RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal

Na cinn scríbe is fearr

 

Déanaim iarracht i gcónaí féachaint chun tosaigh ar na háiteanna a mbeidh taistealaithe ag dul agus spléachadh a thabhairt ar leabhair na ngníomhairí taistil le féachaint céard iad na háiteanna is mó a bhfuil tóir orthu. Labhair mé le hoibreoir turais cianaistir Virgin Holidays agus chuir mé an cheist, cé na háiteanna a bhfuil tóir orthu agus cé na háiteanna nach bhfuil. Seo an liosta ó na saineolaithe.

Orlando
Ó mo thaithí féin, is é an t-aon fhadhb atá le laethanta saoire in Orlando ná dóthain ama bheith agat gach rud a fheiceáil. Is breá le galfairí dul chuig an réigiún agus tá ocht mórmheal siopadóireachta ann ina bhfuil gach rud ó shiopadóireacht dearthóra go bia blasta idirnáisiúnta le fáil. Ach mholfainn duit, má tá tú tar éis dul chomh fada sin, bualadh síos chuig Tampa agus cuairt a thabhairt ar Busch Gardens.

Seacht n-oíche in Orlando
Tosaíonn seacht n-oíche in Orlando le Virgin Holidays, lena n-áirítear eitiltí sceidealaithe le Virgin Atlantic ó London Gatwick nó Manchain díreach chuig Orlando, cóiríocht ag 4V + Loews Royal Pacific Resort Universal Orlando ar bhonn seomra amháin le haistrithe ag timpeall £1,175 nó an chóimhéid in Euro. Tá praghsanna bunaithe ar bheirt daoine fásta ag taisteal agus ag roinnt gnáthsheomra, áirítear sa phraghas gach cáin infheidhme agus formhuirir bhreosla atá faoi réir athraithe.

Barbadós
Is áit í seo a raibh mé ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi riamh, agus tá a fhios agam go bhfuil teach ag roinnt daoine cáiliúla ann. Mura bhfuil tú in acmhainn cónaí ann, b’fhéidir go ligfeá do Virgin deis a thabhairt duit triail a bhaint as sula gceannaíonn tú.
Tá Barbadós ar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan le do scíth a ligean agus beidh tú in ann roinnt ama a chaitheamh ag ‘wining’ (ní ag ól – damhsa dúchasach atá ann).
Tá síocháin agus suaimhneas le fáil ar an gcósta thiar do theaghlaigh.

Nua-Eabhrac
Is beag duine Éireannach nár chuala trácht ar an áit seo, is beagnach gur linn uile é. Tá Cathair Nua-Eabhrac lán le híomhánna íocónacha, comharsanachtaí eicléictiúla agus spiorad pobail.

Trí oíche i Nua-Eabhrac
Tosaíonn trí oíche i Nua-Eabhrac le Virgin Holidays, lena n-áirítear eitiltí sceidealaithe le Virgin Atlantic ó London Heathrow díreach chuig Nua-Eabhrac, cóiríocht ag an 4V W New York ar bhonn seomra amháin le haistrithe ag timpeall £979 nó an chóimhéid in Euro. Tá praghsanna bunaithe ar bheirt daoine fásta ag taisteal agus ag roinnt gnáthsheomra, áirítear sa phraghas gach cáin infheidhme agus formhuirir bhreosla atá faoi réir athraithe.
 
St. Lucia
Tá roinnt de na radhairc shléibhe is áille sa Charaib ar fáil ar oileán bolcánach St Lucia atá clúdaithe i bhfásra úr.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar óstán Sandals ar an gcósta thiarthuaidh, agus ba chóir duit roinnt turas a thógáil timpeall an oileáin chun sásamh a bhaint as a ilchineálacht.

Seacht n-oíche in St. Lucia
Tosaíonn seacht n-oíche in St. Lucia, lena n-áirítear eitiltí sceidealaithe le Virgin Atlantic ó London Gatwick díreach chuig St. Lucia, cóiríocht ag an 3V St. Lucian by Res Resorts ar bhonn seomra amháin le haistrithe ag timpeall £1,295 nó an chóimhéid in Euro.

