Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Luain 06 Lúnasa 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Bíodh lá iontach gníomhaíochta agat le do dhaid

Bíodh lá iontach gníomhaíochta agat le do dhaid

Ríomhphost Priontáil PDF
Is é seo an tráth bliana a ndéantar aithreacha na hÉireann a mhilleadh agus a chomóradh. Má tá sé deacair bronntanas iontach a roghnú do Lá na nAithreacha, tá réiteach na faidhbe againne.
Breathnaigh ar www.discoverireland.ie/fathersday chun bronntanas spraíúil, difriúil agus samhlaíoch a fháil nach ndéanfaidh do dhaid dearmad go brách air. Seo cúpla smaoineamh a rachaidh i bhfeidhm go mór air cinnte an 17 Meitheamh.

Téigh in Airde na Spéire

B'fhéidir nár éirigh le do Dhaid dul amach ar an bpáirc féin i bPáirc an Chrócaigh, ach tabharfaidh Skyline nua Pháirc an Chrócaigh a bhfuil an-chaint faoi cheana féin deis dó dul amach ann den chéad uair. Osclófar é an 1 Meitheamh, díreach in am do Lá na nAithreacha, agus beidh do Dhaid in ann dul in airde ar thuras an Skyline agus radhairc lánléargais a fheiceáil de Bhaile Átha Cliath ó cheann de na comharthaí talún is cáiliúla sa chathair. Tá stopanna ag cúig ardán féachana feadh shiúlóid dín Pháirc an Chrócaigh atá 0.6 km ar fad san áireamh sa turas.

 

An dtaitníonn iascaireacht leis?

Má thaitníonn, ba cheart é a thabhairt chuig an Southern County Fishing Resort. Tá an t-ionad iascaireachta agus páirc fiadhúlra is nuaí in Éirinn gar do Mhíseal i gContae Cheatharlach, i measc bhunchnoic Stua Laighean. Suíomh 45 acra álainn atá ann ina bhfuil radhairc dochreidte álainn. Is cuma más saineolaí iascaireachta é nó foghlaimeoir, seo an áit fhoirfe do Dhaid chun na scileanna a fhoghlaim agus a fheabhsú, ar thrí loch ag a dteastaíonn leibhéil dhifriúla saineolas iascaireachta.  Féadfaidh sé tabhairt faoi fhlaidireacht, faoi iascaireacht breac nó faoi iascaireacht baoite. Agus chun lá iontach a dhéanamh de don teaghlach ar fad tá turas traenach, feirm peataí, áras caife agus neart eile ann.

 

Téigh ag Zorbáil san Iarthar

Cuir do Dhaid ag faoileáil Lá na nAithreacha trí dhul ag Zorbáil leis. Spórt eachtraíochta é seo ina dtéitear síos cnoc i liathróid inséidte.  Tháinig an Zorb chun cinn sa Nua-Shéalainn ar dtús i lár na 1990aidí agus thug Adventure West go hÉirinn é. Geallann siad an fuadar aidréanailín is fearr riamh i dtailte Westport House. Má tá an-fhonn ar d'athair tabhairt faoi dhúshláin éagsúla, d'fhéadfadh sé dul ag rópadóireacht anuas, ag zipwiring agus ag coasteering – fad is a bhaineann an chuid eile den teaghlach súp as na gairdíní áille agus as Páirc Eachtraíochta na bhFoghlaithe Mara. Agus má tá sé fós in ann dó i ndiaidh na heachtraíochta, féadfaidh sé fanacht in Westport House chun páirt a ghlacadh i dTóraíocht Taisce Lá na nAithreacha.

 

Reibheáil an carr in Mondello

Féadfaidh d'athair súp a bhaint as carranna den scoth ag an Mondello Park 'Classic Car Live' a bheidh ar siúl Lá na nAithreacha (17 Meitheamh). Beidh díograiseoirí na gcarranna seanré ar dhroim na muice le níos mó ná míle carr agus gluaisrothar clasaiceach ar taispeántas. Beidh taispeántais carranna, seastáin trádála agus gníomhaíocht bheo ar sheisiúin rianta ardluais agus rásaíocht carranna stairiúla agus seanré ar siúl le linn an imeachta.

