithe agam daoibh le go bhfeicfidh sibh gur fiú a bheith dóchasach go fóill ar aon nós.

 

De ghnáth i rith an tsamhraidh bíonn go leor ócáidí difriúla a oireann do ghúnaí. Idir bainiseacha, na rásaí, oícheanta sóisialta, beárbaiciúnna agus cóisirí cinnte beidh deis agat gúna deas a chaitheamh. Mar is gnáth is féidir rogha a dhéanamh as na treochtaí go léir atá ar fáil an séasúr seo agus tú ag siopadóireacht. Cinnte is féidir gúna a cheannach ón rogha álainn dathanna pastail atá le fáil faoi láthair. D’fhéadfá léim isteach sa stíl bhláthach atá i ngach áit agus gúna-tae deas banúil a roghnú. Is féidir a bheith níos edgy trí ghúna ar a bhfuil pátrún digiteach a cheannach cosúil leis na cinn a ndearna mé plé orthu le déanaí ó Mary Katrantzou mar shampla. Tá an treocht scúba le feiceáil go mór freisin agus béim faoi leith ar dhathanna neoin. Ag an tráth seo bliana freisin is minic a fheicimid an stíl loingseoireachta le straidhpeanna deasa bána, dearga agus dúghorma. Agus ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar an bpeipleam atá greamaithe de neart gúnaí an samhradh seo.

 

Chomh maith le treochtaí difriúla le pátrún agus cineálacha éadaigh tá go leor rogha ar fáil ó thaobh dearaidh agus crutha de chomh maith. Ná roghnaigh gúna riamh mar gheall go bhfuil sé faiseanta. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí gúna a roghnú a oireann do do chruth féin. Má fhaigheann tú an gúna seo cloí leis agus is féidir éagsúlacht a thabhairt isteach ansin le do rogha pátrún agus éadaigh mar shampla. An tseachtain seo táim ag díriú isteach ar ghúnaí atá beagáinín níos neamhfhoirmiúla seachas gúnaí d’ócáidí móra cosúil le bainis nó na rásaí, beidh mé ag díriú isteach ar na hócáidí seo sna seachtainí atá romhainn.

 

  1. Is aoibhinn liom ar fad an gúna seo atá ar mhainicín A|wear. Níl air ach €60 ach oibreoidh sé do neart ócáidí duit. Tá dearadh álainn air freisin a thabharfaidh cruth iontach duit.
  2. Seo rogha dheas eile ó A|wear arís, is maith liom an dath geal bándearg atá air agus is deas an peipleam atá air freisin, €40 a chosnaíonn sé.
  3. Tá dhá threocht i gceist leis an ngúna seo ó Penneys, an stíl scúba agus an stíl neoin. Is aoibhinn liom an sonra atá ar an muineál, €19 atá ar an rogha seo.
  4. cuma níos costasaí ar an ngúna seo ó Penneys ar €21. Tá an pátrún digiteach seo an-éagsúil ar fad.
  5. Tá stíl na gcaogaidí i gceist go mór leis an ngúna seo ó Geri ag Next, bheadh sé an-chompordach le caitheamh chomh maith. €51 atá air.

Suirbhé

An mbeidh tú ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge?



Torthaí

Twitter