Críochnaigh an tóraíocht, tá an lóistín foirfe i gCo. an Dúin

Mar scríbhneoir taistil, bímse i gcónaí ag iarraidh mo léitheoirí a chur ar an eolas faoi áiteanna speisialta le fanacht, faoi shuíomhanna nach ndéanfar dearmad go deo orthu, faoi óstáin áille agus faoi thithe lóistín iontacha. Mar sin tá saghas eagla orm agus mé ag scríobh faoin B&B dochreidte seo atá i gContae an Dúin.

Tá an B&B orgánach seo atá cláraithe leis an Soil Association tar éis go leor duaiseanna a bhuachan. An gcreidfeá nach raibh eolas ar bith acu faoi TripAdvisor go dtí go ndúirt cuairteoir amháin leo gur tháinig siad ann, mar gheall ar na léirmheasanna ar an suíomh.

Tháinig siad ó Stáit Aontaithe Mheiriceá! Agus ar ndóigh, tuigeann Anna agus Ken an luach a bhaineann leis an uirlis seo do thaistealaithe. Tá siad ar bís go bhfuair siad ráta 5/5 uaidh, ar onóir an-neamhghnách é d’aon saghas eagraíochta. Mhínigh Anna, "Níl a fhios againn cé a scríobh na léirmheasanna fúinn, ach tá sé go hálainn a chloisteáil go bhfuil na cuairteoirí chomh sásta sin linn gur ghlac siad am chun a léirmheasanna a uaslódáil.

"Táimid ar bís agus thar a bheith buíoch as a gcineáltas agus geallaimid go ndéanfaimid ár seacht míle dícheall dár gcuairteoirí ar fad, idir sheanchuairteoirí agus chuairteoirí nua." Leis an ngealltanas sin thug mé cuairt orthu an tseachtain seo caite, agus a leithéid d’áit ní fhaca mé riamh. Nuair a shroicheann tú an áit cheapfá gur ag dul go gnáth-theach feirme ó na 1950aidí atá tú, thart ar 15 mhíle ó Bhéal Feirste ar bhruach Loch Cuan.

Casann tú ar chlé tríd an doras tosaigh agus bíonn ceann de na fuinneoga lánléargais is deise dá bhfaca mé riamh i dteach romhat. Tarraingteach, dochreidte agus álainn — sin cuid de na focail a thagann chun cuimhne nuair a fhéachtar ar an léargas tírdhreacha atá cosúil le pictiúr as leabhar beagnach agus a bhainfidh an anáil díot ar fad.

Spuaic eaglaise, ag síneadh i dtreo na bhflaitheas ar nós an Túir Solais, droimníní ag filleadh isteach ar a chéile amhail go ndearnadh as uachtar téachta iad, caoirigh ar fud na bpáirceanna agus a scáil i loch beag álainn Tullynagee. Anois agus tú in ann an áit a shamhlú, is gá leanúint ort ag léamh anois le foghlaim faoin seomra agus faoin mbeatha den scoth.

Tá limistéar suite príobháideach ag gach seomra leapa thuas staighre, agus bhí mo sheomra maisithe go hálainn. Bhí teilifíseán, áiseanna tae agus caife, agus seomra folctha gléghlan en suite sa seomra. Ba é an buaicphointe domsa na héadaí leapa de 100% línéadach Éireannach, só den scoth. Lánúin ghalánta iad Ken agus Anna, agus níl dada nach ndéanfaidís duit.

Nuair a d’fhan mé i mB&B cheana, mhothaigh mé beagáinín míchompordach, ar nós go raibh mé sa bhealach i mbaile duine eile, atá fíor is dócha. Ach ag Anna’s House, tá sé difriúil, tá sé ar nós dul abhaile. Anseo ní airíonn tú go bhfuil tú sa bhealach ná gur bearrán thú. Cuireann caithis Ken agus Anna ar do chompord láithreach thú, tusa a gcuairteoir don oíche agus tá siad sásta thú a bheith ann. Tá neart áiteanna áitiúla le hithe gar do Anna’s House, agus ba é TT Bistro (www.ttbistro.com) sa Chomar mo roghasa don dinnéar. Tháinig beatha bhlasta i ndiaidh seirbhís iontach ó Corey Davis.

