Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 04 Samhain 2011

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Teach taibhseach ar oileán te – agus eitiltí saora

Teach taibhseach ar oileán te – agus eitiltí saora

Ríomhphost Priontáil PDF

Fiú agus pócaí gach duine níos foilmhe agus an Rialtas ag rá linn go bhfuil tuilleadh ainnise airgeadais os ár gcomhair, nílimid sásta an tsaoire a dhiúltú dúinn féin fós. Tá a fhios agam go mb’fhearr linn an líon beatha a ithimid a laghdú le go bhféadfaimid an dá sheachtain thábhachtacha sin a bheith againn. Chuaigh mé ag cuardach ar an idirlíon go bhfeicfinn an bhféadfainn grian chinnte, lóistín den scoth agus praghas iontach a fháil. Anois is deacair an rud é sin, agus rinne mé dearmad ar rud amháin. Nílim sásta níos mó ná €250 a chaitheamh, do sheachtain i villa príobháideach álainn.

Cén chaoi a ndearna mé é? Tá a fhios againn ar fad go bhfuil margadh tithíochta na hEorpa thíos go mór, agus tá daoine a bhfuil réadmhaoin cíosa acu ag súil le hairgead a shaothrú agus tá tairiscintí den scoth ar fáil do chíos saoire. Mar go n-úsáidim an t-idirlíon go mion minic, d’éirigh liom eitiltí a bhí an-saor go deo a fháil, agus tháinig mé ar thairiscint iontach go dtí an Chipir le Olympic Holidays (www.olympicholidays.com) ó aerfort Bhéal Feirste go haerfort Paphos. Fágann an eitilt Béal Feirste ag 1.35pm agus Paphos ag 9.10am, amanna iontacha d’eitilt ar bith. Agus seo an chuid iontach — níl ach £129 (€155) ar thicéad fillte, gach cáin agus táille san áireamh leis sin. Sin praghas dochreidte d’eitilt cúig uair an chloig.

Anois, maidir leis an lóistín, cuireann go leor suíomhanna corparáideacha áiteanna ar cíos ar fáil ar fud na cruinne, ach beidh ar úinéirí an villa céatadán den chíos a íoc leis an suíomh sin agus dá bharr, b’fhearr go minic labhairt leis na húinéirí tú féin agus iarracht a dhéanamh laghdú a fháil ar an bpraghas. Bhí na heitiltí faighte agam, ní raibh ag teastáil ach teach iontach. Bhreathnaigh mé ar shuíomhanna éagsúla agus bhí a fhios agam saghas cár theastaigh uaim dul — ceantar an Ghleanna Rúnda in aice le Paphos. Tá neart áiteanna le fáil ar cíos sa Ghleann Rúnda i gcónaí. Roghnaigh mé Erin Villa (rentmycyprusvilla.com). Villa álainn é Erin Villa, a bhfuil trí sheomra leapa agus dhá sheomra folctha ann. Úinéirí príobháideacha atá aige, agus troscán agus trealamh d’ardchaighdeán ar fad atá ann. Tá linn snámha phríobháideach atá 8m x 5m ann, gairdíní tírdhreachaithe, aerchóiriú agus córas teasa. Is féidir le naonúr fanacht ann agus tá seomra amháin dúbailte agus dhá sheomra dhá leaba thuas staighre agus thíos staighre, leaba chompordach (dhúbailte) toilg a thógann beirt.

Ba é an chéad rud a cheap mé agus mé ag sroicheadh na háite ‘wow’. Ní gnáth-theach saoire beag é seo, ach villa maorga 2000 méadar cearnach, agus gach rud a theastaíonn do shaoire chiúin. Tá príomhsheomra folctha sa villa agus seomra amháin en suite, chomh maith le seomra leithris thíos staighre. Is féidir le hochtar suí sa seomra bia go compordach.Tá sorn, oigheann, oigheann micreathonnach, cuisneoir, reoiteoir, miasniteoir agus inneall níocháin sa chistin. Tá seomra mór acraí ann freisin ina bhfuil iarann agus bord iarainn. Teastaíonn ó gach duine a fhaigheann áit ar cíos do na laethanta saoire é a fheiceáil ar dtús, agus ba é an ‘tsiúlóid’ ar fhíseán ar an suíomh idirlín a mheall mé chuig an áit seo. Tá a fhios agam gur féidir grianghraif a athrú ar ríomhaire anois, ach is beag seans go n-athrófaí físeán. Agus bhí mé an-sásta nuair a shiúil mé isteach in Erin Villa. Bhí ciseán fáilteach romham, agus na hearraí a theastaíonn ó gach duine ann — bainne, im, cáis, liamhás, arán, tae agus caife agus buidéal fuar Cava fiú. Ba mhór an fháilte é!

