Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 16 Márta 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Faisean Scaifeanna

Scaifeanna

Má tá sibhse cosúil liomsa tá níos mó oiriúintí sa chófra ná rud ar bith eile. Is dóigh liom go bhfuil an fhadhb chéanna againn go léir maidir leis na hoiriúintí, ní féidir linn ‘ní bheidh go raibh maith agat’ a rá. Is féidir linn smacht a chur orainn féin i gcás chuig ceannach éadaí mar go minic ní bhíonn an t-airgead againn chun píosa nua éadaigh a cheannach ach bímid fós ag iarraidh rud éigin deas a thabhairt abhaile linn ó na siopaí. Go minic is ar oiriúintí a dhéanaimid na ceannacháin bheaga seo mar is féidir iad a phiocadh suas go saor. Seans nach bhfuil tú in ann an cóta nua sin a cheannach ach cinnte tá tú in ann cúpla Euro a chaitheamh ar shlabhra nó ar fháinne nua agus is é sin mar a tharlaíonn dúinn go léir. An toradh a bhíonn air seo ná boscaí atá lán d’fháinní cluaise, bráisléid agus cufaí. Oiriúint eile a bhfuilimid ag druidim ina threo níos mó agus níos mó ná an scaif agus ní haon dochar é sin mar is féidir iad a phiocadh suas go saor in áiteanna.

 

Is breá liom féin an scaif, pé tráth bliana é is minic a bhíonn scaif á caitheamh agam. Is píosa draíochta í an scaif atá in ann culaith a athrú go hiomlán. Is féidir culaith a bhíonn á caitheamh agat go minic a dhéanamh cothrom le dáta le scaif nua. Is féidir dath a thabhairt isteach ar bhealach difriúil agus éagsúlacht a thabhairt isteach i do chófra. Chomh maith le bheith thar a bheith úsáideach is píosaí sofaisticiúla iad freisin. Cosúil le spéaclaí gréine bíonn sofaisticiúlacht faoi leith i gceist leo nuair a chaitear i gceart iad, go háirithe nuair a chaitear scaif samhraidh. Tá scaifeanna á gcaitheamh le glúine fada anois mar phíosaí faisin chomh maith lena gcaitheamh mar phíosaí praiticiúla.

 

Tá scaifeanna an-fhaiseanta le roinnt blianta anuas mar thoradh ar an mbéim atá curtha ag roinnt de na dearthóirí orthu. Smaoinigh ar an éifeacht a bhí ag dearadh Alexander McQueen agus na scaifeanna cáiliúla a chuir sé amach sula bhfuair sé bás leis na blaoscanna agus cnámha. Bhí agus tá na réaltaí móra fós ag caitheamh na scaifeanna seo i réimse mór dathanna. Bíonn scaifeanna áille ag DVF chomh maith agus tá siad so-aitheanta mar phíosaí móra faisin le pátrúin aoibhne agus láidre. Is breá liom freisin na scaifeanna a bhíonn ag Missoni a úsáideann dathanna agus pátrúin éagsúla atá cniotáilte. Tá roinnt roghanna scaifeanna samhraidh agam daoibh an tseachtain seo agus réimse maith praghsanna chomh maith daoibh.

 

  1. Más mian leat píosa fíorspeisialta a fháil céard faoin dearadh síoda seo ón dearthóir Susannagh Grogan ar €180. Tá sé ar fáil ó www.style-tonic.com.
  2. Bíonn rogha iontach i gcónaí in Accessorize agus is maith liom an ceann seo leis na spotaí ar €21.50.
  3. Tá an rogha síoda seo go haoibhinn freisin don tráth seo bliana. €34 atá uirthi ó Accessorize.
  4. Is píosa éagsúil an scaif seo atá ar an mainicín ó www.electronicsheep.com, €106 atá uirthi.
  5. Is aoibhinn liom na dathanna geala atá ar an rogha seo ó Evans ar €18.

Suirbhé

An mbeidh tú ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge?



Torthaí

Twitter