Fear óg thar a bheith spleodrach é Corey, a bhaineann an-sult as freastal ar an gcustaiméir. Níl an iomarca trioblóide ag baint le haon cheo don díograiseoir seirbhíse seo. Bhí an dinnéar cócaráilte go maith agus bhí sé iontach blasta. Bhí mo surf and turf tearcbhruite agus foirfe, agus bhí doingean mara mo mhná céile foirfe freisin. Bheadh Naomh Peadar iontach sásta.

Glac uaimse é, ba cheart duit cuid den phióg cnó peacáin a bheith agat agus cuir ceist ar Corey caife Gaelach den scoth a dhéanamh duit — níl a shárú le fáil! I ndiaidh gloine nó dhó fíona fuaireamar tacsaí ar ais go Anna’s House chun críoch a chur lenár n-oíche. Bhí rang iontach fisice ag mo bhean agus agam féin ó Ken agus é ag roinnt beagán den saineolas atá aige. B'álainn a bheith inár suí leo ag labhairt leo faoina saol iontach le chéile, agus ag éisteacht le scéalta faoina gclann álainn.

Tá an oiread ar eolas ag na daoine seo agus an oiread déanta acu le linn a saoil go n-íocfainn airgead maith le héisteacht leo ag caint. Suíochán bog ag an bhfuinneog lánléargais chun féachaint ar an ngrian ag dul faoi thar an loch agus mé ag réiteach d’oíche iontach codlata. Dhúisigh mé an mhaidin dár gcionn athnuaite agus boladh d'arán úrbhácáilte, d'aibreoga agus de shinséar, agus de bhiabhóg úr a bhí ag fanacht liom don bhricfeasta agus den chaife úrdhéanta san aer.

Bhí an bricfeasta Gaelach seo chun a bheith iontach. Arán agus scónaí cruithneachta úrbhácáilte, subha den scoth, agus bricfeasta cócaráilte a shásódh Fionn mac Cumhaill féin, tá fios a gceirde acu ansin agus é ar fad orgánach freisin! Tríd is tríd, tá an fháilte thar cionn agus na bricfeastaí blasta orgánacha go hálainn. Ní haon ionadh é go molann go leor foilseachán, an Sunday Times, an Irish Times agus neart eile ina measc, Anna's House mar cheann de na háiteanna is fearr le fanacht sa Bhreatain agus in Éirinn agus d'fhéadfadh go bhfuil siad ceart.

Tá seomraí folctha en suite, braillíní línéadaigh Éireannaigh den chéad scoth, agus idirlíon Wi-Fi saor in aisce sna seomraí ar fad. Tá muintir Johnson tiomanta do ghníomhaíocht dhearfach chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, agus úsáideann siad táirgí orgánacha.

Tá téamh gréine an uisce acu, chomh maith le téamh geoiteirmeach agus mar bharr maitheasa Toyota Prius. Má theastaíonn uait fanacht i mB&B glas glan agus orgánach nach mbíonn mórán tionchair aige ar an gcomhshaol, caithfidh tú fanacht in Anna’s House. Feic www.annashouse.com.

Fad atá tú ag spaisteoireacht sa cheantar máguaird, caithfidh tú dul chuig na gairdíní iontacha atá cúpla míle ó Anna's House ag Moin Stíobhaird. Tá Moin Stíobhaird ar cheann de na gairdíní is inspreagtha agus is neamhghnáiche faoi úinéireacht National Trust na Breataine. Léiríonn na gairdíní saibhreas deartha agus ealaín phlandaithe, sainchomhartha Edith, Lady Londonderry.

