Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 04 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Na cinn scríbe is fearr

Na cinn scríbe is fearr

Ríomhphost Priontáil PDF

 

Déanaim iarracht i gcónaí féachaint chun tosaigh ar na háiteanna a mbeidh taistealaithe ag dul agus spléachadh a thabhairt ar leabhair na ngníomhairí taistil le féachaint céard iad na háiteanna is mó a bhfuil tóir orthu. Labhair mé le hoibreoir turais cianaistir Virgin Holidays agus chuir mé an cheist, cé na háiteanna a bhfuil tóir orthu agus cé na háiteanna nach bhfuil. Seo an liosta ó na saineolaithe.

Orlando
Ó mo thaithí féin, is é an t-aon fhadhb atá le laethanta saoire in Orlando ná dóthain ama bheith agat gach rud a fheiceáil. Is breá le galfairí dul chuig an réigiún agus tá ocht mórmheal siopadóireachta ann ina bhfuil gach rud ó shiopadóireacht dearthóra go bia blasta idirnáisiúnta le fáil. Ach mholfainn duit, má tá tú tar éis dul chomh fada sin, bualadh síos chuig Tampa agus cuairt a thabhairt ar Busch Gardens.

Seacht n-oíche in Orlando
Tosaíonn seacht n-oíche in Orlando le Virgin Holidays, lena n-áirítear eitiltí sceidealaithe le Virgin Atlantic ó London Gatwick nó Manchain díreach chuig Orlando, cóiríocht ag 4V + Loews Royal Pacific Resort Universal Orlando ar bhonn seomra amháin le haistrithe ag timpeall £1,175 nó an chóimhéid in Euro. Tá praghsanna bunaithe ar bheirt daoine fásta ag taisteal agus ag roinnt gnáthsheomra, áirítear sa phraghas gach cáin infheidhme agus formhuirir bhreosla atá faoi réir athraithe.

Barbadós
Is áit í seo a raibh mé ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi riamh, agus tá a fhios agam go bhfuil teach ag roinnt daoine cáiliúla ann. Mura bhfuil tú in acmhainn cónaí ann, b’fhéidir go ligfeá do Virgin deis a thabhairt duit triail a bhaint as sula gceannaíonn tú.
Tá Barbadós ar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan le do scíth a ligean agus beidh tú in ann roinnt ama a chaitheamh ag ‘wining’ (ní ag ól – damhsa dúchasach atá ann).
Tá síocháin agus suaimhneas le fáil ar an gcósta thiar do theaghlaigh.

Nua-Eabhrac
Is beag duine Éireannach nár chuala trácht ar an áit seo, is beagnach gur linn uile é. Tá Cathair Nua-Eabhrac lán le híomhánna íocónacha, comharsanachtaí eicléictiúla agus spiorad pobail.

Trí oíche i Nua-Eabhrac
Tosaíonn trí oíche i Nua-Eabhrac le Virgin Holidays, lena n-áirítear eitiltí sceidealaithe le Virgin Atlantic ó London Heathrow díreach chuig Nua-Eabhrac, cóiríocht ag an 4V W New York ar bhonn seomra amháin le haistrithe ag timpeall £979 nó an chóimhéid in Euro. Tá praghsanna bunaithe ar bheirt daoine fásta ag taisteal agus ag roinnt gnáthsheomra, áirítear sa phraghas gach cáin infheidhme agus formhuirir bhreosla atá faoi réir athraithe.
 
St. Lucia
Tá roinnt de na radhairc shléibhe is áille sa Charaib ar fáil ar oileán bolcánach St Lucia atá clúdaithe i bhfásra úr.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar óstán Sandals ar an gcósta thiarthuaidh, agus ba chóir duit roinnt turas a thógáil timpeall an oileáin chun sásamh a bhaint as a ilchineálacht.

Seacht n-oíche in St. Lucia
Tosaíonn seacht n-oíche in St. Lucia, lena n-áirítear eitiltí sceidealaithe le Virgin Atlantic ó London Gatwick díreach chuig St. Lucia, cóiríocht ag an 3V St. Lucian by Res Resorts ar bhonn seomra amháin le haistrithe ag timpeall £1,295 nó an chóimhéid in Euro.

Suirbhé

An aontaíonn tú leis an méid atá ar bun ag Seirbhís Príosún na hÉireann agus iad ag laghdú na n-íocaíochtaí laethúla le príosúnaigh chun costais a laghdú?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Fiaclóir ciontaithe as ionsaí gnéasach a dhéanamh ar a bhanaltra - http://t.co/aup51o3B - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 2 hours ago
 
Foinse Bail chriticiúil ar fhear a aimsíodh ar thaobh an bhóthair agus é s - http://t.co/ORDMQt8x - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 3 hours ago