Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 25 Lúnasa 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Beatha iontach, spraoi agus oiliúint den chéad scoth

Beatha iontach, spraoi agus oiliúint den chéad scoth

Ríomhphost Priontáil PDF

 

Tá Ballymaloe House suite in eastát 400 acra, agus níl sé ach 20 míle ó chathair stairiúil Chorcaí agus cúla nóiméad ó chósta fíorálainn an deiscirt. Tá muintir Ballymaloe House an-bhródúil as an bhfáilte fhial a chuirtear ar fáil sa teach álainn stairiúil atá deartha go galánta. Cuireann seomraí leapa den scoth agus beatha a bhfuil gradam bainte amach lena haghaidh lena bhfuil ar fáil i gceann de na lóistíní is deise in Éirinn, a dhéanann ceiliúradh ar scoth na dtáirgí áitiúla séasúracha. Agus ní raibh ansin ach mo lóistín!

Forfhocal é Ballymaloe do ghalántacht gan deireadh agus pléisiúr glémhaiseach na atá thart. Má fhanann tú in Ballymaloe House ná bí ag lorg cianrialtán teilifíse i do sheomra mar is í an fhuinneog do theilifíseán agus is í tuath álainn Chontae Chorcaí do rogha cainéal. Má tá an t-ádh leat fanacht ansin, cuimhnigh ar na gníomhaíochtaí breátha seo.

Siúlóid réidh ar fud na ngairdíní áille; tae tráthnóna cois linne nó cois tine; cróice ar an bhfaiche le gloine seaimpéin; dinnéar breá cúig chúrsa agus ceol traidisiúnta sa pharlús le gloine branda mar chríoch, agus ansin an leaba.

Is cuma má tá tú ann don deireadh seachtaine nó ar shaoire níos faide le do chlann, do chomhdháil nó d'imeacht speisialta, tabharfaidh Ballymaloe aire duit ar nós gur "duine díobh féin" thú.

D'fhan mise sa seomra bán, atá deartha go hálainn le troscán stairiúil agus seomra folctha den scoth ann (en suite). Ní raibh aon teilifíseán ann ar ndóigh ach bhí córas raidió agus BOSE CD a bhí thar cionn ann. Bhí gach a theastódh i mo sheomra, agus galántacht shimplí agus umhal.

Cuireadh críoch le m'oíche in Ballymaloe House le dinnéar mórthaibhseach sa seomra bia álainn. De ghnáth bíonn cúig chúrsa ar bhiachlár dinnéir Ballymaloe. Bíonn rogha shéasúrach d'anraith, torthaí úra nó sailéad gairdín ann mar thús. Ansin bíonn rogha ann don dara cúrsa de pâté baile, iasc úr, pasta, bruschetta, srl., agus de ghnáth bíonn sé rogha ann don phríomhchúrsa, iasc, éanlaith, feoil agus bia feoilséantóra.

Bhí sé d'ádh ormsa an bheatha bhlasta seo a leanas a bheith agam:

Anraith Oinniúin & Tíme

Pâté de Champagne le Remoulade Soiliriac

Anglait Bhaile Choitín Scallta le Muiríní, Anlann Hollandaise

& Cúcamar Faoi Im

Champ Scailliúin & Beacáin à la Crème

Cáiseanna Feirme Éireannacha

Biabhógach

Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an bia thar barr, agus ba mhór an pléisiúr é beatha cruthaitheach cócaire eile a ithe, agus gloine bhlasta fíon a bheith agam leis.

Shocraigh mé nár cheart dom fanacht i mo shuí go deireanach mar go raibh mé ag ullmhú don chéad lá eile nuair a bheinn ag foghlaim ceird na cócaireachta ó Rachel Allen í féin i scoil chócaireachta Ballymaloe.

Tá Ballymaloe lonnaithe i lár feirm orgánach 100 acra, nach bhfuil i gceist le haon scoil chócaireachta eile ar domhan go bhfios dom. Úsáidtear deich n-acra den fheirm do ghairdíní margaidh orgánacha, d'úlloird agus do thithe gloine.

Ciallaíonn sé sin gur féidir le scoláirí cosúil liomsa foghlaim le cócaireacht ag úsáid na gcomhábhar is breátha agus is úire. Ní gá aghaidh a thabhairt ar na siopaí chun a bhfuil ag teastáil a fháil, ní gá ach do lámh a chur amach an fhuinneog agus pé rud a theastaíonn a phiocadh tú féin.

Chaith mé mo chéad tráthnóna mar Gordon Ramsey nua na hÉireann, ag baint súp as taispeántas ó Rachel agus óna foireann iontach leantóirí Sorcha, Emer agus Annette.

Is cinnte gur máthair thar a bheith gnóthach í Rachel, agus údar rathúil ar fud na cruinne agus cócaire den scoth. Tógadh i mBaile Átha Cliath é agus d'fhág sí an baile ag 18 mbliana d'aois chun dul i mbun staidéir i scoil chócaireachta Ballymaloe. I ndiaidh di críochnú ansin d'oibrigh sí sna cistineacha in Ballymaloe House agus ansin d'fhill sí ar an obair sa scoil chócaireachta. Tháinig sí ar a gairm teagaisc ansin agus is ann atá sí go dtí an lá atá inniu ann.