Mar gheall ar mhiocraeráid chineálta Loch Cuan, is ann do phlandáil thurgnamhach dhochreidte, lena n-áirítear an planda cíobhaíonna agus tá cuma láidir na Meánmhara ar na limistéir fhoirmiúla a bhreathnaíonn cosúil le tírdhreach villa Iodálach. Tá réimse leathan plandaí ó gach cearn den domhan sna coillearnacha ollmhóra, a chinntíonn go bhfuil rud éigin iontach le feiceáil gach uair a théann tú ann.

http://beta.nationaltrust.org.uk/mount-stewart/

Teach taibhseach ar oileán te – agus eitiltí saora

Fiú agus pócaí gach duine níos foilmhe agus an Rialtas ag rá linn go bhfuil tuilleadh ainnise airgeadais os ár gcomhair, nílimid sásta an tsaoire a dhiúltú dúinn féin fós. Tá a fhios agam go mb’fhearr linn an líon beatha a ithimid a laghdú le go bhféadfaimid an dá sheachtain thábhachtacha sin a bheith againn. Chuaigh mé ag cuardach ar an idirlíon go bhfeicfinn an bhféadfainn grian chinnte, lóistín den scoth agus praghas iontach a fháil. Anois is deacair an rud é sin, agus rinne mé dearmad ar rud amháin. Nílim sásta níos mó ná €250 a chaitheamh, do sheachtain i villa príobháideach álainn.

Cén chaoi a ndearna mé é? Tá a fhios againn ar fad go bhfuil margadh tithíochta na hEorpa thíos go mór, agus tá daoine a bhfuil réadmhaoin cíosa acu ag súil le hairgead a shaothrú agus tá tairiscintí den scoth ar fáil do chíos saoire. Mar go n-úsáidim an t-idirlíon go mion minic, d’éirigh liom eitiltí a bhí an-saor go deo a fháil, agus tháinig mé ar thairiscint iontach go dtí an Chipir le Olympic Holidays (www.olympicholidays.com) ó aerfort Bhéal Feirste go haerfort Paphos. Fágann an eitilt Béal Feirste ag 1.35pm agus Paphos ag 9.10am, amanna iontacha d’eitilt ar bith. Agus seo an chuid iontach — níl ach £129 (€155) ar thicéad fillte, gach cáin agus táille san áireamh leis sin. Sin praghas dochreidte d’eitilt cúig uair an chloig.

Anois, maidir leis an lóistín, cuireann go leor suíomhanna corparáideacha áiteanna ar cíos ar fáil ar fud na cruinne, ach beidh ar úinéirí an villa céatadán den chíos a íoc leis an suíomh sin agus dá bharr, b’fhearr go minic labhairt leis na húinéirí tú féin agus iarracht a dhéanamh laghdú a fháil ar an bpraghas. Bhí na heitiltí faighte agam, ní raibh ag teastáil ach teach iontach. Bhreathnaigh mé ar shuíomhanna éagsúla agus bhí a fhios agam saghas cár theastaigh uaim dul — ceantar an Ghleanna Rúnda in aice le Paphos. Tá neart áiteanna le fáil ar cíos sa Ghleann Rúnda i gcónaí. Roghnaigh mé Erin Villa (rentmycyprusvilla.com). Villa álainn é Erin Villa, a bhfuil trí sheomra leapa agus dhá sheomra folctha ann. Úinéirí príobháideacha atá aige, agus troscán agus trealamh d’ardchaighdeán ar fad atá ann. Tá linn snámha phríobháideach atá 8m x 5m ann, gairdíní tírdhreachaithe, aerchóiriú agus córas teasa. Is féidir le naonúr fanacht ann agus tá seomra amháin dúbailte agus dhá sheomra dhá leaba thuas staighre agus thíos staighre, leaba chompordach (dhúbailte) toilg a thógann beirt.

Ba é an chéad rud a cheap mé agus mé ag sroicheadh na háite ‘wow’. Ní gnáth-theach saoire beag é seo, ach villa maorga 2000 méadar cearnach, agus gach rud a theastaíonn do shaoire chiúin. Tá príomhsheomra folctha sa villa agus seomra amháin en suite, chomh maith le seomra leithris thíos staighre. Is féidir le hochtar suí sa seomra bia go compordach.Tá sorn, oigheann, oigheann micreathonnach, cuisneoir, reoiteoir, miasniteoir agus inneall níocháin sa chistin. Tá seomra mór acraí ann freisin ina bhfuil iarann agus bord iarainn. Teastaíonn ó gach duine a fhaigheann áit ar cíos do na laethanta saoire é a fheiceáil ar dtús, agus ba é an ‘tsiúlóid’ ar fhíseán ar an suíomh idirlín a mheall mé chuig an áit seo. Tá a fhios agam gur féidir grianghraif a athrú ar ríomhaire anois, ach is beag seans go n-athrófaí físeán. Agus bhí mé an-sásta nuair a shiúil mé isteach in Erin Villa. Bhí ciseán fáilteach romham, agus na hearraí a theastaíonn ó gach duine ann — bainne, im, cáis, liamhás, arán, tae agus caife agus buidéal fuar Cava fiú. Ba mhór an fháilte é!