 

Nó má tá bronntanas iontach uait, d'fhéadfá turas a eagrú dó i gcarr spóirt seanré. Lonnaithe in Áth Dara, Contae Luimnigh, is é Heritage Sports Cars an t-aon chuideachta in Éirinn a thugann carranna clasaiceacha ar cíos. Cuirtear turais iontacha bóthair ar fáil i gcarranna ar nós an Jaguar E-Type, Triumph TR6, MGB Roadster, Porsche 911, MG TF nó fiú Ferrari.

 

Cuir chuig an gcistin é!

An bhfuil cúnamh ó do Dhaid sa chistin? D'fhéadfá saoire cócaireachta a fháil dó i gceann de na scoileanna cócaireachta in Éirinn. Tá neart pacáistí speisialta ar fáil do Lá na nAithreacha ar fáil don deireadh seachtaine nó cúrsaí lae agus leathlae. Tá Cooks Academy i mBaile Átha Cliath ag tairiscint ceardlanna "Cooking with your Dad", lá cócaireachta do Dhaid agus a Mhac nó do Dhaid agus a Iníon.

 

Féadfaidh tú lá teaghlaigh a dhéanamh de agus é a thabhairt chuig Gairdíní Uíbh Eachach le haghaidh Taste of Dublin ón 14-17 Meitheamh,  agus ceiliúradh a dhéanamh ar scoth an bhia áitiúil agus idirnáisiúnta, agus noda iontacha a fháil ó chócairí a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain, lena n-áirítear Jamie Oliver.

 

Tabhair scíth dó i Spá

Sa tSean-Róimh, ba iad na folcadáin agus na spánna an áit a dtéadh na fir chun dul i mbun comhráite lena gcomrádaithe agus chun tabhairt faoi chúrsaí gnó. Beidh áthas ar fhir a chloisteáil go bhfuil an spá fillte agus níl bealach níos fearr le do scíth a ligean deireadh seachtaine Lá na nAithreacha ná i gceann de na spánna is fearr in Éirinn. Ní gá go Dhaid a bheith metro-sexual chun sult a bhaint as an tairbhe a bhaineann le cóireáil éadain scafa do chraiceann lonrach, nó as an tairbhe theiripeach a bhíonn ag suathaireacht fíocháin dhomhain. Tá go leor pacáistí spá d'fhir ar fáil, ó phacáistí do ghalfairí go suathaireachtaí speisialta.  Is féidir saoire spá a chur le saoire gailf nó eachtraíochta go héasca, agus féadfaidh tú a bheith cinnte go mbainfidh do Dhaid an-sult go deo as an mbronntanas seo!

 

Isteach linn ar an mbád!  

Is breá le gach fear beagnach báid agus aon cheo a bhaineann le cúrsaí bádóireachta. Beidh dhá imeacht mhóra idirnáisiúnta bádóireachta in Éirinn an samhradh seo, mar sin cuimhnigh ar do Dhaid mar mhairnéalach agus cuir saoire in áirithe dó chun dul chuig ceann de na mórimeachtaí spleodracha seo. Beidh Féile Chríoch Mhór Rás Aigéin Volvo ar siúl i gCathair na Gaillimhe ón 30 Meitheamh go dtí an 8 Iúil. Tiocfaidh na mílte cuairteoir as gach cearn den domhan go Cathair na dTreibheanna chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mara, spóirt, cultúir agus ealaíon, siamsaíochta agus bia .

Tá níos mó smaointe agus saoirí iontacha don teaghlach ar fáil ag www.discoverireland.ie/fathersday

Suirbhé

An mbeidh d’éadaí deasa á dtabhairt amach agat le dul chuig rásaí na Gaillimhe an samhradh seo?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Ambasadóir na Sualainne curtha as an mBealarúis - http://t.co/wpyS8qXa - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Dé hAoine, 03 Lúnasa 2012 18:14