Tá sí an-dathúil agus ní haon strainséir í Rachel do lucht féachana teilifíse, ach ní bhaineann sé lena dathúlacht amháin. Baineann sé leis an gcaoi a gcuireann sí í féin agus an chócaireacht i láthair, a saineolas agus a cumas gach rud a dhéanamh éasca agus blasta.

Le blianta anuas tá an-aithne ar Rachel i saol an bhia, braithim féin gurb í 'Nigella' na hÉireann í de bharr a leabhar cócaireachta rathúil, a clár teilifíse agus a cuid scríbhneoireachta faoi bhia.

Foilsíodh an chéad leabhar le Rachel, Rachel's Favourite Food, in 2004 i dteannta sraith teilifíse den ainm céanna. Le blianta beaga anuas tá seacht leabhar eile scríofa aici, lena n-áirítear Bake, Home Cooking agus an ceann is nuaí Easy Meals, a bhfuil sraith teilifíse ag dul le gach ceann acu. Tá an oiread sin tóra ar a leabhair go bhfuil breis agus 1 mhilliún leabhar díolta aici ar fud an domhain.

Craoladh a sraitheanna teilifíse do RTÉ agus don BBC go hidirnáisiúnta i 27 tír dhifriúil agus ba chomhláithreoir Market Kitchen (Good Food Channel) í freisin. Bíonn sí le feiceáil go minic ar Saturday Kitchen (BBC) le James Martin a bhfuil an-tóir air freisin.

meon iontach ag Rachel sa chistin oiliúna agus cuireann sí na scoláirí ar a sáimhín só láithreach agus insíonn sí do gach duine breathnú ar an gcaoi a ndéanann sise é, an bheatha a ithe agus ansin réiteach leis an mbeatha a dhéanamh an lá dár gcionn.

Agus sin mar a bhíonn sé.

Cuimhníonn gach duine fíorghairmiúil, cuma cén réimse den saol atá i gceist, ar ainmneacha daoine i gcónaí agus ní haon eisceacht í Rachel. Cheapfá gur draíocht é agus í ag glaoch an ainm chirt orainn ar fad láithreach agus ag lorg ár dtuairimí faoin gcaoi leis seo nó siúd a dhéanamh, agus bhí fíorchumarsáid idir í féin agus a 'hoiliúnaithe', seachas í a bheith ag léachtóireacht.

Bhí an bia a réitigh Rachel iontach blasta agus caithfear moladh a thabhairt freisin do na mná a chabhraíonn le Rachel le linn an chuir i láthair agus 'san amharclann'. Bíonn siad réitithe le haghaidh gach rud a dhéanann Rachel agus go minic leag siad pé uirlis nó bia a theastaigh uaithi ina láimh sular chuimhnigh sí féin air.

Bhí mo chéad mhias iontach blasta: chorizo spíosrach, anraith sicphiseánaigh agus trátaí le spionáiste agus le briogadh beag thriail mé an sushi úr freisin.

Cuimhnigh go gcaitheann fíorchócaire sushi seacht mbliana i mbun oiliúna – sílim gur éirigh maith go leor liom le cúpla uair an chloig ullmhúcháin agus an gcreidfeá gur éirigh liom nattou-maki agus sake sushi a dhéanamh.

Daoibhse nach labhraíonn Seapáinis sin rollóga tuinnín agus feamainne agus sushi bradáin, le sinséar bándearg picilte agus wasabi fíochmhar.

Is aoibhinn a bheith ag an scoil chócaireachta in Ballymaloe, má theastaíonn uait dhá lá a chaitheamh as baile, ag foghlaim fút féin nó ag glacadh scíthe fad is atá tú i mbun obair chrua atá an-spraíúil, ba cheart duit dul go Ballymaloe House.

Tá an bheatha iontach, tá neart spraoi ann, tá an áit féin go hálainn, tá an oiliúint thar cionn agus ní dhéanfaidh tú dearmad go brách air.

Tosaíonn seomra ag Ballymaloe House ag an bpraghas íseal de €110 in aghaidh na hoíche agus tá €70 an duine ar an dinnéar cúig chúrsa. Feic http://www.ballymaloe.ie.

Tá scoil chócaireachta Ballymaloe trí mhíle ón teach agus tosaíonn cúrsaí ag €115. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar http://www.cookingisfun.ie.

Teastóidh scian mhaith agus naprún ó na scoláirí, ach ná bí buartha – rinne mise dearmad ar mo chuidse ach tá siad ar fáil sa siopa iontach agus ilréimseach.

Suirbhé

An bhfuil ceannas ag Giovanni Trapattoni ar fhoireann sacair na hÉireann go fóill?





Torthaí

Twitter

 
Foinse Gardaí sa tóir ar phríosúnach a d'éalaigh uathu i Luimneach - http://t.co/Zs2Woc5J - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Dé hAoine, 24 Lúnasa 2012 20:35
 
Foinse Córas nua le cur i bhfeidhm maidir le huimhirphlátaí in 2013 - http://t.co/V5f4Q8mE - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Dé hAoine, 24 Lúnasa 2012 19:50