Bhí an Villa féin gan locht, le leapacha glana a réitíodh dúinn, teilifís satailíte le 24 cainéal, aerchóiriú i ngach seomra, dallóga gréine agus troscán paitió d’ardchaighdeán. Ní cathaoireacha saora plaisteacha a bhí anseo deirim leat! Bhí na húinéirí tar éis cuimhneamh ar gach rud, fiú marcóirí doimhneachta ar thaobh na linne, rialacha linne agus crios sábhála do chásanna éigeandála. Airím féin go léiríonn an bhileog eolais chomh maith agus atá an t-óstach, mar gur féidir leis an mbileog saoire den scoth a chruthú — nó a mhalairt. Agus ní raibh aon díomá orm leis seo ach an oiread; bhí gach rud a theastaigh uaim i mbileog eolais Erin Villa agus níos mó arís. Bhí scéim lascaine 10 faoin gcéad sa bhileog freisin do bhialanna áitiúla. An-smaoineamh!

Mar atá a fhios ag gach duine, tá stair 5,000 bliain ag an gCipir. Tá neart suíomhanna iontacha seandálaíochta ann, agus trí amfaitéatar ar a laghad ina mbíonn ceolchoirmeacha agus drámaí ar siúl le linn an tsamhraidh. Tá an-bhaint ag baile Paphos le miotaseolaíocht agus stair na Gréige. Ba é Paphos príomhchathair na Cipire le linn réimeas Tholamaes, comharbaí Alastair Mhóir, agus ba chuan mór tábhachtach é freisin. Ba é chéad chathair na Cipire é ar feadh breis agus 700 bliain faoi réim na Róimhe. Deirtear gur éirigh Afraidíte, bandia grá agus áilleachta na Gréige, ó na tonnta agus gur thit sí ar an gcladach anseo. Agus níl amhras ar bith ann go dtaitneoidh a áilleacht starrach go mór leat.

Más saoire trá atá uait, caithfidh tú cuairt a thabhairt ar chuan Coral mar go bhfuil cáil air de bharr go bhfuil ceann de na tránna gainmheacha is áille ar an oileán ann, agus lena uisce glan glinniúil, is cinnte go bhfuil snámh sábháilte ar fáil ann. Tá Petra tou Romiou (Carraig Afraidíte) ar chósta deisceartach an oileáin ar thrá álainn eile. Is anseo a deirtear go dtáinig Afraidíte amach ón bhfarraige. Tógadh caisleán Paphos mar dhuan Biosántach ar dtús chun an cuan cáiliúil pictiúrtha a chosaint. D’atóg muintir Lusignan é sa 13ú haois agus bhain na Veinéisigh as a chéile é i 1570 mar nach raibh siad in ann é a chosaint. D’athchóirigh agus neartaigh na hOtamánaigh é i ndiaidh dóibh smacht a fháil ar an oileán agus séadchomhartha ársa é go dtí an lá atá inniu ann.

Is féidir le naonúr fanacht in Erin Villa go compordach, agus ó £650 (€790) in aghaidh na seachtaine a chosnaíonn sé. Má théann naonúr, níl ach £72 (€88) in aghaidh na seachtaine air — cuir eitilt shaor leis sin agus tá neart sábháilte agat! Anois ná déan dearmad air. www.rentmycyprusvilla.com

Picnic dheas á lorg agat?

Idir ghairdíní maorga caisleán, lochanna áille, shléibhte starracha agus ionaid dúlra tá réimse mór láithreacha foirfe picnice ar fáil ar fud fad na hÉireann a oirfidh do gach rud ó laethanta teaghlaigh go himeachtaí rómánsacha! Tá neart smaointe iontacha ar www.discoverireland.ie agus is féidir cuid díobh a fheiceáil anseo...