Bhí an Villa féin gan locht, le leapacha glana a réitíodh dúinn, teilifís satailíte le 24 cainéal, aerchóiriú i ngach seomra, dallóga gréine agus troscán paitió d’ardchaighdeán. Ní cathaoireacha saora plaisteacha a bhí anseo deirim leat! Bhí na húinéirí tar éis cuimhneamh ar gach rud, fiú marcóirí doimhneachta ar thaobh na linne, rialacha linne agus crios sábhála do chásanna éigeandála. Airím féin go léiríonn an bhileog eolais chomh maith agus atá an t-óstach, mar gur féidir leis an mbileog saoire den scoth a chruthú — nó a mhalairt. Agus ní raibh aon díomá orm leis seo ach an oiread; bhí gach rud a theastaigh uaim i mbileog eolais Erin Villa agus níos mó arís. Bhí scéim lascaine 10 faoin gcéad sa bhileog freisin do bhialanna áitiúla. An-smaoineamh!

Mar atá a fhios ag gach duine, tá stair 5,000 bliain ag an gCipir. Tá neart suíomhanna iontacha seandálaíochta ann, agus trí amfaitéatar ar a laghad ina mbíonn ceolchoirmeacha agus drámaí ar siúl le linn an tsamhraidh. Tá an-bhaint ag baile Paphos le miotaseolaíocht agus stair na Gréige. Ba é Paphos príomhchathair na Cipire le linn réimeas Tholamaes, comharbaí Alastair Mhóir, agus ba chuan mór tábhachtach é freisin. Ba é chéad chathair na Cipire é ar feadh breis agus 700 bliain faoi réim na Róimhe. Deirtear gur éirigh Afraidíte, bandia grá agus áilleachta na Gréige, ó na tonnta agus gur thit sí ar an gcladach anseo. Agus níl amhras ar bith ann go dtaitneoidh a áilleacht starrach go mór leat.

Más saoire trá atá uait, caithfidh tú cuairt a thabhairt ar chuan Coral mar go bhfuil cáil air de bharr go bhfuil ceann de na tránna gainmheacha is áille ar an oileán ann, agus lena uisce glan glinniúil, is cinnte go bhfuil snámh sábháilte ar fáil ann. Tá Petra tou Romiou (Carraig Afraidíte) ar chósta deisceartach an oileáin ar thrá álainn eile. Is anseo a deirtear go dtáinig Afraidíte amach ón bhfarraige. Tógadh caisleán Paphos mar dhuan Biosántach ar dtús chun an cuan cáiliúil pictiúrtha a chosaint. D’atóg muintir Lusignan é sa 13ú haois agus bhain na Veinéisigh as a chéile é i 1570 mar nach raibh siad in ann é a chosaint. D’athchóirigh agus neartaigh na hOtamánaigh é i ndiaidh dóibh smacht a fháil ar an oileán agus séadchomhartha ársa é go dtí an lá atá inniu ann.

Is féidir le naonúr fanacht in Erin Villa go compordach, agus ó £650 (€790) in aghaidh na seachtaine a chosnaíonn sé. Má théann naonúr, níl ach £72 (€88) in aghaidh na seachtaine air — cuir eitilt shaor leis sin agus tá neart sábháilte agat! Anois ná déan dearmad air. www.rentmycyprusvilla.com

SUIRBHÉ AR LÍNE

Cé chomh minic is a úsáideann tú an Ghaeilge?





Torthaí

Twitter

 
Foinse Mianadóirí sáinnithe sa tSín - http://t.co/QBtr0fLk - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago
 
Foinse Bean cúisithe as dúnmharú a fear céile - http://t.co/47qXii1g - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago