5 Imeachtaí don tseachtain seo: 15 Meitheamh - 21 Meitheamh

Priontáil

1 Maureen O Hara Classic Film Festival
Corcaigh, 17-26 Meitheamh
Seo ceiliúradh ar an aisteoir clúiteach Maureen O’Hara(sa phictiúir). Beidh Maureen í féin i láthair do roinnt de na himeachtaí.
Tuilleadh eolais: www.maureenoharafoundation.com./mohcff.

2 Galway Sessions 2011
Suíomhanna ar fud na Gaillimhe,12-19 Meitheamh
Tá meascán de cheol traidisiúnta, idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil le cloisteáil ag an ócáid seo. Beidh ceoltóirí mar Mary Shannon, John Spillane, Dervish agus neart eile ag seinm ag áiteanna éagsúla ar fud chathair na Gaillimhe.
Tuilleadh eolais: www.galwaysessions.com.

3 Craobh an Domhain: Street Performance
Baile Átha Cliath, 16-19 Meitheamh
Tá 16 dhuine de na healaíontóirí sráide is fearr in Éirinn an mhí seo don chraobh dhomhanda. Bhí siad i bPort Laoise agus i gCorcaigh roimhe seo ach tá siad lena mbealach a dhéanamh anuas chuig Cearnóg Mhuirfean Thoir i mBaile Átha Cliath ón 16-19 Meitheamh. Is féile saor in aisce é: www.spwc.ie.

4 Fleadh Cheoil an Dúin 2011
Co an Dúin, 18-27 Meitheamh
Is iad Rinn Mhic Giolla Rua CCE, an brainse áitiúil de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i gCo an Dúin a bheas ag cur na féile seo ar siúl. Beidh neart imeachtaí ar siúl ann: comórtais, ceardlanna, ceolchoirmeacha, seisiúin, damhsa agus a lán eile.
Tuilleadh eolais: warrenpointcce.com.

5 An Bia áitiúil is fearr le Nevin Maguire
Co Cheatharlach, 15 Meitheamh
Beidh an cócaire Nevin Maguire (sa phictiúr) ag tabhairt taispeántas cócaireachta, ag baint úsáide as bia áitiúil as Co Cheatharlach. Rachaidh an t-airgead a dhéanfar i dtreo Ionad Pobail Bhalana agus Ionad cúram lae na Tulaí.
Eolas: 353 59 9159939