Bíodh picnic ard agat ar Aillte Shliabh Liag, Co. Dhún na nGall

Bíodh lón agat ar cheann de na hailte farraige is airde agus is áille san Eoraip ar Shliabh Liag atá ar chósta thiar Dhún na nGall. Réitigh don fhéasta trí do charr a fhágáil agus an 2-3km chuig na haillte a shiúl agus bain sult as na radhairc áille ar an bhfarraige, ar fhothracha séipéil, ar shléibhte Shligigh, ar Bhá Dhún na nGall agus ar fhothracha túr faire Cheann an Charraigín.

Goile mór i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, Co. Chiarraí

Láthair fhoirfe é Teach Solais Cheann Léime, ar bharr cuain a bhfuil cruth crú capaill air, chun taitneamh a bhaint as an gcósta drámata le haille agus le pluaiseanna – agus áit iontach chun deilfeanna, míolta móra agus faoileáin a fheiceáil.Taitneoidh picnic i bPáirc Náisiúnta Chill Airne i gCo. Chiarraí leo siúd a bhíonn gníomhach mar gheall ar na raonta faoi dhromchla i Macros, i gCnoc Rírá agus in Oileán an Rois sa pháirc. Is féidir calraí an lóin a dhó ar Bhearna an Choimín atá 12km ar fad, le turas bád ar lochanna, siúlóid, rothaíocht agus turas ar chairrín capaillín!

Gairdíní foirfe picnice i gCam an Doire, Co. Chill Mhantáin

Is é Cill Mhantáin Contae Gairdíní na hÉireann. Ní haon ionadh é mar sin nach féidir ceapaire a chaitheamh san aer gan láthair picnice den scoth a bhualadh sa cheantar. Ó bhéile BBQ i dTeach Avondale go clocha cora thar Abhainn Áth na mBó i dTigh an Tearmainn, go carrchlós an Locha Uachtair in aice le Sliabh Cham an Doire a théann síos go Loch Ghleann Dá Locha — níl aon easpa roghanna anseo! Má bhaineann tú an-sult as rudaí nua a dhéanamh, bíodh picnic agat ag teach solais ar bharr aille as a bhfuil radhairc 300 céim ar an bhfarraige!

Picnic den scoth i gCarn Uí Néid, Co. Chorcaí

Tá Com Seangan ar cheann de na lochanna is áille in Éirinn. Siúlóid sách deacair é le dul chomh fada leis, ach nuair a fheictear an t-amfaitéatar oighreach seo, agus fánaí géara agus claiseanna thart air, tuigtear gur fiú go mór é. Má tá picnic den scoth uait, téigh go dtí an pointe is faide thiar ó dheas in Éirinn. Tá sruthán álainn in aice leis a bhfuil carraigeacha móra ann chun suí orthu agus i ndiaidh duit bolgam tae a ól, féadfaidh tú dul thar dhroichead Charn Uí Néid go Mizen Vision — ionad do chuairteoirí sa sean-Stáisiún Comharthaíochta — nó dul ar aghaidh go Bá na hEornan.

Picnic álainn i dTeach & Gairdíní Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo

Bíodh picnic agat ar láthair cheann de na séadchomharthaí náisiúnta is tábhachtaí in Éirinn – agus bíodh bia agat ar fhaiche chaisleán Ghráinne Mhaoil, Teach Chathair na Mart. Is féidir dul ag spaisteoireacht thart ar an Teach agus dul ar cuairt ar an bPáirc Eachtraíochta Foghlaithe Mara béal dorais.

Radharc iontach Chionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall

Láthair iontach do phicnic é Cionn Mhálanna, ceann tíre a bhfuil cáil mhór air. Agus toisc gurb é an pointe is tuaisceartaí in Éirinn é, is cinnte go mbeidh radhairc den scoth ann. Is féidir dul ar siúlóid ar Bhealach Chionn Mhálanna, an bealach is fearr leis an tírdhreach, an flóra agus an fána a fheiceáil. Sin ar lá maith, ar ndóigh. Más drochlá é, scuabfar do phluid phicnice amach go Meiriceá.

Lón maorga ag Caisleán Parke, Co. Shligigh

Ar bhruach Loch Gille atá Caisleán Parke, gar do bhóthar Shligigh/Dhroim Dhá Thiar. Caisleán ó na bplandálacha é, agus láthair mhaorga do phicnic. Féadfaidh tú dul ar thuras treoraithe ann, ach is áit iontach é le lá grianmhar a chaitheamh freisin, ag luí cois locha nó ar na faichí i ndiaidh duit picnic a ithe. Nuair atá an lá ciúin, bíonn uisce an locha cosúil le scáthán.

Picnic sléibhe i bPáirc Náisiúnta Chonamara, Co. na Gaillimhe

Bíodh picnic fholláin agat i gcroílár Pháirc Náisiúnta Chonamara sa Ghleann Mór, agus bain taitneamh as an tírdhreach álainn thart ort – sléibhte, portaigh, fraochmhánna, féarthailte, coillte agus Abhainn Polladirk. Téigh ag siúl sa ghleann agus sna sléibhte roimh do phicnic, nó téigh ar dhá lúb-bhealach Diamond Hill atá 7km ar fad.

Bíodh lá fiáin agat i gCill Mhuirbhigh, Inis Mór, Co. na Gaillimhe

Corrán mór i lár an oileáin is mó i nGaillimh é an trá i gCill Mhuirbhigh, Inis Mór a bhfuil brat ghorm aige. Ar lá maith, cheapfá gur i Muir Chairib atá tú. Beidh lá iontach agat i measc na bplandaí neamhchoitianta agus na n–éan giolcaireachta (agus na bpióg, na gceapairí agus na seaimpéine a thug tú leat ar an mbád).

Bain súp as atmaisféar Eas Ghleann an Chairthe, Co. Liatroma

Téigh ag snámh i Loch Ghleann an Chairthe, atá 10 míle lasmuigh de Chluainín. Tá an t-eas beag, ach bíonn an-chuma air i ndiaidh na báistí agus ní théann dóthain daoine go Liatroim ar chor ar bith. Tá boird phicnice sa charrchlós, agus níl an t-eas féin i bhfad ón gcarrchlós. Tá tuilleadh eolais faoi láithreacha iontacha picnice ar www.discoverireland.ie.

Na huiscebhealaí gleoite

Nuair atá an domhan gnóthach ag cur as duit, níl dada níos fearr d’ardú meanma ná saoire i gceantar suaimhneach locha agus uiscebhealaí intíre na hÉireann. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí anseo ó chúrsáil in aice le tírdhreach álainn go galf, slatiascaireacht agus seoltóireacht den scoth. Is féidir oidhreacht ann féin a fheiceáil, agus do scíth a ligean le bia áitiúil blasta i mbialanna agus i dtithe tábhairne séimhe cois uisce. Ó Bhéal Leice in iarthar Fhear Manach, go dtí an áit a gcasann an tSionainn leis an bhfarraige i gcathair mheánaoiseach Luimnigh, tá ceithre cheantar locha faoi leith ann. Ó fhairsinge Loch Éirne go Loch Aillionn, Loch Rí agus lár na Sionainne, agus Loch Deirgeirt aimseoidh tú cuid den tírdhreach is áille in Éirinn agus neart imeachtaí iontacha le sult a bhaint astu.

Cúrsáil leat go saol eile

Ní theastaíonn ceadúnas, aon taithí seoltóireachta ná eolas faoi na canálacha — ní fhéadfadh cúrsáil trí 800km na tuaithe a bheith níos éasca le heagrú. Is féidir báid a fháil ar cíos a bhfuil lóistín iontu d’idir beirt agus dháréag dhuine fásta go dtí mí Dheireadh Fómhair; is saoire fhoirfe é seo do lánúineacha, do theaghlaigh nó do chairde. Is féidir dul ag caismirneach nó turas a phleanáil a mhairfidh lá amháin nó pé tréimhse atá uait féin. D’fhéadfadh cúrsáil ceithre lá ar Loch Éirne agus ar a oileáin mhealltacha, mar shampla, tosú i sráidbhaile galánta Bhéal Leice, ina ndéantar Belleek Pottery a bhfuil cáil dhomhanda air. D’fhéadfá dul ar cuairt ansin ar Chaisleán Caldwell agus ar Chaisleán Archdale agus ar na páirceanna foraoise áille atá leo; stopadh ag ionad gailf den scoth; agus lá a chaitheamh in Inis Ceithleann agus ina caisleán agus ina hiarsmalann stairiúil (agus an oíche a chaitheamh ag seó iontach amharclainne fiú).

An saol spórtúil

Tá neart bealaí eile le súp a bhaint as na huiscebhealaí. Tá cáil ar an gceantar de bharr a shlatiascaireachta ina bhfuil líon mór róiste, cúramán, bran, bric dhonna fhiáine agus speicis eile ina locha agus ina aibhneacha. Nó má tá rud difriúil uait, d’fhéadfá bád innealta slatiascaireachta a fháil agus dul ag iascaireacht do liús mór i measc na n-oileán beag ar fad ar na lochanna. Is féidir gach saghas spórt uisce a dhéanamh ar fud an réigiúin. Eiseamláir de seo é Loch Rí, Meice dóibh siúd a bhfuil an-spéis acu sa tseoltóireacht, sa chanúáil agus sa chadhcáil, agus tá a scoil mótarbhádóireachta féin aige.

Tabhair cuairt ar na hardríthe

Agus tú ag taisteal trí chroí stairiúil na hÉireann, is féidir dul ar cuairt chuig cuid de na caisleáin is ársa agus chuig na tithe is maorga sa tír, mar atá Caisleán Rí Seon i Mainistir na Búile, Diméin Chaisleán Bhiorra (ina bhfuil an Teileascóp Mór cáiliúil) agus Teach Belvedere sa Mhuileann gCearr, teach Seoirseach a athchóiríodh go smior agus a bhfuil eastát galánta 160 acra thart air ar bhruacha Loch Ainninn, agus ina mbíonn gach saghas imeachta ó fhéilte ceoil go drámaíocht.

Turais draíochta

Is dócha gurb é an turas báid is uathúla an turas draíochtach faoi thalamh trí Uaimheanna na hÁirse Marmair, atá ar chuid de Gheopháirc Eorpach sa Chabhán/i bhFir Mhanach. Agus má theastaíonn uait na leanaí a shásamh tuilleadh, is cinnte go dtaitneoidh na gníomhaíochtaí iontacha faoin aer i bPáirc Foraoise Loch Cé in aice le Cora Droma Rúisc leo. Tá ceol agus damhsa traidisiúnta beo bríomhar ar fud fad na gceantar locha i seisiúin nó céilithe sna tithe tábhairne. Is féidir blas de chultúr traidisiúnta an réigiúin a fháil ag Ionad Oidhreachta Dhún na Sí sa Mhóta, a léiríonn scéal an ghinealais, an cheoil, na hamhránaíochta, an damhsa agus na scéalaíochta a bhaineann leis an gceantar áitiúil.

Féasta féilte

Déantar ceiliúradh ar shaol spleodrach éagsúil cultúrtha an cheantair le féilte ildaite ar fud na bliana, agus bíonn imeacht ar siúl i gcónaí pé áit a bhfuil tú. Féile cheoil agus ealaíon é an Electric Picnic (3-5 Meán Fómhair) ag a gcasann ceoltóirí d’ardchaighdeán i ngach réimse ceoil, agus ag a mbíonn amharclannaíocht, na healaíona, an sorcas agus neart eile. Agus i mBéal Átha na Sluaighe i nGaillimh, is extravaganza naoi lá é Féile agus Aonach Dheireadh Fómhair (2-10 Deireadh Fómhair). Tá neart bealaí le súp a bhaint as saoire uathúil i réigiún álainn locha na hÉireann. Tá sé breá éasca dul ann agus dul thart air — agus is féidir gach nóiméad den tsaoire a chaitheamh i mbun rud éigin. Tá tuilleadh eolais ar www.discoverireland.ie/lakelands.

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
06:25PM Oct 31